Ce ata ag eisteacht?

Tá an tAire Éamon Ó Cuív, Foras na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin Éireann le suirbhé a dhéanamh ar dhaoine óga, fáil amach…

Tá an tAire Éamon Ó Cuív, Foras na Gaeilge agus Coimisiún Craolacháin Éireann le suirbhé a dhéanamh ar dhaoine óga, fáil amach cén tsuim a chuireann siad i gcraoltóireacht raidió.

Dúirt Ó Cuív go raibh "gá le stáisiún raidió Gaeilge a bheadh dírithe ar an aoisghrúpa 15-35 bliain d'aois ... Is dúshlán é sin a gcaithfimid dul i ngleic leis. Má chuirimid ar an mhéar fhada é seachas díriú air anois, éireoidh an Ghaeilge níos imeallaí agus níos imeallaí fós i saol na ndaoine óga."

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha an Fhorais, Éamon Ó hArgáin, go dtabharfadh an taighde "eolas luachmhar" ar na seirbhísí a theastaíonn ó dhaoine óga: "Más amhlaidh nach n-éisteann siad le cláir Ghaeilge in aon chor, is mian linn fáil amach cén fáth."

Is é MORI Ireland a bheidh ag reáchtáil an taighde agus ba cheart go mbeadh sé críochnaithe faoi Eanáir, 2005.