Sliocht as soiscéal an rachmais

BEOCHEIST: Agus anois, a bhráithre, sliocht as leagan nua-aimseartha d'Apacailipsis Eoin:

BEOCHEIST:Agus anois, a bhráithre, sliocht as leagan nua-aimseartha d'Apacailipsis Eoin:

6:1 Ansin san fhís dom, nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, d'fhéach mé agus b'shiúd chugam an t-each bán agus bogha ag a mharcach. Tugadh coróin na tuisceana ar dhúile an mhargaidh dó. Agus George ab ainm don marcach seo a labhair de ghlór mar thoirneach:

"Rófhada atá sibh ag brionglóidí gur milliúnaithe sibh. Ba dheas an taibhreamh é ar feadh tamaill ach ní féidir feasta a bheith ag súil le brabach 300 faoin gcéad ar bhur dtithe. Caithígí uaibh an plean don dara teach sa gCroáit nó i bhFlorida. Feasta, measfar luach tí de réir a fhiúntais agus ní de réir imeagla lánúnacha óga nach bhfaighidh siad díon dá gcuid féin go deo.

"Feasta, ní bheidh tógálaithe in ann €550,000 a iarraidh ar theach nach fiú ach €80,000 é agus beidh ar na hoibrithe tógála a shaothraíodh €2,000 sa tseachtain tír órga eile nua a lorg. Beidh na mílte gan jab agus silfear deora."

READ MORE

6.2 Nuair a d'oscail an tUan an dara séala, amach le heach eile, é seo craorag agus ceadaíodh dá mharcach léargas a fháil ar anam shantach a chine. David ab ainm don marcach seo agus is mar seo a labhair sé:

"Tá deireadh ag teacht le ré fhear na rollóige bricfeasta," ar seisean. "Deireadh leis na ceapairí cloicheán, leis an nGliomach Thermidor agus leis an gcaibheár.

"Beidh an foie gras gan bhlaiseadh feasta agus fágfar an mhairteoil Kobe ar €300 an stéig sa gcuisneoir. Ní ólfar feasta ach beagán de na gloiníní seaimpéin ar €17 an ceann i mbeár an Shelbourne ná bac an cupán caifé agus ceapairín ar €15 in ostán mór eile. Tiocfaidh deireadh leis an mbéile trí sceallóg agus slisín troisc, deartha ar nós Phicasso ar €150 sna bialanna galánta. Folamh anois a bheidh na siléir ina gcoinnítí an Veuve Cliquot agus an Cristal.

"Craos agus gorta atá i ndán. As seo amach, tá sibh damanta chun bhur gcuid siopadóireachta a dhéanamh i Lidl agus in Aldi nó turas thar teorainn a dhéanamh. Beidh oraibh bhur gcarranna a chur i bhfolach ar eagla go bhfeicfidh na comharsana sibh cé gur ansin a bheidh siadsan féin ag lorg na sladmhargadh freisin.

"Más olc libh sin, éistígí leis seo: as seo amach ní bheidh ach go leor airgid d'aon SUV amháin do gach teach agus ní féidir leis an SUV sin a bheith níos mó ná 20 troigh ar fhad.

"Maidir le laethe saoire, is beag teaghlach a bheidh in ann níos mó ná dhá shaoire a chaitheamh thar lear sa mbliain, má fhanann praghas ola mar atá."

6.3 Nuair a d'oscail an tUan an tríú séala, d'fhéach mé agus b'shiúd an t-each dubh agus scálaí ina láimh ag a mharcach. Brendan ab ainm don marcach seo agus is airsean a bronnadh bua na tairngireachta i gcúrsaí na maoine. Agus chuala mé mar a bheadh guth i lár na gceithre dúile beo á rá:

"Miosúr cruithneachta ar phinghin agus trí mhiosúr eorna ar phinghin. Roghnaigí. Ní féidir an dá thrá a fhreastal. Ní féidir cur le bille na hearnála poiblí agus baint den gcáin a bhíonn ag tacú léi. Ón mbliain 2000, tá an bille poiblí, idir phá agus phinsin, méadaithe faoi 120 faoin gcéad agus anois sa lagthrá, íocfar praghas ard air sin.

"Rófhada a bhronn sibh arduithe móra pá oraibh féin ionas go bhfuil ardaicme státseirbhíseach anois ag saothrú pá atá níos airde ná pá príomhairí i dtíortha eile. Mairg a ghlac leis an airgead réidh! Ní amháin go bhfuil deireadh leis na harduithe móra do Theachtaí Dála agus do státseirbhísigh arda ach is luath go dtiocfaidh spealadóir i bhur measc agus ní sparálfar eorna nó cruithneacht.

"Orthu siúd atá i mbaol titime sa chéad shraith, aireofar na comhairleoirí speisialta agus cúntóirí pearsanta atá ceaptha ag gach aire agus a chosnaíonn breis agus €10m de cháin an phobail sa mbliain.

"Ach is ar an earnáil phoiblí go ginearálta a chaithfidh an spealadóir a aird a dhíriú. Fágfar mandairíní ina sraitheanna ina dhiaidh agus silfear deora troma."

6.4 Nuair a d'oscail sé an ceathrú séala d'fhéach mé agus b'shiúd an t-each báiteach bán agus Vincent ab ainm don mharcach a bhí air agus lean raic Ifreanda é. Is de ghuth ard a d'fhógair sé:

"Cén cúlú eacnamaíoch? Nach bhfaca sibh na 350,000 duine a chuaigh trí aerfort Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine ar a laethe saoire?

"Cén cúlú eacnamaíoch? Ná bac an rollóg bhricfeasta, céard faoin gceapaire siúicre ar ar tógadh mo leithéidí. Anois, sin fíorchúlú eacnamaíoch!"