I mbun pinn

Beidh Pádraig Ó Snodaigh agus Mícheál Ó Ruairc, scríbhneoirí, i mbun ceardlanna scríbhneoireachta san Óstán Brandon, Trá Lí, …

Beidh Pádraig Ó Snodaigh agus Mícheál Ó Ruairc, scríbhneoirí, i mbun ceardlanna scríbhneoireachta san Óstán Brandon, Trá Lí, Co Chiarraí, Dé Sathairn, an chéad lá de mhí na Samhna ag 10 a.m.

Is mar chuid d'Oireachtas na Gaeilge atá an ócáid á reáchtáil. Tá táille cláraithe €15 le híoc (€5 do mhic léinn). Ní cheadófar níos mó ná 15 ábhar scríbhneora ar an chúrsa.

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo páirt a ghlacadh san ócáid a gcuid ábhair - dán, gearrscéal nó eile - a chur go 43, Na Cluainte, Trá Lí, Co Chiarraí, le go mbeidh deis ag na hoidí iad a léamh roimh ré.

Moltar do na scríbhneoirí bunchóip a choinneáil dóibh féin. Eolas: 066-7124169 nó feasta@eircom.net