Buile an oir

Beocheist: Baile ollmhór agus ardchathair tráchtála agus tionscail is ea Vancouver, ar imeall an Aigéin Chiúin

Beocheist: Baile ollmhór agus ardchathair tráchtála agus tionscail is ea Vancouver, ar imeall an Aigéin Chiúin. Saibhreas ag baint leis an áit.

Mothar tithe spéire i lár na cathrach, cinn eile á dtógáil agus lucht gnó ó cheithre hairde an domhain ag brostú leo sna sráideanna ó áit go háit. Cinnte, bíonn cúrsaí gnó ar siúl go gasta anseo.

Bhuail mé le beirt dheartháireacha Éireannacha agus mé i Vancouver le déanaí - Seán agus Séamus Young ó Thiobraid Árann. Is taiscéalaithe nó sirtheoirí óir an bheirt acu, cosúil le Micí Mac Gabhann sa Klondyke tráth, mar a d'inis sé in Rotha Mór an tSaoil.

Ach tá athrú mór tagtha ar an gceird ó bhí Micí ag gabháil di. "Taiscéaladh eagraithe" a thugtar uirthi anois. Is amhlaidh nach ndearna daoine tráth ach cúpla poll a thochailt sa talamh, féachaint an raibh aon rud ann.

READ MORE

Inniu, déantar anailís cheimiceach fhisiciúil ar an gcré agus ar an gcarraig thíos fúithi. Is de réir léarscáileanna geolaíochta a thoghann na taiscéalaithe na háiteanna chun bheith ag cuardach mianraí.

Bhí na deartháireacha Young ina stócaigh ar an bhfeirm i dTiobraid Árann nuair a thosnaigh mianadóireacht sa cheantar sna 1960í. Chuadar araon ag obair don gcomhlacht Ceanadach a bhí i mbun oibre ansin. Níos déanaí, d'aistrigh an bheirt acu go Vancouver, áit a bhfuil siad ar aon ina gcónaí go fóill.

Is í cathair Vancouver an áit is tábhachtaí don mhianadóireacht agus don tionscal taiscéalaíochta ar domhan. Bíonn a lán mianadóireachta ar siúl go fóill sa Cholóimbe Bhreatnach agus sa Yukon.

Tá Séamus Young ag obair sa Yukon faoi láthair. Tá mianach á fhorbairt aige agus ór, copar agus úráiniam á shaothrú aige ann. Tá mac leis sa ghnó freisin. (Níor bhuail mé leis an mhac ó tharla go raibh sé ag taiscéaladh thuas sa Chrios Arctach.)

Tá tóir ar an ór agus ar an gcopar ar mhargaí an domhain mar a bhí i gcónaí riamh. Ach tá tóir faoi leith ar an úráiniam, toisc imoibreoirí núicléacha bheith á dtógáil ar fud na cruinne anois, san Áis ach go háirithe.

Bhí sé de nós ag Seán i gcónaí riamh bheith ag obair níos faide i gcéin. Bhí sé ag obair do chomhlachtaí móra mianadóireachta i Meicsiceo agus in áiteanna éagsúla san Afraic ar feadh na mblianta. Anois tá sé ar a chonlán féin agus mianach á fhorbairt aige in oirthuaisceart na Brasaíle. Ór atá á lorg aige ansin.

Bíonn sé ag obair as láimh a chéile leis na garimpeiros, na mianadóirí bochta a bhíonn ag saothrú ina mílte i gceartlár na Brasaíle.

Bíonn ar an gcomhlacht aige cloí le rialacháin comhshaoil rialtas Lula, cé nach gcloíonn na garimpeiros go mórmhór leo. Tá Spáinnis ag Seán le fada, ach é ar fíorbheagán Portaingéilise.

Ceantar deacair atá ann, dufair Amasónach don gcuid is mó, gan ach corrbhóthar. Tá an teas ann; tá crogaill agus míoltóga nimhe, maláire agus fiabhras dengue go flúirseach ann.

Tá an obair crua. Ach deir Seán nach bhfuil aon obair ar domhan mar í agus nach mbíonn sé chomh sásta riamh ach é bheith ina chónaí ar an iargúltacht faoi phuball agus ansin amuigh faoin spéir ag lorg óir.

Bíonn ar na taiscéalaithe maoiniú a sholáthar chun an obair tosaigh sin a chur i gcrích. Ní maith leis na comhlachtaí móra idirnáisiúnta mianach a cheannach nó a shaothrú ach iad bheith thar a bheith cinnte cheana féin go bhfuil go leor óir, copair nó a leithéid ann ionas go mbainfidh siad sochar as.

Fanann "na majors" de ghnáth go dtí go mbíonn mianach nua táirgiúil agus ansin ceannaíonn siad é. Bíonn ar na taiscéalaithe an mianach a fhorbairt i dtús báire.

De ghnáth, faigheann "na juniors" an maoiniú a bhíonn uathu sna Stáit Aontaithe nó sa Ghearmáin. Caitheann na deartháireacha Young cuid mhaith dá gcuid ama ag iarraidh infheistíocht a sholáthar.

Murach daoine mar iad, ní bheadh an oiread sin mianadóireachta ar siúl go fóill sa domhan.

Is iadsan na ceannródaithe a mbíonn dúil an óir iontu - agus a théann sa seans leis faoi mar a rinne Micí Mac Gabhann agus a leithéid fadó.

Nuair a smaoinímse ar fhir ghnó an lae inniu, smaoiním ar fhir gléasta i gcultacha breátha agus iad ina suí in oifigí galánta ag déileáil leis na milliúin dollar ar a gcuid ríomhairí.

Ach tá soineann agus macántacht aírithe i gclár éadain na ndeartháireacha Young a chuireann in iúl duit go bhfuil tú ag plé le mianadóirí den seandéanamh agus ní le bainisteoirí amháin.

Seo iad na fir a chruthaíonn go bhfuil eachtraíocht ag baint le cúrsaí gnó go fóill.