An pub thar saile

Is fada ó bhí Máirtín Ó Direáin ag caint ar mhuintir na hÉireann ag scuabadh leo go hOstend is Paris ar a laethanta saoire ar…

Is fada ó bhí Máirtín Ó Direáin ag caint ar mhuintir na hÉireann ag scuabadh leo go hOstend is Paris ar a laethanta saoire ar chuairt ámhaille. Is cosúla go mór gur go tuaisceart na hAfraice, go Florida, nó go dtí an gCianoirthear féin a ghabhtar anois. An leanbh bocht scoile is é is túisce a iarrtar air um dheireadh an tsamhraidh cuntas nó aiste a scríobh ar a laethanta saoire.

Bíodh gur i bhfad in imeall na spéire atá an chríoch áirithe sin anois uainn, is beag an seans gur ag scríobh ar sheachtain cois trá i mBun an Tábhairne, nó i mBun Dobhráin, nó i mBaile an Bhuinneánaigh a bheifear.

Deirtear go bhfuil an domhan i bhfad níos lú inniu ná mar a bhíodh, cé go dtuigim ó lucht cruinnethomhais go bhfuil sé a bheag nó a mhór ar aon chomh-mhéid is mar a bhí nuair a chrom Ptolemy ar a chuid léarscáileanna a bhreacadh. Deirtear go ngluaiseann an t-am níos mire agus níos gasta de réir mar théann daoine in aois, cé gur dóigh liom nár deineadh aon útamáil mhór le huaireadóirí lenár linn.

Ina choinne sin, is fíor gur túisce a rachadh duine go dtí an Chambóid ná go dtí an Com Dearóil in aice láimhe ar aoibhneas na haimsire agus ar shaoire na bpraghsanna inti. Is í An Spáinn fós, nó blascaodaí dá cuid, an tarraingt is mó ag muintir na críche fliche seo. Mar is ann is fusa adhradh a dhéanamh ar dhia na gréine, ár seanchara Lugh féin, atá tar éis formhór na ndéithe eile ón meánoirthear a scoitheadh le scór éigin bliain anuas. Is airde é ná spuaic na heaglaise is airde, is gile é ná gach coinnleoir dá raibh, agus is teo é ná na tinte a bhagraítí orainn. Fairis sin, ní éilíonn sé dílseacht seachas réaltaí ar bith eile, mar is cumhachtaí inár gcuibhreann é ná an t-iomlán dearg díobh.

READ MORE

Agus is chun na gréine, is é sin, go dtí An Ghrianlann a théann cách, agus ní chun na Spáinne. Tá stráice beag caol cúig chiliméadar ar leithead ag crioslú na Spáinne nach cuid den Spáinn in aon chor é. Smut den Ghrianlainn, d'El Dorado, den Chosta de Chraiceanndhóite é nach mbaineann le tír ar bith.

Cuireadh ceist ar bhean éigin le linn glaoch teileafóin raidió suim bhlianta ó shin cá raibh sí ar laethanta saoire. "Sancho Panza" adúirt sí le teallaireacht lánmhuiníneach. "Go breá," arsa an t-agallóir ag iarraidh na soicindí a mheilt, "agus cá bhfuil sé sin?" "N'fheadar ó thalamh an domhain," ar sise, "chuamar ar an eitleán".

Agus is measa go mór is go fada ná sin go mbéarfaimid a bhfuil de chultúr bréige linn. Tá an pub Éireannach le fáil go flúirseach ar gach fearann dá dtig.

I lár an ghaineamhlaigh thuas nó laistigh den chrios Arctach is ann a gheobhaidh tú iad. Paidí Punch laistiar den bheár lena fhéasóig rua, ceol riverdance á chraoladh go glórach, suaitheantais ghlasa ar fud an bhaill.

Is mé a bhí iontu ar son an taighde seo agus chuir mé suntas ina gcuid teideal, ceann ar cheann: McGinty's Goat, The Old Triangle, The Benny Burp, The Pig and Bristle, the Durty Crubeen, The Cailleach Bare, The Gur Cake, The Furry Glen, The Dung and Dusted, The Tight Tout, The Tap of the Morning, The Brendan Smyth, The Paddy File, The Bog and Trotter, The Limerick Slake, The Fags' End, The Drunken Donut, The Drop of the Craytur, The Paddy Whack, The Quare Hawk, The Lad and Langer (do mhuintir Chorcaí), The Well and Fluthered, Juno and the Paycheque, The Kitsch Inn, The Wetted Whistle, The Mighty Craic, The Stirabout, The Wisha Rue, The Liffey Water, The Drownded Shamrock, The Wee Jocund Doris, The Casuistical Jesuit, The Blarney Stone, The Other Blarney Stone, The Crusty Brother, Another Round, The Tippler's Throttle, The Smoke and Cough Inn, The Tive Yark, The Gravy Rain, The Phoenix Phlegm, The Knock'nGo, The Downing Hatch, The Pooka's Purse, The Roistering Brady, The Snoggin Snug, The Pet Rabbite, The Law Amawruck, The Perky Warbeck, The Healing Ray, The Belted Herons, The Michael McGhoul's, The Knacker's Yard, Betty Nolan's, The Rosy Tremors, Good Mornin' Sur, The Thirst Confession, The Great Foam Inn, The Clive Slushfund, Drinktiludhrop, The Euro Paean, The Biblious Belt, The Boiling Bowsies (do mhuintir na Mí), Faherty's Shades of Green, The Dingle Berry, Sue na Whorenun, The Nappy Tender, The Brown Envelope, ...

In ionad dul chun na Grianlainne, b'fhiú smaoineamh ar dhul trasna an bhóthair i dtosach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar