Leacht aduaidh

Tabharfaidh Oifigeach Forbartha an Iontaobhais ULTACH, Gordon McCoy, léacht ar "Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge" san oíche amárach…

Tabharfaidh Oifigeach Forbartha an Iontaobhais ULTACH, Gordon McCoy, léacht ar "Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge" san oíche amárach ag 8 p.m. i dTeach Cónaithe na bPiarsach, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2.

Is í Institiúid na hÉireann atá ag reáchtáil na hócáide mar chuid de shraith cainteanna ar chúrsaí cultúir. Is é Tomás Ó Ruairc a bheidh ina chathaoirleach. Eolas: 01-6704606 nó irelandinstitute@eircom.net