Sibéal na gcos lúfar

SIBÉAL DAVITT a bhain an chraobh de Glas Vegas as feabhas a cuid damhsa ar an sean-nós ar TG4 oíche Dhomhnaigh

SIBÉAL DAVITT a bhain an chraobh de Glas Vegasas feabhas a cuid damhsa ar an sean-nós ar TG4 oíche Dhomhnaigh. Idir í féin agus an bhuíon damhsa, Damhsa, a bhí an cinneadh deiridh.

Sa deireadh, is do Shibéal a thug Tom Ó Brannagáin an gradam. Beidh a coiscéimeanna lúfara le feiceáil i Las Vegas amach anseo mar chuid dá duais. Samhlaigh sin mar mhalartú cultúir!

Bhí an t-aistear le Glas Vegas fada go leor (agus rud beag fadálach ar ócáidí) ach bhí teannas agus paisean le mothú sna babhtaí deiridh agus an chraobh anois ag damhsóir chomh cumasach agus atá beo.