An nota foirfe cruthaitheach ag Maude

Ní i dtólamh a éiríonn leis an teilifís mar mheán buanna filíochta a chur ar shúile lucht féachana

Ní i dtólamh a éiríonn leis an teilifís mar mheán buanna filíochta a chur ar shúile lucht féachana. Ní i gcónaí a iompraíonn íomhánna brí an fhocail scríofa go sásúil.

Is ábhar ceiliúrtha é, mar sin, gur éirigh le Concerto Chaitlín Maude (TG4, oíche Shathairn) anam agus saol an fhile Caitlín Maude a chur i láthair an phobail.

Is eol don saol mór gur bás tubaisteach a mhúch solas Maude agus gan ach bliain agus dhá scór slánaithe aici. D'ainneoin sin, maireann a cuimhne de bharr a cuid filíochta agus amhránaíochta.

Dálta mórán daoine eile, déarfainn, bhí eolas agam ar a cuid dánta. Chaith mé cúpla bliain ag teagasc ranganna do dhaoine fásta agus chuirinn Amhrán Grá Vietnam ar an siollabas gach aon bhliain. Ní raibh d'aithne agam ar an duine, áfach, ach a portráid thaibhsiúil ar chlúdach leabhair.

READ MORE

Mar sin de, pléisiúr a bhí ann éisteacht lena lucht aitheantais agus iad ag cur síos uirthi. Thuigfeá gur bhean í a raibh luach aici ar an saol - an saol pósta, ar shaol daoine a bhí ar an ghannchuid agus ar shaol an ealaíontóra.

Agus a leithéid d'ealaíontóir; í ar a compord i mbun dáin nó amhráin nó aisteoireachta. Ní áibhéil d'aidiacht í "ildánach" sa chomhthéacs seo. Dúirt cainteoir amháin go mb'fhéidir gur bhain na buanna ar fad dá héifeacht mar fhile; bhí sí róghnóthach le míreanna eile ealaíne le díriú ar a cuid cumadóireachta.

Ní thuigfeá as an chlár, ámh, gur chuir na míreanna as di - a mhalairt i ndáiríre. Chuir na rólanna éagsúla lena saol mar ealaíontóir. Ní locht é bheith ildánach; easpa smachta i mbun na healaíne a bhaineann d'éifeacht ealaíontóra. Níorbh aon ghiolla na leisce í Maude, ámh. Bhain tréith sin an mhúinteora léi; thug sí a am féin do gach aon ábhar agus bhláthaigh sí mar ealaíontóir dá bharr sin.

Agus tú ag éisteacht léi ag aithris a cuid rann, ba léir go raibh tionchar ag an amhránaíocht agus ag an aisteoireacht ar chur i láthair na ndánta. Bhí tuigse aisteora agus amhránaí aici ar thábhacht an ghlóir; thuig sí gur ghá go gcluinfeadh daoine í; go dtuigfeadh daoine í agus go n-éisteodh daoine léi.

Chuici sin, a guth ceolmhar rithimeach a mheall an t-éisteoir chun cumainn. D'aimsigh sí an nóta foirfe cruthaitheach arís agus arís eile ina cuid dánta.

Os a choinne sin, baineann tábhacht le Maude mar fhile de bharr go raibh rud éigin fiúntach le rá aici. Mairfidh go leor dánta dá cuid de bharr gur dánta sainiúla iad, de bharr gur éirigh léi eispéireas agus aigne a cheapadh i bhfocail fhiliúnta.

Ba ag an fhoilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh an cur síos ab fhearr ar a dearcadh i leith na filíochta. Dúirt sé gur tháinig an fhilíocht as ceann, croí, putóga agus baill ghiniúna. Paisean a bhí i gceist; ní intleacht amháin. Bhí idir phaisean agus intleacht le sonrú sa chlár fosta.

Tá an-chreidiúint ag dul don stiúrthóir, Aoife Nic Cormaic, as na gléasanna ceoil ar fad a chur in oiriúint dá chéile - scéal máthar, céile mná agus ealaíontóra - agus as a samhlaíocht agus as an cheol a chum sí don chlár. Oiread chéanna le Maude ina cuid filíochta, d'aimsigh Nic Cormaic an nóta foirfe.

Scríobhann Tomás Mac Síomóin, file, criticeoir agus cara Maude gur "tragóid leanúnach do litríocht na Gaeilge agus don Ghaeilge féin" bás antráthach Maude: "An t-aon sólás atá againn, más beag féin é, ná go leanfaidh Caitlín Maude ... ag labhairt linn "gach oíche/ó íochtar mara"".

"Níor chuir sí focal amú," a dúirt an Snodach agus tocht air. Thuig tú cúis a bhróin.

Tá cnuasach nua de chuid scríbhneoireachta Maude foilsithe ag Coiscéim, Caitlín Maude - dánta, drámaíocht agus prós. Ciarán Ó Coigligh a chuir in eagar agus tá réamhrá le Tomás Mac Síomóin leis. €10 a luach.