Saoiri samhraidh

An Peann Coitianta: Baineann an samhradh an déagóir amach ionam an athuair ar an dtrá i Leacht Uí Chonchubhair

An Peann Coitianta: Baineann an samhradh an déagóir amach ionam an athuair ar an dtrá i Leacht Uí Chonchubhair. Na glamanna ag na fir óga ag rás, ag guailleáil, ag baint leagadh as a chéile sa tsáile. Na snámhaithe tarrthála ag fearaíocht agus buíonta ban timpeall ar na bothanna acu.

Faoi mar a bheadh radharc as scannán le Elvis. Duileasc, faochain á ndíol. Samhlaím go ndéanfadh duileasc mo leas, faoi mar a dhéanfadh gramadach na Gaeilge, ach is fearr liom an blas sna take-aways. Baineann sé le caidreamh éasca an tsamhraidh.

Bé Jumping Jack Flash leis na Stones, hit an tsamhraidh úd, a dheineamar an Ardteist. Elvis tar éis bháis fadó ionainn, ó dhein sé GI Blues.

Cliff gan dealramh, cé gur thugamar gean do The Young Ones. Na Beatles ag fás fós ach gan a bheith cruaidh a ndóthain. Sé sin gan faobhar úd an rac-cheoil iontu. Na Stones an freagra.

READ MORE

Fuinneamh pumpála fola na Stones, freithbhualadh ár gcroíthe. Airgead á choimeád againn leis an jukebox sa halla saoire chun Jagger agus Jumping Jack Flash agus ár mbaill a chur ag jumpáil ar an dtrá.

Buíon againn ón rang ag caitheamh cúpla lá i gcarabhán. Sinn gan a bheith ag ól, ná aon chuimhneamh air.

Windeálamar suas ag dul go dtí céilí sa bháisteach i Lios Dúin Bhearna le mná oibre ó Eastát Tionsclaíochta na Sionainne. Saghas Blues a bhí á seinnt ag bean an phianó sa bhanna céilí i bhfios nó i gan fhios di féin, feaig crochta as a béal, cual boscaí toitíní le hais an phianó ar eagla go mbéarfadh uirthi, í ag tionlacan na báistí ag clagarnach ar dhíon an mharquee.

Taithí ag mná oibre an Eastát Tionsclaíochta ar an saol agus sinne ógánaigh ag iarraidh go roinnfidís an taithí sin linne go fial in aghaidh na gclathacha. Roinn.

Fonn bóthair a chuireann an samhradh orm. Is féidir freagairt gan a bheith mífhreagrach. Imeacht liom féin, más féidir, agus mo chuid ceoil a chur ar siúl sa charr. An-ard uaireanta. Saghas rac-cheoil dem chuid anois is ea amhráin na hAlban as Inse Gall amuigh.

Pé ionraiceas gutha atá coinnithe ag na hamhránaithe, tá siad chomh slán le fir agus le mná na Blues. 'S e mis' bhith fada bho thìr m'eòlais. Is geall le saoire a chaitheamh age baile é éisteacht le John Spillane, agus a bhfuil de chathair Chorcaí trína chuid amhrán.

B'ionann saoire samhraidh agus am a chaitheamh i d'áit féin. Síos go Bun an tSábhairne, nó Ringabella, nó laethanta a thabhairt ag triall ar "out the baths" faoin aer seachas "down the baths" faoi dhíon.

Ait le rá é, samhlaím Béarla éadrom cathrach agus Gaeilge éadrom Gaeltachta leis an samhradh. Ní raibh sé i gceist riamh go bhfaigheadh Gaeilge throm an lámh in uachtar ar Bhéarla éadrom ach gur dhá thaobh den chianóg chéanna a bheadh iontu.

Is ea leis, fós, faoi mar is athsondas é Rinn an Bhile ó chlog Ringabella. Ach cá raibh an clog i Ringabella?

Níor chuamar ar saoire samhraidh go dtí go bhfuaireamar an carabhán. Aistriú amach as an gcathair chuig feirm de chuid na muintire roimhe sin, b'in saoire.

An teaghlach ar saoire leis na gaolta. Mhalartaíomar an carabhán leis an uncail an samhradh a phós sé, agus thugamar féin aire don bhfeirm. D'imigh sé féin leathchéad míle síos go dtí an cósta agus d'fhanamar féin ag crú ba, ag sábháil féir, agus ag dul ón chréimirí.

THUGAMAR samhraí ag tabhairt na gcos linn leis an gcarabhán, go Ros Beithe i gCiarraí, Garraí Bhoithe i gCorcaigh Thoir, go Leacht Uí Chonchubhair, agus go Bearna. Duine déag. Go dtí gur shocraigh an carabhán síos ar deireadh i gCorca Dhuibhne. Bhí mianta na ndaoine óga sa teaghlach agus mianta na muintire tagtha le chéile, nó mianta an dream óg curtha ina luí ar an seandream.

Faoi mar atá á dhéanamh ag an dream óg linne, an seandream anois. Pé samhradh atá déanta aige, chím an dream óg ag fás go laethúil os comhair mo dhá shúl. Baineann an samhradh síneadh as a ngéaga agus as a mbaill choirp. Tosnaíonn ag fás uathu féin le folláine agus le haclaíocht a gcorp. A ndéaga féin á mbaint siúd amach.

Ait le rá é, is saoire anois arís é fanacht i d'áit féin seachas fuadar imeachta. Eolas a chur ar phoill snámha áitiúla, ar na taoidí, seachas a bheith ag rás anseo ná ansiúd.

Lobhaigh an carabhán le meirg i gcaitheamh na mblianta. D'imigh le haill. Buaileann clog Ringabella anois san áit a líonann agus a thránn an taoide.