Votail do Phairti na Leabhar Gaeilge inniu

Oíche an toghcháin sa Tuaisceart, bhí gníomh beag cultúrtha ar siúl in Ard Mhacha - bhí Anraí Mac Giolla Chomhaill, scoláire …

Oíche an toghcháin sa Tuaisceart, bhí gníomh beag cultúrtha ar siúl in Ard Mhacha - bhí Anraí Mac Giolla Chomhaill, scoláire agus scríbhneoir, ag seoladh leabhair, Deismir: cnuasach de chora cainte is de natháin i nGaeilge Uladh.

Ar ndóigh, ní ghineann leabhair poiblíocht mar a ghineann cúrsaí polaitíochta ach tá cumas iontu maireachtáil beo i ndiaidh go bhfuil dearmad déanta ar chéatadán an phobail a vótáil don pháirtí seo nó don pháirtí siúd.

Ach thiocfadh le polaiteoirí úsáid a bhaint as leabhar Mhic Giolla Chomhaill nó tá sé leagtha amach go simplí agus ainmfhocal Béarla roimh gach aon nathán Gaeilge. Tóg, mar shampla, an nath a thugann sé ar "It's easy to be wise after the event": Is furasta claí a chur ar an gharraí i ndiaidh na foghla.

Beidh go leor polaiteoirí ag machnamh air sin inniu agus ag fiafraí díobh féin an "iontas seacht lá" (seven day wonder) a bheidh iontu nó an amhlaidh nach raibh ar siúl acu ach "aisling de réir mian" (wishful thinking) go dtoghfaí ar chor ar bith iad.

READ MORE

Gan amhras, tá daoine ann nach bhfuil "orlach níos críonna" (wiser) i ndiaidh na heachtra agus tá cuid acu "i mbarr a gcéille" (at their wits end) faoinar thit amach an tseachtain seo caite.

D'fhéadfadh cuid de na páirtithe a rá gur thug siad "íde na muc agus na madadh" dá chéile (they wiped the floor with each other) agus caithfidh a rá go raibh polaiteoirí ann a "chuaigh thar an cheasaidh ina n-óráid" (overstepped the mark in their speeches).

Ach níl seans ar bith ann go mbeidh duine ar bith acu le cluinstin á rá nach bhfuil "tógáil a chinn aige le náire" (overwhelmed with shame) dá bharr.

Tá an leabhar le hordú ó: 048-37522981 eolas@ofiaich.ie