‘Ní chreidfeá go mbeadh muid anseo in Éirinn ag súil go dtitfeadh báisteach’

Tagann tancaer as Gaillimh go hInis Oírr faoi dhó sa ló chun uisce a sheachadadh ón mhórthír.

Foclóir: Ionad cóireála - treatment plant; fánphíobáin - down-pipes; caidéil díosal – diesel pumps; mórthír - mainland; bainisteoir - manager; aolchloch - limestone; baolach - dangerous.

Is mór an tógáil croí agus fionnuaras do dhuine folcadh breá den seansáile goirt a fháil.”

Sa chéad seo caite a scríobh Séamas Mac an Iomaire an méid sin agus is cinnte go mbíonn an-tóir fós ar shnámh farraige mar chaitheamh aimsire folláin.

Ach ar Inis Oírr, i mbéal Chuan na Gaillimhe, áit a bhfuil brú mór ar infreastruchtúr sholáthair uisce, is ar chúis eile ar fad a dhéantar magadh gur san fharraige a fhaightear an folcadh is fearr.

READ MORE

Más fíor gur minic a dhéantar talamh slán de sholáthar uisce úir ar an mórthír, ní mar sin a bhíonn ar oileáin na hÉireann.

Bíonn tionchar mór ag an ngeolaíocht ar an méid uisce ar féidir astarraingt a dhéanamh air ach tá leagan amach dúshlánach geolaíochta ar na trí Oileán Árann - Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr.

“Aolchloch is mó atá san oileán seo,” a dúirt Chloe Ní Mháille, bainisteoir Chomhar Chaomháin, comhlacht forbartha Inis Oírr.

“Níl cnoc nó sliabh ar an oileán. An fhadhb atá leis sin ná nach gcoinníonn sé an t-uisce,” a dúirt sí.

Tagann tancaer de chuid Lasta Mara Teo as Ros an Mhíl go hInis Oírr faoi dhó sa ló uaireanta chun suas le 280,000 lítear uisce a sheachadadh ón mórthír.

“Tá píobán thíos ar an gcéibh agus brúitear uisce suas go dtí an t-ionad cóireála atá i lár an oileáin.”

Déantar iarracht an úsáid laethúil a bhaintear as uisce cóireáilte a laghdú ar an oileán agus mar chuid den iarracht sin cuirtear ciondáil uisce i bhfeidhm istoíche.

“Bailíonn chuile chlann uisce báistí óna bhfánphíobáin féin agus úsáidtear é sin sna leithris, ar na plandaí, agus leis na hainmhithe,” a dúirt Ní Mháille.

Bíonn ar na hóstáin agus tithe tábhairne an oileáin “córas traenach” a úsáid ina gceanglaítear líon mór tancanna le chéile ar an díon nó san áiléar chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na dturasóirí.

“Amanta bíonn imní go dtarlódh dóiteán san oíche agus nach mbeadh muid in ann an t-uisce a chur ar siúl in am chun an tine a mhúchadh,” a dúirt sí.

“Tuigeann muid an luach atá le huisce, ní chuirtear braon amú. Nuair a bhíonn daoine ag iarraidh folcadh a ghlacadh, deirimid leo gurb í an fharraige an folcadh is fearr!”

The harbour on Inis Oírr / Inisheer is in the process of a major development

Fás

Tá Inis Oírr ar an oileán is lú de chuid Oileán Árann, í suite idir Inis Meáin agus Co an Chláir ar an taobh eile.

I ndaonáireamh 2016 bhí 281 duine ar an oileán ach sna figiúirí is déanaí a foilsíodh tháinig ardú go 343 ar an daonra.

“Rugadh 14 leanbh ar an oileán le linn Covid.Tá an t-ádh linn go bhfuil an daonra ag fás,” a dúirt Ní Mháille.

“Tá thart ar 30 páiste ag freastal ar an mbunscoil agus tagann daltaí ón mórthír chun freastal ar an meánscoil don idirbhliain. Amanta bíonn siad chomh sásta sin go bhfanann siad agus go leanann siad ar aghaidh sa scoil go dtí an ardteistiméireacht.”

Más ón bhfarraige is mó a bhíodh cothú na ndaoine, tráth dá raibh, is ón turasóireacht is mó anois a shaothraítear slí bheatha. Cé go bhfuil fás suntasach tagtha ar dhaonra an oileáin, ní mórán é le hais an mhéadaithe a thagann ar an daonra sa samhradh.

“Is minic go mbíonn idir 2,000-4,000 ar an oileán ag an am,” a dúirt Ní Mháille.

Cuireann sé sin go mór leis an saol ar an oileán ach cuirtear brú ar infreastruchtúr uisce an oileáin freisin.

“Tagann scoláirí Gaeilge, bíonn tithe lóistín lán, agus leis na turais lae bíonn go leor turasóirí ag úsáid na leithreas agus ag níochán na lámha,” a dúirt sí.

Cé go mbailítear an oiread uisce agus is féidir, tá géarghá le hinfheistíocht i seirbhísí uisce an oileáin.

“Is gá a bheith cúramach agus cliste faoi ach é sin ráite, ní chreidfeá go mbeadh muid anseo in Éirinn agus muid ag súil go dtitfeadh báisteach.”

“Go dtí seo tá Uisce Éireann sásta airgead cánach a úsáid chun bád uisce a thabhairt isteach faoi dhó sa ló. Ba mhaith linn a bheith in ann níos mó uisce a bhailiú agus tancanna uisce níos fearr a fháil,” a dúirt Ní Mháille.

Cé go gcuirtear béim go minic ar an bpráinn atá le foinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáid chun seirbhísí a sholáthar, fágann an modh a úsáidtear faoi láthair chun uisce a thabhairt chuig Inis Oírr lorg carbóin.

“Fágann na báid lastais lorg mór carbóin. Bíonn gá le caidéil díosail i Ros an Mhíl agus ar an oileán chun uisce a thabhairt isteach.

“Tá bealaí timpeall ar na rudaí seo ach teastaíonn maoiniú chun staidéar féidearthachta a dhéanamh d’fhonn plean fadtéarmach a réiteach,” a dúirt Ní Mháille.

Céibh

Tá céibh nua dlite don oileán le fada an lá. Bhí cead pleanála faighte in 2005 ach tharla an cúlú eacnamaíochta agus tá muintir an oileáin fós ag fanacht. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an obair go luath.

Agus is léir go bhfuil géarghá léi. Bíonn sé baolach agus na báid ag teacht isteach ar ucht ard na dtonn leis an bhfarraige ag at is ag borradh fúthu.

“Bhí mé ar cuairt san Iodáil le déanaí agus chonaic mé céibh a chosain €29 milliún,” a dúirt Ní Mháille.

“Ní bhíonn orthu sin a bheith buartha gan acu ach athrú 20 cm i leibhéal an uisce, ach bíonn orainne déileáil le hathruithe suas le 5 mhéadar!

“Ní thuigeann daoine cé chomh tábhachtach agus atá an chéibh. Tá sí ar an gcéad chuid de bhóthar an oileáin.

“Bíonn gá a bheith cruthaitheach agus cliste i gcónaí agus a bheith eagraithe roimh ré,” a dúirt sí.

“Uaireanta bíonn an bád in ann taisteal idir Ros a Mhíl agus Inis Mór sa drochaimsir ach bíonn muid féin gan bhád ar feadh seachtaine ó am go chéile. Le linn aimsir Covid bhí trí seachtaine ann nuair nár tháinig bád lastais ar bith isteach.

“Bhí orm glaoch a chur ar an sagart agus iarraidh air an bhféadfainn ceirisín a thógáil ón séipéal agus é a thabhairt amach ag clann ar an oileán,” a dúirt sí.

Bíonn gá socruithe ar leith a dhéanamh freisin i gcás éigeandála leighis.

“Má bhíonn mná ag súil bíonn orthu an t-oileán a fhágáil b’fhéidir trí nó ceithre seachtaine roimh ré.”

Bíonn roinnt dúshláin praiticiúil eile a bhaineann le saol ar an oileán.

“Má cheannaíonn tú rud éigin ar líne is minic nach dtiocfaidh sé níos faide ná na duga i nGaillimh.

“Bíonn ort lastas a íoc anuas ar an mbunlastas chun é a thabhairt amach go dtí an t-oileán. Ní fheiceann daoine é sin,” a dúirt Ní Mháille.

Ach is léir go bhfuil sprid agus meanma mhaith ar an oileán agus baintear úsáid as grúpa bríomhar WhatsApp chun fanacht i dteagmháil le chéile.

“Má bhíonn aon duine gann ar aon rud is féidir ceist a chur ‘an bhfuil sé seo ag aon duine’. Cibé rud atá ag tarlú, bíonn daoine sásta comhoibriú agus cabhair a thabhairt dá chéile.

“Is áit iontach é le clann a thógáil nó le maireachtáil ann,” a dúirt sí.

“Tá comharsanacht agus saol álainn againn anseo. Bíonn sé go deas go mbíonn an dá shéasúr ann - séasúr na dturasóirí agus an séasúr ciúin. Tar éis aimsir na dturasóirí bíonn an t-oileán féin ar ais mar a bhí.

“Bíonn am ciúin ann sa gheimhreadh nuair a bhíonn muid in ann scíth a ligean.”

“Bíonn sé rómhaith uaireanta!”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.