Oíche fhada

CROBHINGNE: BEIDH OÍCHE fhada anocht ann dóibh siúd gur spórt dóibh gach toghchán

CROBHINGNE:BEIDH OÍCHE fhada anocht ann dóibh siúd gur spórt dóibh gach toghchán. Is fíor nach bhfuil cluiche na polaitíochta lán chomh dáiríre le cluiche an spóirt, ach tharlódh ó am go chéile gur treise ar a iarmhairt.

Tá guth á chaitheamh inniu ag muintir ár dtíre nach bhfuil sé de chinniúint acu a bheith faoi stiúir ag Fianna Fáil agus ag na Baincéirí. Déanfaidh a bhformhór guth a chaitheamh de réir treibhe agus creidimh agus náisiúin agus aicme, ach is beag duine a dhéanfaidh guth a chaitheamh de réir polasaí.

Dá mbeadh polasaí ag an DUP mil ina shlaoda a bheith ar fáil ag páistí beaga coslomnachta iarthar Bhéal Feirste gach lá agus Domhnach Cásca san áireamh, ní móide go vótáilfeadh duine ar bith náisiúnach ar easpa meala ar a son.

Agus dá mbeadh dúnghaois ag Sinn Féin go ndéanfaí an Ultais Albanach a mhúineadh feasta i ngach scoil thuaidh agus theas, tá seans ann go mba mhian le haontachtóirí aontú leo; ach ní dhéanfadh.

READ MORE

Mar is vótáil treibhe a bhíonn i ngach toghchán agus ribe bheag éigin den fhéinleas ina slata tríd. Mo bhuíonsa abú, agus do bhuíonsa búhú! Sin uile.

Ina dhiaidh sin is uile is mar sin de siar amach, bíonn spraoi ag baint le comhaireamh vótaí na dtoghchán. Cluiche fada cruicéid a bhíonn againne sa chuid sin den tír atá faoi stiúir ag Fianna Fáil agus ag na Baincéirí.

Níor ghá go mbeadh toradh an toghcháin agat go ceann trí nó ceithre lá, agus níor mhóide do shásamh an mhoill. San stáitín siar ó thuaidh, áfach, b’éigean dúinn feitheamh go dtí an lá dár gcionn don toradh, fad is a bhíodh an réiteach déanta ar an mórthír oileánda ar oscailt na chéad bhoscaí.

Ach anocht, beidh daoine ar mo nós féin ina suí leis an gcnapaire i gcrág amháin agus buidéal de shaghas éigin sa chrág eile. B’fhéidir gurbh fhearr a d’oirfeadh cnocáinín caifé ná stuif chrua de shaghas ar bith, mar tá seans ann go mbeidh an oíche fada agus an chríoch déanach agus an toradh idir seo agus siúd.

Beidh orainn éisteacht le bladar agus le bulshaight agus le freagraí amach as stocaphuipéid go líofa. Beidh tráchtairí cairtpháipéir go cairtpháipéarach ag cartadh cnuaschainte gan cheist. Ach beimid in ann siúl idir na siúntaí agus fuíoll éigin a bhaint as na fuighlí fáil fileata gan fios.

Comhaireamh cloigne a bheidh san toghchán san stáitín muirneach siar ó thuaidh. Beidh fodhuine achrannach ann a ghabhfaidh thar theorainn ann d’fhonn vótála ar son an duine thall. Tugtar vótáil straitéiseach air sin sa bhéarlagair is déanaí, nó vótáil bheartach i dteanga eile.

Nuair a tugadh córas todhchánaíochta na hionadaíochta cionmhaire isteach tá gan a bheith fada go leor ó shin ó thuaidh, is amhlaidh gur toghadh an tUrramach Sároirmhinneach Iain Pàislig i dToghlach Aontraim Thuaidh le móramh cúpla milliún vóta, nó cibé.

Nuair a dáileadh an farasbarr den chúpla milliún sin fuarthas go raibh aon duine amháin – abraimis arís é – aon duine amháin, tar éis an dara guth a thabhairt do dhuine éigin le Sinn Féin.

Cérbh é an t-aon duine amháin seo a thréig an treibh? Tugadh síceolaithe agus psepheolaithe isteach ar chostas mór agus thuairimigh siad nárbh fholáir gur (a) bhotún bona fide a bhí ann, (b) nach raibh léamh ná scríobh i gceart aige, (c) gur tugadh fansaí don iarratasóir, (d) nó go raibh acmhainn grinn as an ngnách ag an vótóir. Cuireadh an tuairim dheiridh seo as an áireamh ar an gcuntar nach mbíonn acmhainn grinn ag lucht leanúna an DUP de ghnáth.

Beidh de bhuntáiste ag muintir an stáitín siar ó thuaidh a fhios a bheith acu tuairim is a trí nó a ceathair a chlog ar maidin cé a toghadh san dá thoghlach acu faoi seach. Sea, sea, sea, tá a fhios agam, tá trasnaíl áirithe ann, trasnaíl oirbheartach ar uairibh, trasnaíl toisc gur mhó is gráin leat an duine a bhaineann led threibh féin ná neach na nithe eile.

Tá toradh fhormhór na ndáilcheantar daingean socraithe cheana féin. Is é an ceann fánach a mhúsclóidh suim, agus gach seans nach bhfógrófar iad sin go dtí go mbeidh an caifé ídithe agus an coileach ag glaoch.

Is mó an tsuim a bheidh ag formhór de lucht féachana an stáitín soir ó dheas ar a mbeidh ar siúl ar an mórthír, áfach. Scáthán is ea an mhórthír (íoróin, sea íoróin, sea íoróin, ar eagla na saontachta) ar a bhfuil agus ar a mbíonn abhus. Scáthán cam agus fiar é, áfach, agus ná tugadh an oíche fhada aon treoir duit!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar