Beal binn

Cuirfear tús le himeachtaí ceoil, filíochta agus amhránaíochta i mBré, Co Chill Mhantáin, seachtain ón Aoine

Cuirfear tús le himeachtaí ceoil, filíochta agus amhránaíochta i mBré, Co Chill Mhantáin, seachtain ón Aoine. Is é An Béal Binn, club Gaeilge, a bheidh i mbun na n-imeachtaí.

Dúirt stiúrthóir an chlub, Nuala Nic Con Iomaire, go raibh go leor daoine sa cheantar a raibh Gaeilge acu, líon mór daltaí ó scoileanna lánGhaeilge ina measc.

Bhí "fóram riachtanach leis an bpobal a labhrann Gaeilge a thabhairt le chéile" agus d'fheidhmeodh an club ar an dul sin trí na healaíona béil Gaeilge a fhorbairt.

Cuirfear ceardlanna ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta.

READ MORE

Eolas: 01-8553619