Iriseoir na Bliana bronnta ar Alan Titley ag na gradaim chumarsáide

Gradaim do lucht cumarsáide na Gaeilge

Colúnaí leis an Irish Times, Alan Titley, a bhuaigh Iriseoir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge i nGaillimh Dé hAoine.

Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar an obair atá ar siúl in earnáil na cumarsáide Gaeilge trí aitheantas a thabhairt d’aisteoirí, iriseoirí, láithreoirí agus lucht déanta clár.

Bláthnaid Ní Chofaigh a bhuaigh duais ar son a cláir sheachtainiúil, Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta; ba é Rónán Mac Aodha Bhuí ó RnaG a bhuaigh Craoltóir Raidió na Bliana agus bhain Síle Nic Chonaonaigh an gradam do Chraoltóir Teilifíse na Bliana as a cuid oibre ar Dúiche ar TG4.

Thug Magamedia dhá ghradam leo as Sraith Teilifíse na Bliana, EIPIC, agus as Scannán/Clár Teilifíse na Bliana, Deoch an Dorais.

READ MORE

Thóg Meangadh Fíbín an gradam as Gearrscannán na Bliana le Snámh in aghaidh Easa. Bronnadh Aisteoir na Bliana ar Tara Breathnach as a cuid aisteoireachta i Máthair i Maidhm.

Dhá ghradam a bronnadh ar TG4 as láithreán gréasáin agus ba é stáisiún Bhaile na hAbhann a bhain Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais as a bheith 20 bliain ar an fhód.

An tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn a bhronn na gradaim. Dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, gur mhór an onóir go raibh an tUachtarán i láthair agus “TG4 ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód. Bhí ról lárnach ag an Uachtarán i mbunú an stáisiúin agus thug sé tacaíocht do na meáin Ghaeilge agus na healaíona i gcónaí.

“Tá na gradaim seo mar chuid lárnach d’fhéilire sóisialta na meán Gaeilge agus déanann siad ceiliúradh ar an tionscnamh sláintiúil mar a fheicimid inniu í”.