Fís, fís eile

‘An gcloiseann sibh é?’ d’fhiafraigh sé.

Duine díobh sin ba ea Amos. Bhí an dá radharc aige. Radharc abhus agus radharc thall. Ba mhinic nithe á bhfeiceáil aige nach bhfaca daoine eile. Dar lena chairde agus a lucht aitheantais fáidh ba ea é. Dhiúltaigh sé féin den teideal, óir ní raibh ann ach aoire caorach simplí. Má bhí in ann an aimsir a thuar b’shin fios a bhí ag gach aoire caorach, agus ar aon nós bhí an aimsir a bheag nó a mhór mar a chéile gach lá. Te agus brothallach.

Ach bhí a fhios ag na comharsana go raibh níos mó ná sin ann. Nuair a bhí bean ag súil le leanbh bhí a fhios aige cé acu cailín nó buachaill a bhí le bheith ann. Ní raibh dul amú riamh air. Dúirt sé gurb eolas é sin a bhí ag gach bean thorrach ar aon nós.

Bhíodh daoine ag triall air féachaint cén fear nó cén bhean ar chóir do dhuine a phósadh, agus bhíothas ar aon aigne go ndéanadh sé breith cheart i gcónaí. Ach thaitn sé leis a bheith ina aoire caorach ionas go bhféadfadh sé tamall a chaitheamh leis féin nó leis na haoirí eile ar an gcnoc gan daoine á chrá.

Bhain sé geit astu an oíche áirithe sin nuair a d’fhógair sé do na haoirí caorach eile éisteacht.

READ MORE

‘An gcloiseann sibh é?’ d’fhiafraigh sé.

‘Ní chloisimid tada,’ ar siad, ‘cad tá ann?’

‘An ding deaing go meidhreach sna harda,’ ar seisean, ‘mar a bheadh aingil ag ceol.’

Cheapfaidís go raibh sé as a mheabhair ach amháin go raibh ardmheas acu air, agus ní dhéanfadh sé scéalta a chumadh.

‘Téanam oraibh,’ ar seisean leo, ‘caithfimid imeacht go dtí an baile. Tá rud mór tar éis tarlú.’

‘Ach na caoirigh,’ d’fhiafraigh buachaill díobh, ‘cé a thabharfaidh aire dóibh anocht?’

‘Ná bí buartha,’ ar seisean, ‘tabharfaidh an t-aoire maith aire dóibh.’

Ghluais siad leo gur ráinig siad an baile. Bhí iontas ar na haoirí mar ní raibh aon sioscadh mór san áit, seachas plód daoine, agus bhí a leithéid feicthe cheana acu.

‘Lean mise,’ arsa Amos, agus threoraigh sé iad go dtí stábla beag ar imeall an bhaile. Is ann a bhí bó, asal, fear, agus bean a bhí tar éis leanbh a thabhairt ar an saol. Má bhí sí fann, bhí aoibh an gháire ar a béal agus an leanbh ina baclainn aici. Bhí sí ag caint leis an leanbh, agus ag cogarnaíl agus ag portaireacht go bog binn.

Bhí fonn portaireachta ar an aoire chomh maith ach ba ghairid nach raibh aon ghá leis an tseoithínteacht seó agus leis an suantraíáil. Bhí an leanbh ina chodladh.

Leag an bhean an leanbh go cúramach isteach sa mhainséar a raibh gnó an chliabháin á dhéanamh aige. Ní raibh gíocs as.

Chuaigh na haoirí á iniúchadh. Bhí nithe áirithe le rá ar ócáid mar seo. ‘Lena athair...lena mháthair a chuaigh sé…’ ach toisc nach raibh aon aithne acu orthu ní dúirt siad faic.

Nuair a bhí an ghliúcaíocht déanta sheas na haoirí siar ach amháin Amos. Bhí a shúile sáite ann. Bhí an bhean agus an fear ag déanamh iontais de, an tslí a raibh seisean ag déanamh iontais den leanbh.

Bhí leathshúil an aoire ag rince le háthas fad is a bhí an leathshúil eile chomh dorcha le pic.

‘Cad tá ort?’ d’fhiafraigh an fear, óir chuir dreach an aoire mearbhall air.

‘Is amhlaidh,’ ar seisean, arsa an t-aoire, ‘is amhlaidh go bhfuil an leanbh go hálainn mar a bhíonn gach leanbh, ach féach, ar thaobh seo an chliabháin feicim grá, ospidéil, foghlaim, carthanacht, seirbhís, míorúiltí…ach ar an taobh eile feicim troid agus fuil, biogóideacht, céasadh, leithscéalta, fuath agus caoile intinne…’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar