Cás na Gaeilge sa chóras oideachais

Ba scéal mór é athrú intinne an CNCM, ach dá mhéad é, tháinig sé sna sála ar athrú mór intinne eile

FOCLÓIR: Obair forbartha - development work; dréachtsonraíochtaí - draft specifications.; múnlaí soláthair - delivery models; comhairliúchán - consultation; laithreach bonn - immediately; áisíneacht - agency; ábhar imní - cause for concern; aibhsithe- emphasised.

D’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) tuarascáil agus nóta eolais ar an gCéadaoin seo caite ina dúradh go raibh deireadh curtha leis an obair forbartha ar dhréachtsonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta.

Tá sé i gceist anois tabhairt faoi thaighde breise ar mhúnlaí soláthair i dtíortha eile ina bhfuil “próifíl teanga chomhchosúil” acu. I mí na Nollag 2018 cuireadh tús leis an obair chun sonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta le haghaidh scoileanna T1 (scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta) agus scoileanna T2 (scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla) a leagan amach.

D’fhoilsigh an CNCM na dréachtsonraíochtaí in 2021 agus ina dhiaidh sin bailíodh tuairimí agus aiseolas ó mhúinteoirí, ó thuismitheoirí, agus ó pháirtithe leasmhara eile le linn an phróisis comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoina raibh molta. Bhí sé i gceist go gcuirfí na sonraíochtaí deiridh sin faoi bhráid an Aire Oideachais lena bhfaomhadh, agus ina dhiaidh sin, go dtabharfaí isteach sna scoileanna iad.

READ MORE

An tseachtain seo caite a foilsíodh toradh an chomhairliúcháin maraon le nóta eolais ar shuíomh an CNCM.

Ach ba léir le fada roimhe sin nach mó ná sásta a bhí múinteoirí, oideachasóirí ná na páirtithe leasmhara eile leis na dréachtsonraíochtaí. Cé go nglactar leis go bhfuil gá le sonraíochtaí idirdhealaithe le freastal a dhéanamh ar na riachtanais éagsúla atá ag scoláirí, ardaíodh go leor ceisteanna le linn an chomhairliúcháin faoina raibh molta.

“Ar cheann de na téamaí ba láidre a tháinig amach as an gcomhairliúchán bhí nár baineadh amach fós fís agus cuspóir comhroinnte maidir le Gaeilge na hArdteistiméireachta,” a dúradh i dtuairisc an CNCM. Tá sé i gceist anois go reáchtálfar sraith seimineár do pháirtithe leasmhara. Déanfar staidéar ar thíortha eile ina bhfuil soláthar curaclaim i bhfeidhm acu le haghaidh teanga dhúchais atá ina dara teanga freisin. Agus, mar a dúradh sa nóta eolais, cuirfear tús leis an obair seo “láithreach bonn”.

Athruithe eile

Ba scéal mór é athrú intinne an CNCM, ach dá mhéad é, tháinig sé sna sála ar athrú mór intinne eile a d’fhógair an Roinn Oideachais roinnt seachtainí roimhe. An t-am sin chuir an Roinn in iúl go raibh athmhachnamh déanta ar an mbeartas Páipéar a hAon sa scrúdú Gaeilge agus sa scrúdú Béarla a bhogadh ón séú bliain go dtí an cúigiú bliain. Bheadh an scrúdú sin le déanamh bliain níos luaithe ná mar a rinneadh é go nuige seo. Shásaigh an t-athmhachnamh go leor daoine - ach go háirithe na scoláirí a bheidh sa chúigiú bliain i Meán Fómhair na bliana seo.

Déanfaidh siadsan an scrúdú ag deireadh na séú bliana, mar ba ghnách sna blianta roimhe sin. Dúirt an Roinn go ndearna an tAire an cinneadh tar éis di dul i gcomhar le páirtithe leasmhara “maidir le himní faoi chur i bhfeidhm na n-athruithe molta”.

Ach é sin ráite, níor caitheadh an plean go hiomlán i dtraipisí: “Sna míonna atá amach romhainn scrúdóidh mé féin agus m’oifigigh a thuilleadh cathain agus conas an t-athrú seo a chur i bhfeidhm i bhfianaise na mbuarthaí atá aibhsithe,” a dúirt an tAire Foley. Athmhachnamh ar an gcur i bhfeidhm is cosúil, seachas athbhreithniú ar an mbunsmaoineamh.

Bhí Creatchuraclam na Bunscoile ar an tríú ceist a tháinig anuas ar na mallaibh agus bhí na heagrais Ghaeilge beagnach ar aon ghuth maidir leis na hathruithe atá beartaithe.

Mar a tharla sé, foilsíodh an creatchuraclam an tseachtain chéanna ar foilsíodh píosa taighde dar teideal ‘Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach’. Sealbhú, ionad taighde Ollscoil Bhaile Átha Cliath a d’fhoilsigh.

“Dealraíonn sé ó thuairimí na múinteoirí go bhfuil míréir idir caighdeán Gaeilge na ndaltaí agus iad ag teacht isteach san iar-bhunscoil agus an caighdeán a éilíonn na sonraíochtaí,” a dúradh sa taighde sin.

Léiriú gan dabht ar na dúshláin shuntasacha atá fós le sárú má táthar chun caighdeán na Gaeilge sa chóras oideachais a fheabhsú.

Faoi Chreatchuraclam na Bunscoile, tá sé i gceist an tríú teanga a mhúineadh ó Rang 3 ar aghaidh ach caithfear 30 nóiméad níos lú sa tseachtain ar mhúineadh na Gaeilge ó Rang 1 go Rang 6. Beidh sé faoin múinteoir breis ama a chur le múineadh na Gaeilge más mian leo sin a dhéanamh mar chuid den ‘am solúbtha’ a cheadófar.

Dúirt Gaeloideachas go bhfuil ceisteanna le hardú faoin luach a chuirtear ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge faoin gcreat nua seo.

“Le foilsiú an chéad chreatchuraclaim bunscoile riamh ... tá idir dhóchas do chur chuige nuálach i leith sheachadadh an churaclaim agus imní mhór faoi laghdú stádais do theagasc agus foghlaim na Gaeilge sna bunscoileanna,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, ardfheidhmeannach Ghaeloideachais.

Cé nach bhfuil mórán tóra ar an nGaeilge i measc daltaí bunscoile sna scoileanna meán-Bhéarla, dúirt Ní Ghréacháin go léiríonn an taighde go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is mó a thaitníonn le daltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge. Rud é seo, a deir sí, “a dheimhníonn go bhfuil nasc dearfach idir an t-am teagmhála a chaitear leis an teanga, agus an meon dearfach ina leith.”

Dúirt sí gur “mór an fhaillí é” nach bhfuil torthaí an taighde sin “á n-úsáid mar bhealach le teagmháil mhéadaithe a chothú leis an teanga.”

D’fhógair bord Fhoras na Gaeilge i ráiteas go bhfuil sé i gceist litir a scríobh chuig an Aire Oideachais chun “a mbuairt agus a n-imní” a chur in iúl faoi na hathruithe atá beartaithe faoin gcreatchuraclaim.

Ar nós na n-eagras leasmhar eile a labhair faoin ábhar, d’fháiltigh an Bord roimh an athrú a d’éascódh foghlaim an tríú teanga sa bhunscoil. Ach, sa ráiteas céanna, léirigh an Bord díomá go mbeadh páistí “thíos leis” maidir leis na féidearthachtaí cur lena gcumas ina dteanga dhúchais féin.

Ag tagairt d’Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag brath i bpáirt “ar fheidhmíocht agus éifeachtacht an chórais oideachais,” dúirt an Bord gur “ábhar imní é nach léir go bhfuil an Roinn Oideachais i ndiaidh na himpleachtaí a bheadh ag athruithe an churaclaim bunscoile ar pholasaithe eile Rialtais maidir leis an nGaeilge a chur san áireamh”.

Luadh freisin go raibh imní léirithe “cheana féin” ag an bhForas faoi chur chuige an Rialtais maidir le ceist na ndíolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge. Polasaí é seo, a dúradh sa ráiteas, “nach bhfuil a leithéid le fáil i dtír ar bith eile”.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin “go raibh an Rialtas ar láimh amháin ag iarraidh go mbeadh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030, agus ar an láimh eile, gurb amhlaidh a bheadh laghdú ar líon na n-uaireanta teagmhála leis an teanga ag daltaí”.

Pé rud é faoi sheasamh na n-údarás, tá an-chuid taighde luachmhar déanta ar chúrsaí oideachais ag leithéidí Sealbhú agus ag an Acadamh (Ollscoil na Gaillimhe). Tá dalladh fianaise eolaíche bailithe agus foilsithe a léiríonn an luach atá le soláthar oideachais sa teanga dhúchais.

Bheadh sé deacair a shéanadh nach léiriú iad na himeachtaí seo arís ar an bhfiúntas agus ar na féidearthachtaí a bhain le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ), áisíneacht a rinne taighde leanúnach sochtheangeolaíochta ar an nGaeilge.

Cuireadh deireadh leis an institiúid in 2004 agus leis an ngníomh aineolach sin, cuireadh deireadh le stoc eolais agus cumas sochtheangeolaíochta an Stáit. Ba bheart é a raibh drochthionchar leanúnach aige ní hamháin ar an nGaeilge ach ar gach teanga eile a mhúintear sa tír chomh maith.

Tá gluaiseacht na Gaeilge ag éileamh le fada go gcuimseofar polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais agus tá an feachtas #Gaeilge4All ag eagrú léirsithe ar an 29 Márta ag Teach Laighean chun aird a tharraingt ar an gceist.

Dúirt an Roinn Oideachais le Tuarascáil an tseachtain seo caite go bhfuil obair ar siúl sa Roinn maidir le polasaí nua a fhorbairt ach níor luadh spriocdháta.

B’fhéidir gur léiriú iad na himeachtaí is déanaí ar an ngéarghá atá le cur chuige comhtháite má táthar chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar is ceart sa chóras oideachais.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.