'Bi ag machnamh go domhanda ach bi freamhaithe in Eirinn'

TUARASCÁIL: NÍ MOLADH GO moladh Taoisigh

TUARASCÁIL:NÍ MOLADH GO moladh Taoisigh. Ba é an Taoiseach Brian Cowen a sheol Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland (Blackhall Publishing) leis an Ollamh Finbarr Bradley agus an Dochtúir James J. Kennelly ag deireadh na míosa seo caite.

Dúirt Cowen go raibh orainn "dianmhachnamh a dhéanamh ar threo na hÉireann, ó thaobh an gheilleagair de agus go sóisialta agus cuirtear ceisteanna inár láthair sa leabhar a chuireann gnáthsmaointeoireacht faoi bhrú agus tugtar ábhar dáiríre dúinn go léir le machnamh a dhéanamh air.

"Moltar roinnt freagraí a thagann as réimsí na heacnamaíochta, na polaitíochta, na staire, na socheolaíochta agus eile agus tugtar dúshlán don ghnáthshaoithiúlacht sa leabhar seo."

Mura leor an méid sin féin ón Taoiseach, ba é Dermot Desmond, duine de na fir ghnó is rathúla in Éirinn, a scríobh réamhrá don leabhar.

READ MORE

Labhair an colún seo le duine de na húdair, Finbarr Bradley. (Beidh aithne níos fearr ag lucht na Gaeilge air mar Fhionnbarra Ó Brolacháin, an té a bhunaigh an t-ionad gnó Gaeilge, Fiontar, ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.)

Ní raibh sé díomhaoin ó d'éirigh sé as an chúram sin in 1999. Liosta le lua na gradaim acadúla atá bainte amach ag Bradley; idir céimeanna, ollúnachtaí agus foilseacháin abhus agus thar sáile.

Cleamhnas nádúrtha a bhí ann a shaineolas ar Ghaeilge agus ar ghnó a thabhairt le chéile in aon leabhar amháin. Bíodh is gur leabhar acadúil é seo, tá teachtaireacht shimplí taobh thiar de, a deir sé - "Bí ag machnamh go domhanda ach bí fréamhaithe in Éirinn."

Deir sé gurb í a théis: "Le domhandú, tá níos mó, ní níos lú, tábhacht ag baint leis an cheantar áitiúil. Bíonn pobal, réigiún nó tír cruthaitheach agus nuálaíoch nuair atá eolas suntasach acu agus iad ag smaoineamh i slite difriúla nó tréithe faoi leith acu."

Creideann sé go mbraitheann Buntáiste Iomaíoch Inbhuanaithe (BII) na hÉireann ar an phobal bheith difriúil agus uathúil: "Is iad saintréithe na hÉireann an buntáiste iomaíoch is mó atá ag an bpobal. Cén fáth nach mbaintear feidhm as na saintréithe sin i bhfad níos mó ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de?"

Chuige sin atá an leabhar: na nithe sainiúla cultúrtha atá in Éirinn - an Ghaeilge san áireamh - a chur chun tosaigh mar nithe a chuideoidh le pobal na hÉireann mar áiseanna fiontraíochta.

Tá airgead agus teicneolaíocht riachtanach mar acmhainní inláimhsithe le BII a sholáthar ach ní leor iad, a deir sé.

Tá acmhainní doláimhsithe de dhíth fosta agus creideann sé gurb iad na hacmhainní feasa is luachmhaire na cinn neamhinste: samhlaíocht; inspioráid; iomas; féintuiscint; féindearbhúchán; féinmhuinín agus féinfhios: "San aois dhomhanda, is acmhainn ríthábhachtach é mórtas ceantair nó gineann sin brí."

Is cinnte gur nuálaíoch an cur chuige atá ag Bradley agus Kennelly sa leabhar. Deir Bradley nach féidir le tír bheith nuálaíoch mura mbíonn tuiscint agus meas ag an phobal orthu féin, ar an áit as a dtagann siad agus ar an áit a bhfuil siad ag iarraidh dul.

Cuireann sé béim ar leith ar an Athbheochan agus ar na heagrais - Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael, Amharclann na Mainistreach - agus an obair a rinne siad i gcur chun cinn féiniúlacht nua.

Tá "a lán le foghlaim" as an aois a ghin iad. Tugann sé "gluaiseachtaí féinmhuiníneacha" orthu agus dea-thréithe mar leanúnachas, cinniúint, idéalachas, cuimhne agus spiorad tírghrách acu. "Anois," a deir sé, "tá an chúis don athbheochan teanga dearmadta ag ceannairí institiúidí oideachais."

Scríobhann na húdair gur buntáiste atá sa Ghaeilge agus ní míbhuntáiste. Baineann an míbhuntáiste féin le ró-úsáid an Bhéarla: "However, the nearly exclusive use of English as the language of Ireland has lead to a restricted and shallow world-view stripped of tradition.

"The 'gravitational force' in Irish development is centrifugal rather than centripetal. This means that country has the tendency to absorb second-hand ideas, values and concepts developed elsewhere (and often discarded there), without making the adjustments essential in a genuinely innovative culture.

"It is exciting to think the Irish language might become a medium to help root resources in place, a source of emotions that help people discover and explore their complex identities."

Caifé Cois Life

FILLEANN AN Caifé Gorm mar Chaifé Cois Life. Bhí cleachtadh ag aos dána na hardchathrach ar léamh filíochta agus ceoil sa Chaifé Gorm thiar sna 1980í.

Tá rún ag Raidió na Life (106.4FM) athbheochan a dhéanamh ar an traidisiún agus sraith clár filíochta agus ceoil a thaifeadadh os comhair lucht éisteachta. An iarraidh seo, beidh Caifé Cois Life féin suite i gceannáras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean.

Beidh na filí Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock, mar aon le Máire Breatnach i mbun ceoil ar an fhidil, ar an ardán seachtain ón oíche anocht.

Is iad na filí Áine Ní Ghlinn agus Mícheál Ó hUanacháin a bheidh i gcuideachta an phíobaire Éanna Ó Cróinín agus an amhránaí Niamh de Búrca coicís ón oíche anocht.

Na scríbhneoirí Gréagóir Ó Dúill agus Liam Mac Con Iomaire agus Cormac de Barra ar an chláirseach agus Cormac Breathnach ar an fheadóg mhór a chuirfidh fáilte roimh an Nollaig agus iad ar ardán Dé Céadaoin 3ú, Nollaig. Ag 8pm a bheidh gach seisiún. Cuireann Raidió na Life fáilte roimh an phobal bheith i láthair. Saor cead isteach agus beidh sóláistí ar fáil.

Fiúntas Oireachtais

I LEITIR Ceanainn, Co Dhún na nGall, a bheidh Oireachtas na Gaeilge an bhliain seo chugainn, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ba mhór ab fhiú do lucht gnó an bhaile sin féachaint ar thorthaí suirbhé a bhí á dhéanamh i gCorcaigh i mbliana ag mic léinn an chúrsa Fiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath faoi stiúir an Dr Éimear Ní Bhrádaigh.

Beidh le foghlaim ón tsuirbhé seo tairbhe an Oireachtais do shiopaí, óstáin, tithe lóistín, lucht tacsaí, srl. €475,000 a fuair an tOireachtas anuraidh ó Fhoras na Gaeilge chun an fhéile a reachtáil.

Is beag an tsuim í chun féile chomh mór sin a reachtáil agus murach an obair dheonach a chuir baill an Choiste Náisiúnta, an choiste aitiúil agus daoine eile isteach ann ní bheadh an rath céanna air.

Nach bhfuil sé thar am ag Fáilte Ireland, An Chomhairle Ealaíon agus forais eile stáit cur leis an chiste?

athbheochan revival - béim emphasis - ceannródaíoch pioneering - cinniúint destiny - doláimhsithe intangible - féiniúlacht identity - fréamhaithe rooted - geilleagar economy - inláimhsithe tangible - machnamh contemplation - nuálaíoch innovative - samhlaíocht imagination - tábhacht importance - téis thesis