Naiscoil scriosta

Fearg a chuirfeadh sé ort an damáiste a rinneadh ar Naíscoil Thaoilinn, Béal Feirste thiar, a fheiceáil

Fearg a chuirfeadh sé ort an damáiste a rinneadh ar Naíscoil Thaoilinn, Béal Feirste thiar, a fheiceáil. Bhris loitiméirí isteach agus rinne siad dochar roinnt mílte punt don fhoirgneamh. Scrios siad trealamh, chaith péint ar bhallaí agus bhris fuinneoga agus doirse.

Ní chuireann sé iontas ar dhuine ar bith go raibh ógánaigh fonnmhar a leithéid a dhéanamh. Tá aicme ógánach i mBéal Feirste nach bhfuil meas madaidh acu ar oidhreacht a sinsir nó ar a gcathair féin, toradh iad de 30 bliain foréigin agus na gnáthfhadhbanna sóisialta a bhíonn i gceantair uirbeacha an lae inniu.

Is doiligh meon an duine a chuirfeadh oideachas linbh i mbaol a thuigbheáil. Faraor, ní hé seo an chéad uair a rinneadh ionsaí ar scoil sa Tuaisceart - bíodh loitiméirí nó paraimílitigh i gceist.

I bhfad uainn anois na laethanta i mBéal Feirste nuair ba leor ag duine fásta a rá "I'll talk to your da" le múineadh a chur ar pháistí.

READ MORE

Ach má tá daoine ann ar mó leo an scrios cáidheach ná an saibhreas cultúir, bhí daoine eile sa cheantar sásta a ndúshlán a thabhairt agus a raibh de dhamáiste a dheisiú le go mbeadh an scoil réidh le hoscailt do na daltaí.

Ní ghéilleann siad oideachas a gcuid páistí don droch-chuisle. Dá olcas cúrsaí ar ócáidí, maireann an tseanfhéile.