Ilteangachas le plé ar Ollscoil na Gaillimhe agus gradaim do TG4

Beidh léacht phoiblí agus seimineár lae faoin ilteangachas in Éirinn na linne seo ar siúl ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé hAoine agus Dé Sathairn an deireadh seachtaine seo.

Tá an dá imeacht mar chuid de chlár comórtha 1916 na hollscoile agus beidh na cainteanna ar fad, atá saor ó tháille, dírithe ar an ghnáthphobal.

Is i mBéarla a bheidh na cainteanna ach tabharfaidh na cainteoirí léargas ar theangacha éagsúla, ina measc an Pholainnis, an tSínis agus an Ghaeilge.

Is í an tOllamh Antonella Sorace, Ollscoil Dhún Éidinn, a thabharfaidh an chéad léacht Dé hAoine, ag 7pm in Aula Maxima an choláiste: “Why multilingualism matters: the view from linguistic and cognitive research.”

READ MORE

Is saineolaí ar an dátheangachas agus ar an ilteangachas í an tOllamh Sorace agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí ‘Bilingual Matters’, ionad eolais agus comhairleoireachta do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le dhá theanga.

Saineolaithe agus scoláirí ó Éirinn agus ó mhór-roinn na hEorpa a thabharfaidh cainteanna faoi ghnéithe éagsúla den ilteangachas Dé Sathairn idir 10am agus 4pm.

Beidh siadsan ag scrúdú sealbhú teangacha sa bhaile, páistí ilteangacha, cúrsaí oideachais agus nua-chainteoirí san Eoraip.

Beidh cainteanna ar leith ann a dhíreoidh ar an teiripe chainte agus urlabhraíochta i gcás na Gaeilge ach go háirithe.

Dúirt an Dochtúir Rióna Ní Fhrighil ón ollscoil gur deis a bhí sna cainteanna “do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine ar suim leo teangacha, tuilleadh eolais a fháil faoin ilteangachas féin agus faoin taighde atá ar siúl in Éirinn agus san Eoraip ar ghnéithe éagsúla den ábhar seo”. Eolas: 091-492585 Ór sa Klondike Ceithre ghradam de chuid an Irish Film and Television Awards (IFTA) a bhuaigh an tsraith drámaíochta, An Klondike, ar TG4. Bhí naoi n-ainmniúchán ar fad ag an tsraith.Bronnadh an Drama is Fearr; Aisteoir i bpríomhpháirt – Dara Devaney; Smidiú & Gruaig is Fearr – Ailbhe Fitzpatrick & Stephanie Smith agus Script Dráma le Marcus Fleming, ar An Klondike.

Abú Media a léirigh An Klondike agus fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Bhord Scannán na hÉireann, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.