Airgead in aisce?

Beocheist: Even the small investor should ask questions of the financial markets, writes Micheál W. Ó Murchú

Beocheist: Even the small investor should ask questions of the financial markets, writes Micheál W. Ó Murchú

Ansbacher, Elan, Enron, WorldCom - ainmneacha a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu dá n-ainneoin féin agus de cheal iarrachtaí i dtreo na cumarsáide poiblí bheith i gcúl aigne acu - ná fiú urlabhraithe íoctha acu ainm an eagrais a chur i mbéal an phobail ar fud an domhain.

Tá curtha in iúl go neamhbhalbh nach ionann ainm agus sloinne bheith luaite i dtuarascáil Ansbacher agus dlíbhriseadh bheith i gceist. Agus sin ráite, cad é an sorcas ba mhó a bhí againn le déanaí?

Níl mé dall ar fad ar an saol airgeadais ná fiú caochshúileach i dtaca le scaireanna, idir cheannach agus dhíol.

READ MORE

An uair go raibh cónaí orm sna Stáit Aontaithe sna 1980í déanacha casadh orm duine oilte a thuig infheistiú scaireanna go fíormhaith i saol gnó Mheiriceá. D'éirigh go seoigh leis na scairenna a cheannaíos an tráth úd. Níorbh amhlaidh i gcás Eircom.

Ní mór dom a admháil, áfach, go bhfuil ceisteanna agam le fada an lá faoin saol airgeadais seo. Cuir i gcás, conas is acmhainn don ardbhainistíocht leibhéal áirithe brabúis a bhaint amach ó ráithe go ráithe?

Agus céist thánaisteach - conas is féidir leis an mBord Stiúrtha an leibhéal bónais a choinneáil chomh hard sin bliain i ndiaidh bliana agus íocaíochtaí breise a bhronnadh ar na hardoifigigh?

Glac uaim nach bhfuilim ag cur droch-chleachtais i leith na mBord Stiúrtha i gcoitinne nó i gcoinne na hardbhainistíochta. Ag deireadh thiar, is é is prionsabal uile-ghabhálach an líne agus an líon brabúis a chruthú agus a thaispeáint do na scairshealbhóirí, go bhfuil an comhlacht agus an fiontar ag dul i dtreise.

Ar ndóigh, tá eilimint bhreise le cur san áireamh freisin. Agus seo é. Tá ceisteanna tógtha cheana féin de thoradh na gCoistí Fiosraithe abhus, bíodh is nach bhfuil na tuarascálacha taghta chun solais go fóillín. Is ríléir go bhfuil ardleibhéal sainte agus airce ag feidhmiú i measc daoine agus comhlachtaí áirithe ar nós cuma liom faoi na himpleachtaí.

An té a léann tuairiscí gnó abhus agus go hidirnáisiúnta, tuigtear nach bhfuil nochtaithe go dtí seo ach céatadán beag den chamastaíl is den chaime airgeadais. Tá glactha go forleathan go bhfuil scéimeanna ar aon dul le Ansbacher ann.

Ceann de na gnéithe is mó a ghoilleann ar an ghnáthdhuine a íocann cáin de réir na ndlíthe stáit atá i bhfeidhm, gurb ionann an camchleachtas seo agus airgead a thógáil as a phóca.

De bhreis air sin, tá an chosúlacht ann go bhfuil deireadh le nóisean an tírghrá i measc grúpaí pribhléideacha áirithe.

Ní gá dúinn oidhreacht na staire ar fad a thabhairt chun cuimhne, na híobairtí éagsúla a ghlac ár sinsear chucu féin ionas go mbeimis acmhainneach ar dhul chun cinn a dhéanamh sa saol.

Chaith siad a saol chun an staid neamhspleáchais seo a bhaint amach don ghlúin chomhaimseartha agus do na glúnta romhainn amach.

LÉIRÍONN an cleachtas camastaíle reatha abhus agus i gcéin go bhfuil leas an phobail go mór faoi ionsaí. Is ar na daoine agus na pobail is laige agus is imeallaí is mó a thiteann buillí troma an drochiompair seo agus a íocann as.

Leas an duine aonair atá tagtha chun barr-réime, sin í an aidhm, sin é an mórsprioc atá le sroichint in aghaidh na ráithe. Tá na pleananna gnó agus an cur chuige dílsithe agus ag freagairt do na haidhmeanna sin. I measc na bpeacaí is measa sa saol gnó tá torthaí agus brabús íslithe i gcomórtas leis an ráithe ata díreach caite.

Caipitleachas ar fán, imithe thar dreap. Ní rud úr é go mbíonn na caipitlithe de shíor sa tóir ar an mbrabús. Nach é sin croí a ngníomhchreidimh! Tá siad lánsásta comhlachtaí a cheannach, a bhriseadh, agus codanna a dhíol beag beann ar na hoibrithe.

An ghné speisialta a bhfuil suntas ar leith ag gabháil léi anois is ea tabhairt faoi na cuntais a scigréiteach - le cuidiú na gcuntasóirí inmheánacha - tuairiscí neamhréalaíocha gan bhrí, gan bhunús a sholáthar d'aon ghnó chun na figiúirí ráithe a choinneáil níos airde ná na cuntais a ghabh rompu.

An gnó nach bhfuil fírinne, macántacht, cothrom na Féinne mar phrionsabal agus mar phraitic lárnach ann, luath nó mall beidh thiar air. Is cuma cén sórt gnó nó cén sórt eagrais é.

Déarfadh daoine áirithe, b'fhéidir, go bhfuil na tréithe sin imithe as faisean anois. Más amhlaidh atá is róbhaolach go dtiocfaidh an chamastaíl agus an chaime chun cinn athuair faoi úrchló agus leagan amach eile.