An deorai Eireannach

Is é Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, a osclóidh scoil samhraidh Merriman go hoifigiúil i mbliana…

Is é Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, a osclóidh scoil samhraidh Merriman go hoifigiúil i mbliana in Óstán Falls, Inis Díomhaoin, Co an Chláir, Dé Sathairn 17ú Lúnasa ag 8.30 p.m. Mairfidh an scoil go dtí Dé Sathairn, 24ú Lúnasa. Is é "Deoraithe: Abhus agus Thall" téama na bliana seo.

Cé gur i mBéarla atá an chuid is mó den scoil, tá imeachtaí Gaeilge ann. Tabharfaidh Máire Ní Mhaonaigh seimineár Gaeilge Dé Luain, 19ú Lúnasa, ag 10 a.m. dar teideal "Ionnarbadh agus Imirce in Éirinn sa Luathré".

Dé Máirt, 20ú Lúnasa, beidh an scríbhneoir Pádraig Ó Baoighill ag tabhairt seimineáir ar "An Imirce go hAlbain: Imirce an Riachtanais" ag 10 a.m.

Beidh Proinsias Mac Aonghusa ag caint ar "Mac Amhlaigh agus a Chomrádaithe: na Fir Shluasaid Deiridh" Déardaoin 22ú Lúnasa ag 10 a.m. Labhróidh Úna Ní Bhroiméil ar "Gaelachas agus Gaeilgeoireacht - Na Gaeil i Meiriceá" ag 3 p.m. ar an lá céanna.

READ MORE

Beidh Seosamh Ó Mealóid ag plé le "Aniar thar na Bánta" Dé hAoine 23ú Lúnasa ag 10 a.m. agus beidh reacaireacht le hEoghan Ó hAnluain agus Doireann Ní Bhriain ag 10.15 a.m. Dé Sathairn.

Le cois na gcainteanna, beidh ceardlanna teanga, Renew your Irish, le hEoghan Ó hAnluain le linn na seachtaine.

Beidh cainteanna Béarla ann ar dheoraithe Éireannacha thar lear agus ceol agus damhsa le linn na seachtaine. Eolas: 087-9324725 nó eolas@merriman.ie

Aisling aistriúcháin

CUIRFIDH Aisling Ghéar leagan Gaeilge de Translations Brian Friel ar an stáitse sa Theatre Space @ the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath 1, oíche Luain go dtí Dé Sathairn 3ú Lúnasa. Grá agus meath teanga is ábhar don dráma atá suite i nDún na nGall sna 1830í. Is é an scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin a d'aistrigh an saothar agus is í Bríd Ó Gallchóir a léiríonn. Gach léiriú ag 8 p.m.

Eolas: 01-8729977.