Iarmhairt Uladh – ar scaoil nó ar dhaingnigh na toghcháin glas?

Ní tuar dóchais na coinníollacha nua do pholaitíocht Stormont


Toghcháin do chomhairlí áitiúla agus do Pharlaimint na hEorpa ab ea iad ach is ar na ciallachais do Stormont is mó atá aird. Ar scaoil nó ar dhaingnigh siad glas?

Bhí caint ar dhóchas agus dul chun cinn roimh lá na vótála ach ba bheag dá gcosúlacht a bhí ar an scéal inné. Bhí aontachtaithe ag maíomh go raibh sainordú acu chun seasamh lena leagan amach féin agus an port céanna ag Sinn Féin. Dúradh an tseachtain seo caite go dtiocfadh na ceannairí le chéile inné chun dlús a chur le hidirbheartaíocht faoi na cruacheisteanna gur theip ar phróiseas Haass iad a réiteach. Níor tháinig.

Tá athmhachnamh ar siúl ag an mbunaíocht i bhfianaise bhreith na vótóirí sa Phoblacht, sa Bhreatain, sa bhFrainc agus i dtíortha eile ar fud na hEorpa. I dTuaisceart Éireann, áfach, is cosúil gurb é a rogha féin de bhreithiúnas a chuala gach páirtí, na teachtaireachtaí ó vótóirí ag teacht salach ar a chéile.

Tá deireadh le Haass, a dúirt Arlene Foster ón DUP. Theastaigh uaithi béim a leagan ar an gconspóid faoi íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus diúltú Shinn Féin don déine i gcóras nua na Breataine. Is ar pharáidí agus bratacha ba cheart díriú, dar le ceannaire an UUP, Mike Nesbitt. Chaithfí gach rud a phlé, a dúirt Martin McGuinness, SF, an Leas-Chéad Aire. Ba léir go mbeadh gnóthaí inmheánacha na bpáirtithe chomh tábhachtach leis an leas coiteann.

READ MORE

Bhí Sinn Féin i dtús áite, iad ag ceann an chomhairimh sna toghcháin áitiúla le 151,000 vóta agus níos fearr fós i dtoghchán na hEorpa le dornán faoi bhun 160,000. Ní bhfuair siad an líon is mó suíochán ar na comhairlí áfach; is ag an DUP a bhí an gradam sin cé go bhfuaireadar 7,000 vóta níos lú ná Sinn Féin. Toghadh 130 comhairleoir de chuid an DUP, 25 sa bhreis ar Shinn Féin.

Bhí an UUP ag déanamh gaisce gurbh iadsan na “ buaiteoirí” sna toghcháin áitiúla mar gur mhéadaigh siad a gcéatadán de na vótaí agus líon a gcomhairleoirí. Níor mhair an gairdeachas rófhada; thit a sciar den vóta i dtoghchán na hEorpa, 2.7 faoin gcéad.

Bhí Jim Allister, ceannaire an TUV, ríméadach gur dhúbail a pháirtí a chéatadán de na vótaí sna toghcháin áitiúla agus gur mhéadaigh sé a vóta Eorpach féin. Tá deargnamhaid roinnt na cumhachta le Sinn Féin neartaithe agus an-chuid den vóta aontachtach fré chéile – 53 faoin gcéad den iomlán sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa – ag druidim ina threo.

Chuaigh an SDLP ar gcúl arís; thit a vóta áitiúil 1.5 faoin gcéad agus an vóta Eorpach 3 faoin gcéad. Níl sé soiléir fós ar daoine a d’fhan sa bhaile nó daoine a thacaigh le Alliance, An Comhaontas Glas nó NI21 is cionntsiocair leis an laghdú. Bhí caint shearbh i measc ionadaithe SDLP faoi Chaitlicigh na n-ionad garraíochta – tagairt don lipéad “garden centre unionists” a chuir David Trimble ar na haontachtaithe a thréig eisean.

Ó bhí laghdú beag ar vóta Shinn Fein – níos lú ná 1 faoin gcéad – i dtoghcháin na gcomhairlí agus sa toghchán Eorpach chomh maith leis an titim sheasta ar vóta an SDLP, bhíothas ag ceistiú cad a d’imigh ar an bhfás náisiúnach a mbíonn tracht air sa phlé faoi dhaonra? Bhí aontachtach nó dhó ag tuíteáil faoin laghdú ar an vóta náisiúnach/poblachtach; 39 faoin gcéad sa toghchán Eorpach idir SF agus SDLP agus beagán lena chois sin idir iad, neamhspleáchaithe agus mionpháirtithe sna toghcháin áitiúla. Sin é an tinreamh náisiúnach is ísle ar thoghchán ó na 1990í i leith.

D’éirigh níos fearr le “páirtithe an láir” ná mar is dual do Thuaisceart Éireann. I dtoghchán na hEorpa bhí gar do 10 faoin gcéad in iomláine ag Alliance, an Comhaontas Glas agus NI21 le chéile – fiú má bhí NI21 ag titim as a chéile. Is iad an dá phríomhpháirtí DUP agus SF is treise i gcónaí.

Ach an bhfuil ceannaire an DUP, Peter Robinson, an Chéad Aire, saortha ón laincis a chuir freasúra Jim Allister,TUV, air? Bhí foinsí i Stormont den bharúil go scaoilfí an glas ar Robinson dá mbeadh drochthoghchán ag Allister. Níor lagaíodh Allister. Bhí torthaí an UUP idir eatarthu agus ionadaithe ag maíomh gur tré dhiúltacht a thiocfadh biseach orthu.

Beidh Robinson ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh Sinn Féin chun tosaigh ar an DUP i suíocháin nó vótaí. Beidh Sinn Féin ag faire ar an Deisceart agus ag iarraidh a chinntiú nach féidir a chur ina leith gur ghlac siad le déine ó thuaidh.

Ní tuar dóchais na coinníollacha sin do pholaitíocht Stormont.