Leabhair deagoiri

Ní furasta leabhar Gaeilge a scríobh do dhaoine óga san aois-ghrúpa 10-15 bliain, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide

Ní furasta leabhar Gaeilge a scríobh do dhaoine óga san aois-ghrúpa 10-15 bliain, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Bíonn ar chumas páistí san aoisghrúpa seo scéalta fada casta a léamh i mBéarla. Is le dua a léann siad scéal gearr i nGaeilge.

Fiú páistí a tógadh le Gaeilge, nó atá ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, bíonn a gcumas léitheoireachta i mBéarla i bhfad chun tosaigh ar a gcumas léitheoireachta i nGaeilge cheal taithí bheith acu ar leabhair Ghaeilge a léamh.

Ganntanas leabhar oiriúnach bheith ar fáil is cúis amháin leis sin. Tá lear mór leabhar do pháistí foilsithe ag an Ghúm i mbliana agus is ábhar sásaimh é go bhfuil dhá cheann ina measc a bhéarfadh greim ar shamhlaíocht an déagóra gan stró rómhór a chur air ó thaobh foclóra de.

Duine óg ar bith a bhfuil tuiscint aige don ghreann bainfidh sé taitneamh as an scéal Amach le Alan Titley agus as an chur síos atá ann ar an phríomhcharachtar agus a chairde.

READ MORE

Diabhal ceart is ea an gasúr atá ag insint an scéil, ach diabhal a bhfuil tréithe maithe ann fosta. Ach dá mbeadh an tuairim is lú ag a mháthair faoina raibh ar siúl aige agus é amuigh is cinnte nach ligfí amach arís é.

Scéal níos casta atá san úrscéal fantaisíochta Idir Dhá Chomhairle le Frainc Ó Murchadha. Bhí Breandán Ó Maoilearcaigh, ag déanamh a cheachtanna baile nuair a chuala sé glór duine ag labhairt leis. Glór a uncail a bhí ann, uncail a shíl sé bheith marbh le 15 bliain.

Cruthaíonn an t-uncail seo, a labhraíonn trí bhéal Bhreandáin, an-chuid fadhbanna dó ach, ar deireadh, éiríonn leis an bheirt acu iad a réiteach. Beidh sé rídheacair ag an déagóir, nó fiú an duine fásta, an leabhar fantasaíochta seo a leagan uaidh go dtí go léifidh sé nó sí an leathanach deiridh.

I measc na leabhar atá foilsithe ag Coiscéim i mbliana seasann ceann amach atá an-oiriúnach don aoisghrúpa 10-15 bliain - An bhFaca Éinne Roy Keane? le Mícheál Ó Ruairc.

Is leor an pictiúr den imreoir cáiliúil ar an chlúdach chun léitheoirí óga a mhealladh, ach scéal suimiúil atá ann chomh maith faoi bhuachaill óg a bhfuil scabhtaí de chuid Man United ag léiriú suime ann. Ach buailtear a athair go dona tinn le hailse agus tuigtear dó nach páiste níos mó é.

Agus cén bhaint atá ag Roy Keane leis? Ag milleadh an scéil a bheinn dá n-inseoinn é sin.

Cé gur Gaeilge shimplí atá sna trí leabhar thuas níl sí róshimplí agus tá míniú ar na focail agus nathanna cainte a thabharfadh deacracht do léitheoirí áirithe ag cúl na leabhar. Leabhair iad a thabharfadh spreagadh don léitheoir óg tabhairt faoi leabhar Gaeilge eile.

Beidh cuntas ar leabhair Ghaeilge do pháistí níos óige ar an tseachtain seo chugainn.