Aoir san Iarthar agus san Oirthear

BEOCHEIST: Óltar Gruner Veltliner Smaragd Freie Weingartner Wachau '98 agus Espresso Mollotinas i ndomhan Ross O'Carroll Kelly…

BEOCHEIST:Óltar Gruner Veltliner Smaragd Freie Weingartner Wachau '98 agus Espresso Mollotinas i ndomhan Ross O'Carroll Kelly. Seasann na túslitreacha R.O.C.K ag Ross O'Carroll Kelly do 'Rock' sa Charraig Dhubh as 'Baile Átha Cliath 4,' an dream a bhfuil leabhair Paul Howard bunaithe orthu go hoscailte. Tá naoi leabhar, dráma amháin in amharclann an Gaiety agus colún san Irish Timesag Paul Howard.

Gan an milleán go léir a chur ar an bpobal san, féachaimis ar aoir An Béal Bocht atá ag An Milleánach Flann O'Brien. Is scigmhagadh é ar leabhair oileáin an Bhlascaoid, An tOileánachagus Peigmar shampla. Is ag pleidhcíocht faoi mheon phobal beag Chorca Dhuibhne a bhíonn sé. Corca Dhorcha a bhaist sé ar an tír ar fad de bharr an dorchadais agus an chruatain leis an bpríomhpháirt ag Bónapárt Ó Cúnasa ann.

Is annamh a bhíonn aon solas i gCorca Dhorcha, mar a léimíd: "Chonac (Bónapárt) inniu an chéad gha gréine a tháinig riamh go Corca Dhorcha." I saol geal Ross O'Carroll Kelly sa chathair, itear prosciutto, parmasan. Ní ítear na muca i gCorca Dhorcha, Sorcha Ambróis is ainm dá muc, an t-aon rud nach bhfuil dorcha dóibh. Itheann Ross pesto agus trátaí triomaithe ón ngrian ach is fada ó thrátaí triomaithe ón ngrian a bheadh sé i gCorca Dhorcha.

Cé go raibh ocras ar chlann Bhónapáirt in An Béal Bocht, ba chuma leo mar ní raibh "aon ní (ina) mbéal ach milisbhriathra na Gaeilge". Bhíodh Flann O'Brien ag magadh faoi dhaoine áirithe a bhí róthógtha le cúis na Gaeilge, dream a bhí mar íobartaigh ar son na cúise agus náisiúnaí gurbh é an t-aon ábhar cainte a bhí acu ná - "An Ghaeilge as Gaeilge!"

READ MORE

Mar a deir Joyce: "Too much a sacrifice can make a stone of the heart." Ach, maidir le croí agus grá, cáineann Paul Howard an domhan eile, domhan O'Carroll Kelly le heaspa tírghrá b'fhéidir, ach iomarca grá dóibh féin, don airgead agus do bhróga faiseanta costasacha Salvatore Ferragamo.

I mBaile Átha Cliath 4, sníomhann ainmneacha faiseanta Gaelacha: Oisinn, Fionn, Shawn, Naoise, Sorcha, daoine ar leithligh, daoine éagsúla, trí leabhar Paul Howard. In An Béal Bocht, Jams O'Donnell is ea ainm scoile Béarla Bhónapáirt, ainm amháin a thugtar do gach uile scoláire ar scoil agus sin sin.

Ar an gcéad lá ar scoil chaith Bónapárt "bríste de ghlas na caorach" air agus "gan aon ghreim eile d'éadach abhus ná thíos" air gan aon ghearán ón bhfíor-Ghael. Úsáidtear ola ó na caoirigh atá ag maireachtaint leo. Maidir le héadaí i mBaile Átha Cliath 4, tá Sorcha, bean chéile Ross ag céiliúradh lena clann in óstán an Radisson. Is í an nuacht atá aici ná go bhfuil an lipéad do Rock Republic chun a bheith ar díol ina siopa éadaí, lipéad nach bhfuil ar fáil in aon siopa eile in Éirinn. A Dhia! Dochreidte!! Ní bheadh aon rud eile ag teastáil uaithi anois...

Deir Bónapárt i gCorca Dhorcha nach raibh aon rud ag teastáil uaidh, cé nach raibh faic aige. Bhí sé "beo bocht leathchaillte le hocras agus anró ... theip (air) cuimhneamh ar aon ní taitneamhach so-úsáidte a bhí de dhíth." Dhein Flann áibhéil ar mheon mhuintir na hÉireann, iad ar nós Calvin agus Freud leis an tuairim gan iomarca féinghrá bheith acu dóibh féin.

Mar chodarsnacht chuirfeadh sé Candide, an aoir le Voltaire, i gcuimhne mar tugann Pangloss fealsúnacht dhearfach i gcónaí: "Tout est pour le mieux dans le meilleur des mondes." Seasann Pangloss don té atá ródhearfach, cé go dtarlaíonn mí-ádh dó: ár; scliúchas; cogaí agus bochtanas. Is a mhalairt atá an greann sárdhiúltach i ndomhan Chorca Dhorcha dona duairc doiléir.

Déanann Flann áibhéil do na gearáin seo in An Béal Bocht: "Ní haon mhaitheas do dhaoine a bheith ag maireachtáil ar scáth a chéile...mura bhfuil acu ach na scáthanna." Faigheann sé an spriorad flaithiúlacht Éireannach greannmhar, mar dar leis ní raibh aon bhia ná rud le tabhairt seachas comhairle agus seanfhocail.

I mBaile Átha Cliath, tá athair Ross flaithiúil dá mhac lena chárta creidmheasa Platinum. Faraor, cuirtear é sa phríosún toisc go raibh sé i mbun caimiléireachta san obair. Cuirtear Bónapárt sa phríosún freisin toisc go raibh ór ina sheilbh aige. Seachas san níl mórán cosúlachtaí ina saol.

Seans nach bhfuil gach éinne ó D4 ag ól Gruner Veltliner Smaragd Freie Weingartner Wachau '98, agus nach bhfuil gach éinne ó Chorca Dhuibhne sásta sa ghanntanas ach is maith an rud é gur féidir linn gáire fúinn féin.

• Fillfidh Alan Titley ar an tseachtain seo chugainn