Turas na bhFili

Is i 1970 a thosaigh na malairtí cultúrtha, Turas na bhFilí, idir Éirinn agus Albain agus is ag tús na míosa seo a thug aos dána…

Is i 1970 a thosaigh na malairtí cultúrtha, Turas na bhFilí, idir Éirinn agus Albain agus is ag tús na míosa seo a thug aos dána na hÉireann cuairt ar Albain, a scríobhann Máire Ní Chuagáin.

Beirt fhilí, ceoltóir agus amhránaí a ghlacann páirt i ngach turas. Ba iad Daithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart na filí, Colm Dubh Ó Méalóid an ceoltóir agus Seán Garvey, amhránaí, a sheas clú na hÉireann i mbliana. Bhí mise ina gcuideachta mar ionadaí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an grúpa a eagraíonn an turas.

Ar éigean gur bhraitheamar an taisteal sé uair an chloig ó Ghlaschú leis na radharcanna dochreidte de shléibhte agus lochanna a thóg go Eilean a' Cheo muid. Thosaigh muid le cuairt ar Shabhal Mòr Ostaig ar Oileán Sgìtheanach, coláiste lán-Ghàidhlige agus bhí oíche mhór filíochta agus cheoil sa Talla Mhòr ann.

Is speisialta an áit é Sabhal Mòr Ostaig, gan trácht ar an suíomh dochreidte álainn ina bhfuil sé, é ar imeall na farraige agus ag breathnú ar mhórthír agus ar shléibhte Knoydart.

READ MORE

Tá os cionn 100 mac léinn ag freastal ar an gcoláiste agus beagnach 60 duine eile fostaithe i réimsí éagsúla sa choláiste.

Is anseo a léigh Daithí Ó hÓgáin a chuid filíochta faoi Chearbhall Ó Dálaigh, Chill Stuithín agus sheanchapall a fuair bás san fhuacht; Dolores Stewart, agus í ag caint ar Shocraitéas, Wittgenstein agus bhád farantóireachta Inis Bhó Finne; Colm Dubh Ó Méalóid ar a bhosca ceoil agus é á dhéanamh deacair ort gan bheith ag rince agus Seán Garvey a chuir beocht agus mothúchán in amhráin ar nós Éamonn Mhágáine agus Iníon na Faoit ón nGleann.

Ach caithfidh gurbh é buaicphointe na hoíche ná an fhilíocht álainn a tháinig - i nGàidhlig chumachtach - ó Charles Quinnel, mac léinn óg Sasanach.

Lean an grúpa leo go dtí na Hearadh, áit atá cosúil le bheith ar an ngealach lena gcuid tránna fada bána. Ó thuaidh arís go hOileán Leodhais agus Taigh Dhonnachaidh i Nis, i dtuaisceart an oileáin. Fear áitiúil a d'fhág Taigh Dhonnachaidh le huacht ag an phobal nuair a cailleadh é. Ba léir go raibh muintir na háite fíorbhródúil as agus as na háiseanna a chuir an t-ionad ar fáil don phobal beag seo.

Is mór an trua nach bhfuil níos mó áiteanna cosúil le Taigh Dhonnachaidh againn in Éirinn, áiteanna - nach tithe tábhairne iad - ar féidir le pobal teacht le chéile ar a son féin. Agus é ar fad i nGàidhlig - Ná smocaibh anso.

I ndiaidh taisteal trí Leodhas agus na Hearadh, trasna na farraige linn go hoileán Bhernearaigh. Tá Bernearaigh ceangailte le Uibhist a' Tuath le cabhsa agus leanann an ceangal seo le cabhsaí idir Uibhist a' Tuath, Beann na Foghla agus Uibhist a' Deas.

Is fada anois ó bhíodh ar mhuintir na háite an gaineamh idir na hoileáin a thrasnú agus an taoide amach. Chas Duncan MacKinnon, iar-rannpháirtí de chuid an turais, amhrán a scríobh a athair le linn dó bheith thar lear sa Dara Cogadh Domhanda.

Ba mhór idir suaimhneas agus áilleacht na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ceann scríbe dheireanach an ghrúpa ach, fós féin, cuireadh críoch bhreá leis an turas i leabharlann Partick.

Is rud faoi leith é Turas na bhFilí; tá sé tar éis teagmháil leanúnach luachmhar a chothú idir filí agus ceoltóirí na hÉireann agus na hAlban le os cionn 30 bliain. Is iomaí cosúlacht idir an dá thír, idir teanga agus cultúr agus is iomaí rud atá le foghlaim óna chéile freisin.

Tá eolas faoi Thuras na bhFilí le fáil ón Chomhdháil: 01-6794780 nó mnichuagain@comhdhail.ie