Cre Ui Chadhain

100 bliain ó shin a tháinig duine de mhórscríbhneoirí na Nua-Ghaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ar an saol.

100 bliain ó shin a tháinig duine de mhórscríbhneoirí na Nua-Ghaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ar an saol.

Mar chuid de chomóradh céid Uí Chadhain, tá leagan drámatúil dá úrscéal Cré na Cille foilsithe ar dlúthdhiosca ag Cló Iar-Chonnachta, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá an t-úrscéal Cré na Cille ar cheann de na saothair is tábhachtaí i litríocht na Nua-Ghaeilge. Chóirigh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha leagan drámatúil den úrscéal do Raidió na Gaeltachta i 1973 agus craoladh an bhliain chéanna é.

Ghlac aisteoirí Chonamara páirt ann agus bhí cliar de 26 duine ag obair air. Cúig mhír is fiche ar fad a bhí ann agus gach mír díobh leathuair an chloig ar fad. Tá an leagan seo foilsithe anois ar ocht gcinn de dhlúthdhioscaí agus fáil orthu i siopaí leabhar ar fud na tíre agus ag www.cic.ie ar chostas €40.