leann an phobail

Beocheist: Nuair a bhíos i mo mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, 40 bliain ó shin, bhíodh rang Gréigise againn …

Beocheist: Nuair a bhíos i mo mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, 40 bliain ó shin, bhíodh rang Gréigise againn trí Ghaeilge ag meán lae gach aon Satharn i seomra beag thuas staighre san Aula Maxima. Eispéireas rí-luachmharach saol atá imithe.

Anois tá dearcadh eile ag ollscoileanna, dearcadh ar a dtugaim "Meall an Óige". An fómhar seo osclóidh Ollscoil Luimnigh ionad for-rochtana nó "outreach centre" i seanmhonarchain Krups ar Bhóthar Roxboro sa chathair. Déanfaidh an t-ionad freastal ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste, idir dhaltaí scoile, scoláirí tríú leibhéal is scoláirí fásta nó aibí. Rachaidh an t-ionad i ngleic go réamhghníomhach le riachtanais oideachas na ndíormaí sin.

Ní fios fós cé mhéid duine a bheidh ag freastal ar an ionad ach beidh daltaí bunscoile ann ag foghlaim is ag spraoi ag an am céanna. Beidh halla staidéir faoi mhaoirseacht ann maraon le scéim mheantóireachta do dhaltaí meánscoile. Beidh tuilleadh áiseanna staidéir ann do dhaltaí tríú leibhéal. Cuirfear cúrsaí ríomhaireachta ar fáil do dhaltaí fásta chomh maith le réimse leathan cúrsaí.

Tá Coláiste na Tríonóide i gcomhar le hIonad Acmhainní Naomh Aindriú i Sráid an Phiarsaigh ag cur comhairle, meantóireachta is teagasc breise ar fáil le beagnach scór bliain do dhaltaí scoile. Tugann siad tacaíocht phraiticiúil do dhaoine a dteastaíonn uathu tabhairt faoi chúrsaí tríú leibhéal ach nach bhfuil ábalta é sin a dhéanamh ar chúinsí sóisialta is eacnamaíochta. Táthar ag beartú scéim rochtana ("access") na hollscoile a leathnú agus go deimhin tugann údaráis an choláiste cuireadh do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste dul i dteangmháil leo más mian leo tabhairt faoin oideachas ollscoile.

READ MORE

Scéal eile in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Anseo úsáidtear an teicneolaíocht nua is satailítí cumarsáide chun an cianoideachas a fhorbairt. Craoltar cúrsaí beo ar fhorbairt tuaithe, gnó is tráchtála agus sábháilteacht san ionad oibre go dtí breis is dosaen ionad ar fud na tíre. Ceann de na hathruithe is mó atá tagtha ar an ollscolaíocht ná an córas módúlach atá i bhfeidhm anois i mórán de na hinstitiúidí ardléinn. Tuigeann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go gcuireann brú an tsaoil isteach ar chúrsaí foghlama. Sa choláiste sin tugann "Oscail - The National Distance Education Centre" deis do na scoláirí staidéar ar a luas féin, trí bhithín an Idirlín, sa choláiste nó sa bhaile.

Tá dlúthcheangal idir an ollscoil agus 16 meánscoil i dtuaisceart na cathrach. Tugann siad faoi thionscnaimh a chabhraíonn le daltaí Ardteistiméireachta fáil isteach san ollscoil, daltaí nach féidir ar chúiseanna éagsúla páirt iomlán a ghlacadh sa chóras oideachais.

Tá ardmholadh faighte ag an tseirbhís seo agus bíonn páirt nach beag ag daltaí na hollscoile féin san obair ar son daltaí meánscoile.

Tá céadatán níos mó scoláirí fásta ag Coláiste na hOllscoile, Má Nuad, ná mar atá ag aon choláiste ollscoile eile sa Stát. Tugann an Páipéar Bán ar an Oideachas Aosach spreagadh d'institiúidí ardléinn polasaithe a chur i bhfeidhm a bheidh chun leas na mac léinn fásta agus a thabharfaidh breis deiseanna oideachais do dhaoine fásta.

Cabhraíonn na cúrsaí (comhairleoireacht, stair áitiúil, síceolaíocht, oideachas is oiliúint leanúnach, traenáil i riachtanais speisialta) san ionad for-rochtana atá ag an gcoláiste i gCill Choinnigh leis na haidhmeanna sin a thabhairt chun críche agus chun forbairt áitiúil is réigúnda a shaibhriú.

Thiar i nGaillimh tá straitéis ag Ollscoil na hÉireann leis an ollscolaíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de a fhorbairt.

Mar chuid den straitéis sin tá raon cúrsaí ollscoile (ina measc teicneolaíocht na faisnéise, staidéar an aistriúcháin, cumarsáid fheidhmeach, sealbhú teangan agus forbairt leanaí) á dtairiscint in ionaid fhor-rochtana sa Cheathrú Rua, i gCarna, i nGaoth Dobhair. Tá cúrsaí dioplóma sa Ghaeilge á reáchtáil i seacht n-ionad sheachtracha.

Ní institiúid léinn go hardchaighdeán taighde, staidéar dúshlánach is léann ar a shon féin. Níl áit ann don saghas sin fóntaíochais a théann thar fóir agus a bhíonn á mholadh ag polaiteoirí áirithe. Is maith ann é an bhéim (nua?) ar fhorbairt phobail.

Is cúis áthais an gréasán foghlama atá ag síneadh amach ar fud an Stáit ó na hollscoileanna traidisiúnta, ó na hinstitiúidí teicneolaíochta agus ó na coláistí breisoideachais.

Go raibh áit sa mogall sin do lucht Ardteiste na bliana seo, áit a thabharfaidh cáilíochtaí fiúntacha is sonas saoil dóibh go léir.