Lon liteartha

Beidh bia don anam agus don chorp ar fáil amárach ag 1 p.m

Beidh bia don anam agus don chorp ar fáil amárach ag 1 p.m. i nDáil Bia, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, nó tabharfaidh an t-úrscéalaí Anna Heussaff agus Colette Nic Aodha, file agus gearrscéalaí, léamh liteartha ag am lóin sa bhialann.

Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide d'fhonn "rud éigin difriúil" a chur ar fáil do lucht lóin agus cuirfidh siad sólaistí ar fáil. Tá saorchead isteach don ócáid.