Uachtaran de dhith

Thug uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Caitríona Ní Cheallaigh, le fios ag cruinniú cinn bhliana na heagraíochta an …

Thug uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Caitríona Ní Cheallaigh, le fios ag cruinniú cinn bhliana na heagraíochta an tseachtain seo caite go mbeadh sé ag éirí as oifig.

Tá ceithre bliana caite aici ina huachtarán. Chomh maith leis sin, tá sí ina stiúrthóir ag Coláiste na bhFiann agus ina comhalta de chuid Fhoras na Gaeilge. Dúirt Ní Cheallaigh go raibh an t-am ag duine nua tabhairt faoi na dúshláin a bhain leis an eagras agus a chuid oibre.