Arabaigh is daoine

Crobhingne: Tá na hArabaigh ablach, barbartha, cáidheach, dúramánta, éagmhar, fuchóideach, gránna, hidriheaspach, íortha, joltaeireach…

Crobhingne: Tá na hArabaigh ablach, barbartha, cáidheach, dúramánta, éagmhar, fuchóideach, gránna, hidriheaspach, íortha, joltaeireach, korrdhiabhalta, láirigeach, míofar, nuallach, otraí, patrarcach, quárhácach, ródach, salach, tulinchinneach, úspánta, vástúil, wrútach, xenofóibeach, ygdrassilshéantach agus zerocheapaitheach.

Baineann siad an lámh dá gcuid gadaithe agus ceanglaíonn siad buamaí dá gcom. Ní ligeann siad dá gcuid ban a ngnúis a nochtadh go poiblí agus léann siad a gcuid scríbhinní spotaitheacha ó dheas go clé. Caitheann siad clocha fiú má tá siad sa pheaca iad féin. Murab ionann agus Críostaithe, creideann siad sa mhairtíreacht a thabharfaidh na flaithis agus na houríacha agus mil agus neachtar dóibh ar ball. Tiomáineann siad eitleáin isteach i bhfoirgintí agus déanfaidh arís é.

Maidir le Críostaithe, tá siad nádúrtha agus de réir mar a cheap Dia iad. Déanann siad gach rud de réir dlí agus cirt agus córa. Cuireann siad daoine chun báis go dleathach de réir trialach choiste dáréag, agus bíonn de rogha ag coirpigh daorbhreithe idir an chroch agus an lámhach agus an t-instealladh mór agus an chathaoir bheo (mar adéarfá). Tá siad iontach maith ag buamáil cathracha ón aer, agus deirtear gur cleas maith é mar nach bhfeictear na corpáin ina sraitheanna sínte. Tá curtha go mór acu le trealamh teicniúil an domhain - an raca, an scriú ingne, an t-uisce leictreach, an bior magairleach, an mhaighdean ghathach, an seomra gáis, an buama adamhach, an pléascán núicléach, maitheasaí gan teorainn siar amach go foirceann an domhain.

Agus cé go ndúirt an té a leanann siad - scéalaí bocht fáin a cuireadh chun báis é féin de réir dlí agus cirt agus oird - gur cheart grá a thabhairt dod chuid naimhde, is maith ann é gur dhein na Críostaithe forbairt, agus tógáil, agus craobhú ar an teachtaireachtaí saonta a bhí aige.

READ MORE

Cá bhfios, b'fhéidir go raibh baint ag an mbás a fuair sé le hé a bheith ina Sheimíteach tuáillechloigneach; ní raibh siad sa bhfaisean ag lucht leanúna an Impire an uair sin ní áirím anois.

Tá na Críostaithe iontach maith, leis, ar chiníocha eile a chur faoi smacht mar a d'ordaigh Dia agus Diaz agus Dubya. Maraíodh mórán déithe ar fud na gcríocha go léir ó Tierra del Fuego go dtí Gob Kamchatka. Thugamarna an creideamh fírinneach neamhearráideach dóibh i Meiriceá ó dheas amháin (seachas Meiriceá lándeas lastuaidh) agus ní bhfuaireamar de mhalairt ach cac láma agus seacláid.

Ní ar na misinéirithe atá an milleán má tá lucht leanúna na seacláide níos líonmhaire ná lucht leanúna an chreidimh; sin é go díreach mar a bheiríonn agus a bhoilgíonn an lacht, agus caithfimid bheith sásta.

Tá na hIondúchasaigh go dona, leis. Iad ag léim san abhainn bheannaithe uair sa bhliain d'fhonn iad féin a ghlanadh - ní chuimhneodh Críostaithe ariamh ar iad féin a bhaisteadh ar an gcuma sin. Droch-chóras aicmeach bunaithe ar airgead agus ar stádas acu. Deacair d'iníonacha agus do mhic na ndonán bochta éirí sa tsaol; an té a shaolaítear mar sclábhaí an lucht oibre fanann sé ann: mac agus iníon an dochtúra agus an pholaiteora, áfach, is amhlaidh go mbíonn an spúnóg airgid ina mbéal acu. Mic agus iníonacha uachtarán ina n-uachtaráin. Fairis sin, tá déithe earráideacha acu: Krishna agus Vishnu agus Brahma agus Durga seachas Beckham agus Britney agus Blár agus Benetton agus Birtí agus Burbary agus Nike agus Puma agus Cócó agus Cóla . Agus saolaítear arís iad mar chruimheanna nó mar chrogaill nó mar fheithidí beaga fearbfháilteacha.

Caitheann na manaigh Bhúdacha éadaí áiféiseacha agus róbaí gan dealramh. Creideann siad más amhlaidh go n-éiríonn leo suí faoi chrann ar feadh cúpla uair an chloig go dtiocfaidh an solas chucu. Géilleann siad do phúcaí agus do sprideanna agus do dhiabhail agus do dhraíocht agus do dhealbha ag bogadh. Is i dtíortha bochta de chuid an tríú domhain is mó a chleachtaítear é mar chreideamh. Go leor de na Seapánaigh i rithe an dara chogaidh mhóir a rinne cuid de na coireanna ba mheasa de chuid an domhain nár chualathas a léithéid riamh roimhe nó ina dhiaidh maidir le barbaracht agus le pianpháis agus le coscairt, agus a chomáin a gcuid eitleán cam is cásmhar go féinscriosmhar is go meata ar a namhaid, is amhlaidh gur Bhúdaigh iad, leis.

I leataoibh ón méid sin, is naoimh uile iad an chuid eile den chine daonna.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar