Murdair, éagóir agus an chroch

Scéal truacánta Gaeltachta


Ar Shráid na Siopaí i gcathair na Gaillimhe a casadh orm gan choinne an léiritheoir scannán agus teilifíse Ciarán Ó Cofaigh tráthnóna áirithe i mí Aibreáin 2015. Bhí comhrá beag againn. “Céard atá ar siúl agat na laethanta seo?” a d’fhiafraigh sé díom.

Dúirt mé leis go raibh mé díreach tar éis an dréacht do leabhar nua faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a sheoladh chuig na foilsitheoirí Cois Life agus labhair an bheirt againn faoin eachtra uafásach sin a tharla i gceantar iargúlta ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo sa mbliain 1882.

Dúirt mé leis gur mheas mé go raibh na ‘comhábhair’ ar fad sa scéal stairiúil sin a dhéanfadh leabhar maith – dúrún dúnmharuithe, dráma cúirte agus cleasaíocht pholaitiúil. “Tá gach rud ann chun scannán maith a dhéanamh freisin,” a dúirt Ó Cofaigh.

Chuir an comhrá gan choinne sin tús le tionscnamh a mbeidh a thoradh, an fadscannán faisnéise Murdair Mhám Trasna, le feiceáil ar TG4 ag 9.30 p.m. arú amárach.

READ MORE

Níl amhras ar bith ach gur chuir na dúnmharuithe barbartha sin inar maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe i ndorchadas na hoíche tús le ceann de na cásanna is measa riamh d’iomrall ceartais i stair an dlí agus an chirt.

Bhí fianaise bhréagach, brathadóireacht agus breabanna i gceist agus ba é críoch agus deireadh an fheillbheirt ná gur crochadh daoine san éagóir agus gur cuireadh príosúin saoil ar dhaoine neamhchiontacha eile.

D’fhág uafás na n-eachtraí scoilt mhór i measc phobal bocht tuaithe Dhúiche Sheoighe, ach bhain na heachtraí céanna macalla freisin as árais na cumhachta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus in Westminster nuair a fuarthas léargas éigin ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.

Ní fhéadfadh duine ar bith gur spéis leo cúrsaí teanga gan suntas a thabhairt do thoisí teanga an scéil. Rinneadh neamhshuim le linn an cháis de chearta na bhfear bocht gan oideachas as an nGaeltacht a raibh coir uafásach curtha ina leith ach nár thuig teanga na cumhachta agus na cúirte, Béarla na banríona Victoria a bhí sa ríchathaoir an uair sin.

Má tá aon ní le moladh faoi riail Shasana sa tír seo is é an cúram a rinneadar maidir le taifid oifigiúla chuimsitheacha a choinneáil. Is seoda don taighdeoir iad na taifid ar fad atá ar fáil sa Chartlann Náisiúnta faoi chás Mhám Trasna.

Bhainfí geit as duine in amanna agus é ag léamh na gcomhad sin agus ag smaoineamh ar na daoine daonna taobh thiar den taifead oifigiúil. Baineadh geit asam féin, mar shampla, nuair a tháinig mé ar an gcárta, atá caite anois le haois, a bhí sínithe de lámh aige féin ag duine de na príosúnaigh ina ndearna sé iarratas le bheith ina bhrathadóir agus fianaise a thabhairt in aghaidh na gcomharsan.

Agus baineadh siar arís asam nuair a tháinig mé an nóta giorraisc i bpeannaireacht an Iarla Spencer, fear ionaid na banríona, a dhamnaigh na fir le haon abairt mhíthrócaireach amháin: “The law must take its course.”

Tá cora agus castaí an uafáis ar fad a bhaineann le cás Mhám Trasna léirithe go paiteanta ag ROSG, comhlacht léirithe Chiaráin Uí Chofaigh, sa scannán nua seo atá bunaithe go hiomlán ar na fíricí atá ar fáil sna taifid stairiúla sin, i dtuairiscí nuachtáin an ama agus sna hathscríbhinní cúirte.

Dúshlán ar leith a bhí ann do Ó Cofaigh agus do stiúrthóir an fhadscannáin nua Colm Bairéad láithreacha oiriúnacha a aimsiú don taifeadadh. Ar ndóigh, níl fáil éasca anois ar chroch ar a gcuirfí triúr fear chun báis agus is mór idir cillíní príosúin an lae inniu agus na cúinsí ainnise inar chaith fir Mhám Trasna na blianta fada ar an anchaoi.

Scéal Gaeltachta é scéal mhurdair Mhám Trasna ach is scéal náisiúnta agus idirnáisiúnta é san am céanna. Léiríonn sé an chontúirt a bhaineann uaireanta leis an bhfonn millteanach a bhíonn ar lucht na cumhachta daoine a chiontú as coireanna uafáis agus an tslí go mbítear sásta an fhírinne agus an fhianaise a chur as a riocht chuige sin.

Agus ní leis an tír seo ná leis an stair amháin a bhaineann na scéalta seo. Tá borradh mór ar na saolta seo faoi chláir a bhaineann le hiomrall ceartais agus gan aon easpa scéalta ar fáil faoi chásanna inar ndearnadh éagóir ar dhaoine nó ina bhfuil amhras ann go ndearnadh a leithéid. Ar cheann de na sraitheanna is mó a raibh tóir uirthi sa seánra seo, bhí Making a Murderer ar Netflix, a d'inis scéal Steven Avery agus Brendan Dassey atá fós i bpríosún i Meiriceá as dúnmharú Teresa Halbach sa bhliain 2007.

“Making a Murderer na nGael” an cur síos a rinne Ciaran Ó Cofaigh ar an saothar a rinne a chomhlacht ROSG do TG4 faoi mhurdair Mhám Trasna.

Is é Seán Ó Cuirreáin údar an leabhair Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna. Beidh Murdair Mhám Trasna le feiceáil ar TG4 Dé Céadaoin ag 9.30 p.m.