Seachain an bhean ar líne

Sileann Facebook fírinne – i ngan fhios duit féin

Sé bliana déag d’aois a bhíos faoin am gur iarradh orm dul amach ar choinne le buachaill den chéad uair. 1996 a bhí ann agus “T” an t-ainm a bhí air.

Bhí I Get Knocked Down, But I Get Up Again de chuid Chumbawamba le cloisteáil i gclub oíche Peg Woffingtons ar Shráid Chill Dara nuair a bhuail mé leis. Amhrán an-oiriúnach ar fad a bhí ann.

Rinne mé socrú bualadh leis taobh amuigh den phictiúrlann i dTamhlacht leis an scannán The Nutty Professor a fheiceáil i rith na seachtaine ina dhiaidh sin.

Níor tháinig sé.

READ MORE

Riamh.

Bhíos croíbhriste agus chuaigh mé abhaile ón gCearnóg ar an 65B ag éisteacht le Morrissey.

Dá dtarlódh a leithéid de rud anois, gheobhadh T téacs gonta maslach cliste uaim.

Dhéanfainn fiosrúchán ar líne agus bheadh a fhios agam cé go díreach a bhí ann. Choimeádfainn súil air. Ar LinkedIn. Ar Facebook. Ar Twitter.

Cad chuige, níl a fhios agam. Ach ar a laghad, sásamh éigin a bheadh ann domsa.

Rinne mé cúrsa iontach in RTÉ le gairid faoi na féidearthachtaí a bhaineann le gutháin chliste ó thaobh na nuachta de. Go teoiriciúil, is féidir guthán a úsáid mar cheamara HD, mar chóras eagarthóireachta agus mar veain satailíte. Dochreidte!

“Nárbh fhearr i bhfad daoibh an fón a úsáid le haghaidh rud cruthaitheach fiúntach ná é a úsáid chun Angry Birds a imirt?” a dúirt an té a bhí i mbun an chúrsa.

“B’fhearr,” a dúirt mise liom féin, “ach ní thuigim an trácht seo ar Angry Birds. Is ar chibearstalcaireacht a bhíonn formhór na mban a bhfuil aithne agamsa orthu ag díriú.”

Is fadhb an-choitianta i measc na mban é seo. Nílim i m’aonar.

Tá scéalta náireacha ag mo chuid cairde uilig faoi na botúin atá déanta acu agus iad i mbun cibearstalcaireachta – botúin a d’fhág cruthúnas go raibh siad ann.

An ceann is coitianta, ar ndóigh, ná iarratas ar chairdeas a sheoladh ar Facebook de thaisme.

Tá sé seo déanta ag gach duine. Chuaigh cara de mo chuid ar chúpla dáta le fear. Mar is iondúil, chuaigh sí i mbun cibearstalcaireachta air láithreach.

Bhí go leor íomhánna den bhfear agus d’iarchailín s’aige ar Facebook agus níorbh fhada go raibh mo chara ag breathnú ar phróifíl an iarchailín agus í ag scrúdú an chomórtais.

An lá dár gcionn, fuair sí téacs feargach ón bhfear ag rá, “an bhfuil aon mhíniú réasúnta gur féidir leat a chur ar fáil faoin bhfáth a bhfuil tú ag iarraidh a bheith mar chara de chuid m’iarchailín?”

Bhí an t-iarratas de thaisme déanta aici agus bhí deireadh leis an gcaidreamh sin.

Chuaigh cara eile de mo chuid isteach ina ball de LinkedIn agus bhreathnaigh sí ar gach cailín a raibh aithne ag a hiarfhear uirthi.

Is léir nár thuig sí an mhórdhifríocht idir LinkedIn agus Facebook agus baineadh siar aisteach aisti nuair a chonaic sí gach uile chailín ag breathnú díreach ar ais uirthise.

An ceann is measa atá cliste agam, áfach, ná an nuashonrú stádais ar Facebook. Is ceann é seo nach féidir a shéanadh. Is ceann é a nochtann é féin mar chibearstalcaireacht láithreach.

Ní fiú leithscéal a thabhairt. Bheadh sé chomh maith agat seasamh ar Halla na Saoirse agus a screadaíl os ard, “nach mór an díol trua atá ionamsa?”

Bhí bean a bhfuil aithne agam uirthi ag siúl amach le fear ar feadh trí mhí. Bhí sí splanctha ina dhiaidh.

Tabharaimis “Séamus” air. Chuir Séamus deireadh leis an gcaidreamh agus theastaigh ó mo chara tabhairt le fios gur chuma léi. Bhí siad fós ina gcairde ar Facebook. Agus go leor, leor cairde comónta eatarthu.

Lá amháin agus í i mbun stalcaireachta, scríobh sí ainm Shéamuis in Facebook. Ach ansin, fuair sí glaoch agus rinne sí glan dearmad ar an gcuardach a bhí déanta aici.

Bhreathnaigh sí ar a fón 40 nóiméad níos deireanaí agus thosaigh gach rud a stróiceadh as a chéile.

Shíl sí go mbeadh uirthi glaoch a chur ar otharcharr agus an scaoll a bhí uirthi.

Bhí sí tar éis ainm Shéamuis a scríobh ina stádas seachas é a scríobh sa bharra cuardaigh.

Thaitin sé sin le cúpla duine; bhrúigh siad an cnaipe sin ag léiriú go raibh siad sásta leis. Agus d’fhág Séamus é féin teachtaireacht dheas phoiblí di: “??....”

Ar chóir do mhná éirí as an gcleachtas sin? Ní dóigh liom é.

Déarfainn féin go raibh míniú éabhlóideach ag baint leis. Is daoine déanfasacha agus fiosracha muid. Ach caithfimid a bheith níos cúramaí gan ár rianta a fhágáil sna háiteanna go rabhamar. Agus, in amanna, bíonn torthaí maithe ar an “taighde” sin uilig.

Measaim go bhfuil T aimsithe agam ar Go Leor Iasc. Táim tar éis fanacht le 17 bliain anuas. Más mall is mithid…

Is iriseoir de chuid RTÉ í Caoimhe Ní Laighin