Athrú creidimh

Ceart go leor, arsa tusa, sea má sea.

Ceann de cheisteanna móra na staire is ea conas a tharla nár iompaigh formhór mór de phobal na tíre abhus ina bProtastúnaigh nuair a tharla an t-athrú creidimh sa 16ú agus sa 17ú haois ar fud na hEorpa. Murab ionann agus cuius regio, eius religio níor ghabhamar le creideamh an stáit. An chuid is mó de thuaisceart na hilchríche shlogadar teagasc Liútair, Chailvín, Knox, Zwingli agus a gcamthaí fad is gur fhan an chúlráid anseo dílis don Phápa ar a chathaoir sa Róimh mar a dhein fearainn an fhíona, na gréine agus na caide ó dheas san Eoraip.

B’é Séamus Mallon a thug ‘Sunningdale for slow learners’ ar aontú Aoine an Chéasta. D’fhéadfá a rá gur foghlaimeoirí malla sinne maidir le cúrsaí creidimh, cé go bhfuil a fhios agam go maith go raibh go leor Gael chun tosaigh ar an stair fadó. Muircheartach Ó Cionga a d’aistrigh cuid mhór den Bhíobla, nó Piaras Mac Gearailt a chonaic an solas ar feadh tamaill san 18ú haois sular dalladh a shúile le Pápachas arís nó leithéid Risteáird Uí Ghlaisne agus eile lenár linn féin.

Is é a phrioc an neantóg seo ionam ná go rabhas ag leathéisteacht leis an raidió seachtain nó coicís ó shin. Ag iarraidh na gréithre a ní nó an madra a chur amach a bhíos nuair a bhioraigh mo chluasa. Biorú chomh géar is a bheadh ar spuaic an teampaill ag pógadh na spéire. Bean éigin ag déanamh mórtais as an neamhaird a thugamar do shochraid an Phápa emeritus Beinidict suas is anuas lena dtarlaíodh fadó nuair a stadadh an stát agus nuair a chuirtí gach rud ar fionraí agus nuair a reoití cúrsaí móra na tíre ar bhás Phápa ar bith.

Ceart go leor, arsa tusa, sea má sea.

READ MORE

Ach cúpla nóiméad ina dhiaidh sin bhí an bhean chéanna dár moladh as ár maitiúirití toisc go rabhamar chomh béasach ómósach nuair a fuair an bhanríon thall, Éilís II bás. Uair ar bith a nochtann an focal maitiúirití ar chlár na cabaireachta, gabh amach agus caith suas ar feadh tamaill. Níl ann ach focal adeir, ‘Is maith liom é seo, agus ní maith liom siúd eile.’

Mar sin, agus dá réir sin, sochraid bheirt cheann eaglaise suas is anuas lena chéile. Níor tugadh oiread sin airde ar Bheiní, agus bhí sin mar a bhí. Ach chuireamar ár mbundún agus eile amach ar son Lís, agus bhí sin níos fearr fós.

Leanadh leis an loighic. B’áiféiseach agus ba ghreannmhar agus ba mheánaoiseach na héadaí spiagacha go léir a bhí á gcaitheamh ar chearnóg Pheadair, go háirithe na hataí ceann tua agus na slipéirí boga agus na gúnaí ar fheara, gan trácht ar an ngarda Eilbhéiseach lena gcuid pící agus ar trua nárbh ann dóibh in 1798. Nach gcuirfeadh sé gruaim ar do mheon agus guairí ar do ghabhal, an mhórthaibhseacht mheánaoiseach sin ar fad nach mbaineann leis an saol nua-aimseartha seo?

Mar mhalairt ar sin, áfach, nárbh iontach an phoimp agus an mustar a bhain le sochraid Lís. Nár luachmhar mar thraidisiún é marcaigh ar eacha ag gluaiseacht trí na sráideanna? Nach gcuirfeadh sé ola ar do chroí, aoibhnis na seanghnás a bheith á gcoimeád beo i gcónaí? Agus na fir sin go léir a raibh coirceog bheach ar a gcloigne acu agus na cóistí cheithre chapall agus an mhórthaibhseacht go léir ar trua nach bhfuil a leithéid againn agus teaghlach ríogúil le cois?

Buaileadh isteach im aigne gurbh ait go léir é go mbeadh stiall de phobal na hÉireann ag déanamh neamhairde de shochraid cheannaire creidimh traidisiúnta fhormhór na ndaoine nuair a bhí siad ina ngobáin bhalbha le linn shochraid cheannaire creidimh eile. Athrú creidimh, gan bhréag.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar