Lá Mór na Gaeilge chun 130 bliain d’Athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh

Ceiliúradh spreagúil geallta le turais treoraithe, ceardlanna, ceol, craic agus eile á reáchtáil ar an lá

Foclóir: Féile - festival; deis - opportunity; damhsa - dance; freastal - attend; ceardlann - workshop; oidhreacht - heritage; gluaiseacht - movement; eagras - organisation; dánlann - gallery; Seoirseach - Georgian; coimeádaí - custodian/conservator; líofacht - fluency.

Reáchtálfar an fhéile shráide bhliantúil Lá Mór na Gaeilge i gCearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath an Domhnach seo chugainn, 30 Aibreán.

Ócáid í seo atá eagraithe ag Baile Átha Cliath le Gaeilge (BÁC le Gaeilge) le cabhair agus tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tá pobal mór Gaeilge lonnaithe ar fud chathair Bhaile Átha Cliath agus deis a bheidh ann dóibh casadh ar a chéile, éisteacht le ceol, damhsa a dhéanamh agus freastal ar cheardlanna a bhaineann le gnéithe de shochaí na tíre.

READ MORE

“Athbheochan na Gaeilge — 130 Bliain” an téama i mbliana.

Beidh forbairt, fás agus leathnú na Gaeilge faoi chaibidil ag na himeachtaí ar a mbeidh ceardlanna agus cainteanna inspéise ina measc, a dúirt Mícheál Ó Nualláin, stiúrthóir BÁC le Gaeilge, le Tuarascáil.

“Tá an oiread sin den stair a bhaineann leis an gcultúr agus le hoidhreacht na Gaeilge ar an taobh ó thuaidh den chathair gur ceart é sin a cheiliúradh,” a dúirt sé.

I mí Iúil 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge agus a thosaigh athbheochan na teanga. Bhíodh ardoifig an eagrais agus árais cuid de na craobhacha ba cháiliúla ar Chearnóg Parnell.

Ach ó athraíodh an ardoifig anonn go Sráid Fhearchair le linn na seascaidí, go minic samhlaítear imeachtaí an Chonartha le deisceart na cathrach.

Ní hamhlaidh atá na himeachtaí sin, dar ndóigh, ach ní miste an bhaint stairiúil atá ag gluaiseacht na Gaeilge le tuaisceart na cathrach a chur i gcuimhne dúinn féin mar gur minic é ligthe i ndearmad.

Ar Chearnóg Parnell freisin a bhíodh Coláiste Mhuire, Gaelcholáiste cáiliúil na mBráithre Críostaí a thosaigh i dtosach in 6 Sráid Fhearchair sa bhliain 1931. Sa treo ó thuaidh a bhí an sruth Gaeilge sna tríochaidí mar in 1933 a bhog an coláiste anonn go 27 Cearnóg Parnell.

Cearnóg ársa Sheoirseach í Cearnóg Pharnell, cearnóg ar ndóigh, ina bhfuil An Gairdín Cuimhneacháin.

Ach ní hamháin gur ann a bhíodh ceannáras agus craobhacha stairiúla an Chonartha, eagras a raibh dlúthbhaint aige ar ndóigh leis an réabhlóid náisiúnta, ach ba sa Rotunda a bunaíodh Óglaigh na hÉireann in 1913.

Lárionad cultúir í an chearnóg sa lá atá inniu ann - tá Amharclann an Gheata, Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus Dánlann An Hugh Lane, ag feidhmiú ann i gcónaí*.

Murar leor an méid sin ar fad mar údar le lonnú fhéile mhór Ghaeilge sa Chearnóg, ní lá go maidin é!

Maidir le Lá Mór na Gaeilge féin, beidh trí phríomhionad in úsáid ar an lá – Cearnóg Parnell Thuaidh, dánlann An Hugh Lane agus Club na Múinteoirí. Beidh an ‘Mór Stáitse’ agus ‘Puball Cainte’ lonnaithe ar Chearnóg Parnell Thuaidh.

Reáchtálfar siúlóid staire ag tosú ag an dánlann, An Hugh Lane. Beidh Lorcan Collins - ó 1916 Walking Tours agus an podchraoladh Revolutionary Ireland in éineacht le Cuan Ó Seireadáin, coimeádaí Chonradh na Gaeilge i mbun na siúlóide. Tá saineolas ag an mbeirt sin ar an stair a bheidh faoi chaibidil. Beidh aird ar leith acu ar na suíomhanna ar Chearnóg Parnell a bhí bainteach le hAthbheochan na Gaeilge.

Reáchtálfar cainteanna faoi phobail nua na tíre agus a n-aistear leis an nGaeilge freisin agus beifear in ann a bheith rannpháirteach i gceardlanna ealaíne agus ceardaíochta. Cloisfear grúpaí ceoil ar nós Wickerlight, Bandia agus Tadhg Griffin ar an Mór Stáitse, áit a gcloisfear freisin plúr na gceoltóirí ó bhunscoileanna agus ó mheánscoileanna Bhaile Átha Cliath. Cuirfear deireadh le himeachtaí an lae le Céilí Mór os comhair an Mhór Stáitse ag a 5i.n.

“Beidh fáilte roimh chách,” a dúirt Ó Nualláin.

“Tá an-bhéim á cur againn ar theaghlaigh. Beidh comórtas ealaíne againn agus tá páistí as gach contae sa tír tar éis cur isteach air sin agus beidh a gcuid oibre le feiceáil i ndánlann An Hugh Lane.

“Beidh go leor imeachtaí eile atá dírithe ar pháistí fite fuaite sa chlár. Teastaíonn uainn a léiriú don aos óg gur féidir spraoi a bheith acu leis an teanga taobh amuigh den chóras oideachais agus taobh amuigh den seomra ranga.

“Tá sé iontach tábhachtach,” a dúirt Ó Nualláin, “go gcloisfí Gaeilge á labhairt ar shráideanna na cathrach”.

“Níl ceantar oifigiúil Gaeltachta i mBaile Átha Cliath, cé go bhfuil sí ar an tríú contae sa tír maidir leis an líon is mó cainteoirí laethúla Gaeilge ach léiríonn ócáidí ar nós Lá Mór na Gaeilge go bhfuilimid beo agus léiríonn siad go bhfuilimid ann!”

“Is féidir lá iomlán a chaitheamh sa chathair ag labhairt agus ag plé cúrsaí le daoine as Gaeilge,” a dúirt sé.

“Tá chuile rud atá eagraithe ag Lá Mór na Gaeilge saor in aisce. Beidh ticéid ag teastáil do na ceardlanna agus na himeachtaí atá á reáchtáil i gClub na Múinteoirí agus i ndánlann An Hugh Lane.”

“Is cuma cén líofacht nó cén leibhéal Gaeilge atá agat beidh fáilte romhat,” a dúirt sé.

Coinneofar an taobh thuaidh de Chearnóg Parnell saor ó thrácht idir 12-5 i.n. ar an lá. Is féidir breis eolais a fháil ag lamornagaeilge.ie

Buaicphointí

12: Bunús ar an bPíb Uilleann Club na Múinteoirí

Ceardlann leis Na Píobairí Uilleann. Tabharfar léiriú ar stair na píbe agus beidh deis ag gach éinne triail a bhaint as iad a sheinm.

1 i.n. Colm Bairéad & Cleona Ní Chrualaoi - An Cailín Ciúin Club na Múinteoirí

Agallamh le Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi. Beidh siad beirt ag labhairt faoina scannán iomráiteach Gaeilge An Cailín Ciúin. Pléifear an borradh atá tagtha ar scannánaíocht na Gaeilge agus an dúil atá ag daoine sa teanga i gcónaí.

1 i.n. Filíocht Ghaeilge Bhreandáin Uí Bheacháin Club na Múinteoirí

Ceardlann speisialta leis an aisteoir agus an file Roxanna Nic Liam ar fhilíocht Ghaeilge Bhreandáin Uí Bheacháin.

1.15 i.n. LADT+ Puball Cainte

Aoichaint ón bpobal LADT+ agus an bealach a gcuireann grúpaí ón bpobal seo go mór leis an gcultúr Gaelach. Beidh Roy Galvin, Jill McMahon, Tadhg Griffin, Cúnla Morris i láthair. Bean an Tí: Bláthnaid Ní Chofaigh.

2-3 i.n. Éireannaigh Nua Puball Cainte

Beidh cainteoirí ón Úcráin, ón Nigéir, ón nGuine, ón mBrasaíl agus eile ag labhairt sa Phuball Cainte faoina n-aistear leis an nGaeilge. Bean an Tí: Ola Majekodumni.

3-4 i.n. Laochra Spóirt Puball Cainte

Imreoirí ó chlub CLG Chill Mhochuda na Crócaigh. Tá comórtais buaite ag na haoichainteoirí seo ag leibhéal uile-Éireann. Beidh siad ag caint faoin teanga agus an tábhacht a bhaineann léi sa saol agus i saol an spóirt.

3 i.n. Nua agus Sean Nós Cathrach le Des Geraghty agus Máire Breatnach Club na Múinteoirí

Ceardlann spéisiúil faoi amhráin Ghaeilge agus ceol na cathrach, ó Zozimus go Breandán Ó Beacháin agus Frank Harte, chomh maith le scéal Róisín Dubh agus Mollie Mhaoileoin.

3 i.n. Ceardlann Lámhscríbhinní le hEmmet de Barra dánlann An Hugh Lane

Ceardlann lámhscríbhinní le mac léinn PhD, Emmet de Barra ó Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Déanfar plé ar thraidisiún na lámhscríbhinní Gaeilge ó na Meánaoiseanna agus ón Nua-Aois Luath.

* Tá Músaem na Scríbhneoirí, Baile Átha Cliath, dúnta ón mbliain seo caite.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.