Saoirse, seicteachas agus scoilt

Tá teorainneacha á lúbadh faoi thoradh reifreann na hAlban


Bhí díomá ar náisiúnaithe in Éirinn agus ríméad ar aontachtaithe, lucht tacaíochta na Ríochta Aontaithe. Sin mar a cheapfá a bheadh tar éis diúltú mhuintir na hAlban don neamhspleáchas. Ach chuir freagra phríomhaire na Breataine Cameron don toradh cor nua sa scéal.

Bhí comhdhéanamh na Ríochta Aontaithe slán, gan athrú i ndiaidh an reifrinn ach anois tá a comhtháthú idir dhá cheann na meá. Éiginnteacht agus imní ba mhó a bhí le braithstint i dTuaisceart Éireann, aontachtaithe ag caint ar mhí-ord agus anord (“chaos”), Sinn Féin ag éileamh vóta faoin Teorainn.

Más é dlí na n-iarmhairtí neamhbheartaithe é nó plean Machiavellach chun na Tóraithe a neartú ar chostas an Lucht Oibre bhí tionchar thairis sin ag fógra David Cameron go ndéanfaí leasuithe ar rialú na ríochta ar fad. Cé gur theip orthu sa reifreann strac feachtas “Tá” geallúintí ón mbunaíocht i Westminster a chothaigh fadhbanna do Cameron ina pháirtí féin agus le UKIP.

Dá dheasca sin, is ar éigean a bhí an toradh dearbhaithe in Albain nuair a d’fhógair an príomhaire go gcaithfí Sasana agus na réigiúin dhíláraithe eile a chur san áireamh sna leasuithe a dhéanfaí de bharr na ngeallúintí d’Albain.

READ MORE

Is iad na geallúintí sin seachas caithréim lucht Níl a bhí ag dó na geirbe ag polaiteoirí an Tuaiscirt, na haontachtaithe go háirithe. Níor dhúirt na páirtithe é go poiblí ach mheas a lán acu gur ghéill Cameron, Clegg agus Milliband gach a raibh ó Alex Salmond, nach mór, cés moite den stádas neamhspleách oifigiúil.

B’fhacthas dóibh gur easpa eagair agus neamhshuim Londan faoi ndear an sceoin a thug ar na ceannairí na barántais a thabhairt ag an nóiméad deiridh, faoi threoir Gordon Brown.

Cháin iarcheannaire an UUP, an Tiarna Reg Empey, iad go neamhbhalbh. Bhí na geallúintí meargánta a dúirt sé ar chlár raidió. Bhí sé níos déine fós ar Cameron, cé gur minic a thacaíonn sé leis na Tóraithe i dTeach na dTiarnaí. Chothódh plean Cameron chun plé agus vótáil faoi cheisteanna Sasanacha a cheilt ar fheisirí as Albain, Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Bheag “anord scanrúil” dar leis. Bheadh an Ríocht Aontaithe nach mór dorialaithe faoin gcóras sin, ar sé.

Anuas ar an éiginnteacht faoi inmharthanacht na Ríochta Aontaithe sa gcóras sin bhí aontachtaithe feargach faoi cheist bhunreachtúil Thuaisceart Éireann a bheith faoi chaibidil arís.

Ar láimh amháin bhíodar meáite go mbeadh móramh i bhfábhar an status quo, in aghaidh Éireann aontaithe dá mbeadh reifreann faoin Teorainn ann. Ar an láimh eile mhaígh siad go gcothódh reifreann guagacht agus seicteachas. Ba léir go raibh meon an léigir forleathan fós.

Ní nach ionadh bhí Sinn Féin ag iarraidh a theacht i dtír ar na himeachtaí seo ach níor léir go raibh straitéis oibrithe amach acu. D’éiligh siad reifreann faoin Teorainn cé nach raibh fianaise ar bith ann go bhfaighidís an toradh a bhí uathu.

Mar sheift ghearrthéarmach bhainfeadh a n-éileamh cor coise as na páirtithe náisiúnacha eile ar an oileán, shuaimhneodh sé cuid dá lucht leanúna agus thabharfadh sé am dóibh chun plean a chur le chéile.

Dúirt Martin McGuinness gur theastaigh ó Shinn Féin go ndílárófaí breis cumhachta do Thuaisceart Éireann mar a gealladh d’Albain. Ba é freagra a chomhbhádóra, Peter Robinson, gur sheafóid é a bheith ag iarraidh breis cumhachta nuair nach rabhthas in ann an chumhacht a bhí acu a láimhseáil.

Mór an spórt do chartúnaithe a bheith ag tabhairt a mbreithiúnais ar Shinn Féin ag iarraidh cumhacht bhreise sa Ríocht Aontaithe agus an DUP ag diúltú dó.

Drochsheans go dteastaíonn ó Shinn Féin go sásófaí a n-iarratas ar a thuilleadh cumhachta do Stormont. Ar éigean a mheallfadh sé sin daoine atá ina choinne chun tacú le hÉirinn aontaithe.

Tá Cameron agus an DUP ag suirí le chéile le tamall mar go mb’fhéidir go mbeadh sé ag brath orthu chun rialtas a chur le chéile an bhliain seo chugainn.

Cé acu is treise comhghuaillíocht nó féinleas?

Ní bheidh an DUP dall ar an scian a shá Cameron in Ed Milliband maidin Dé hAoine seo caite lena fhógra faoi vótaí na Sasanach do dhlithe na Sasanach – dhá scór d’fheisirí Lucht Oibre as an áireamh!

Dhá lá roimhe sin bhíodar ag obair i gcomhpháirt in Albain.

Níl an cluiche ach ina thús.