Gaelcholáiste Dhún Dealgan: ‘Táimid ag súil leis an lá nuair a bheidh glór na ndaltaí le cloisteáil ann’

Seoladh Gaelcholáiste Dhún Dealgan ag ócáid oifigiúil ar an gcampas nua i dTeach Robin an tseachtain seo caite.

Foclóir: Réamhdhéantáin - prefabs; soláthar - supply; iar-bhunoideachas - post-primary; scéim phíolótach - pilot scheme; mhonarchan - factory; bisiúil - productive; feachtas - campaign; bunaithe ar sin - based on that.

Cuirfear tús i gCo Lú le samhail nua den soláthar iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge nuair a osclóidh Gaelcholáiste Dhún Dealgan na doirse den chéad uair i Meán Fómhair na bliana seo chugainn.

“Réamhdhéantáin a bhíonn ag mórán scoileanna ón tús ach tá an t-ádh linne,” a dúirt Caoimhe Héarún, príomhoide tánaisteach ar Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, agus í ag tagairt do Robin House, an foirgneamh ina lonnófar an scoil satailíte nua.

Scéim phíolótach cúig bliana atá i gceist ina mbeidh Gaelcholáiste Dhún Dealgan nasctha le Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín faoi choimirce An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó sa tír ar scoileanna lán–Ghaeilge.

READ MORE

Tá roinnt oibre le déanamh ar an láthair roimh thús na scoilbhliana in 2023 ach, mar a deir Héarán, tá an foirgneamh féin “breá mór agus breá geal”.

Baineadh úsáid as Robin House cheana mar láthair mhonarchan, mar theach cúirte agus mar ionad foghlama do dhaoine fásta.

“Rinneadar siúd a lán oibre ar an taobh istigh chun seomraí ranga a chur in oiriúint. Táimid ag súil go mór leis an lá nuair a bheidh glór na ndaltaí le cloisteáil ann,” a dúirt sí.

D’éirigh le tuismitheoirí an láthair a ghnóthú don scoil nua tar éis dóibh breis agus dhá bhliain a chaitheamh ag stocaireacht ar son oideachas trí mheán na Gaeilge do mhic léinn bhaile Dhún Dealgan agus ón gceantar máguaird.

D’eascair an t-éileamh sin as aighneas a tharla in 2019 faoi líon na n-ábhar a bhí ar fáil trí Ghaeilge i gColáiste Lú, aonad lán-Ghaeilge a bhí faoi riar na máthar scoile i nDún Dealgan, Coláiste Chú Chulainn.

Thug tuismitheoirí le fios ag an am gur mhaith leo a gcuid páistí a chur chuig scoil nua, áit a gcuirfí oideachas lán-Ghaeilge ar fáil dóibh.

Nuair a reáchtáil na tuismitheoirí feachtas, d’fhógair an Roinn Oideachais anuraidh go raibh cead tugtha don tsamhail nuálach satailíte.

“Céim ollmhór chun cinn” é ó thaobh oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil, a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, ard rúnaí ar An Foras Pátrúnachta, agus é ag tagairt don tsamhail nua.

“Is tríd an tacaíocht ón bpobal i nDún Dealgan, obair an choiste ar an talamh, agus an obair a rinne An Foras Pátrúnachta a thángamar ar an bhfoirgneamh,” a dúirt sé.

Ceapadh Caoimhe Héarún ina príomhoide tánaisteach ar Choláiste Dhún Dealgan i mí Aibreáin agus tá tús maith curtha aici leis an obair.

Tá sí tar éis cuairt a thabhairt ar “tuairim agus cúig scoil déag” cheana féin agus tá súil aici oícheanta oscailte a shocrú idir seo agus tús an Fhómhair.

“Tosóidh na hoícheanta oscailte i Meán Fómhair i mbliana agus beidh ar na páistí clárú faoi Dheireadh Fómhair,” a dúirt sí.

“Beidh a fhios againn roimh dheireadh na míosa sin cé mhéad duine a bheidh againn i Meán Fómhair 2023 agus bunaithe ar sin beimid in ann na pleananna a dhéanamh.”

Tá sé i gceist go múinfear réimse leathan ábhar sa scoil agus go gcuirfear leo de réir mar a fhásann líon na ndaltaí. Tá súil ag an bpríomhoide tánaisteach go gcleachtófar “teagasc agus múineadh cruthaítheach agus nuálach” do na daltaí sa scoil nua.

Neamhchothroime

Cé gur gheall an tAire Oideachais a bhí i réim ag an am sin, in 2019, Joe McHugh go ngabhfaí i ngleic leis an neamhchothromas atá sa tír ó thaobh soláthar an ghaeloideachais de, táthar fós ag fanacht ar pholasaí náisiúnta d’oideachas lán-Ghaeilge.

Cuirtear na h-aonaid lán-Ghaeilge taobh istigh de choláistí Béarla san áireamh fós mar chéim i dtreo gaelcholáistí a bhunú, ach aithnítear gur féidir le fadhbanna struchtúir cur isteach ar an sprioc sin ó am go chéile.

Mar shampla, is féidir deacrachtaí a bheith ann tumoideachas ceart a chur ar fáil má bhíonn acmhainní á roinnt le mátharscoil ina mbíonn an Béarla mar phríomhtheanga theagaisc.

Tá súil ag Ó hEaghra go mbeifear in ann an “deacracht ollmhór” seo a shárú leis an múnla nua satailíte mar go mbeidh gach gné den tionscadal “ag feidhmiú trí Ghaeilge”.

“Nuair atá an tsatailít báite sa Ghaeilge agus chuile dhuine thart timpeall uirthi ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus é mar sprioc acu oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn, ciallaíonn sé go bhfuil chuile dhuine ar aon intinn agus nach bhfuil acmhainní deighilte idir Béarla agus Gaeilge.

“Go minic cruthaíonn an deighilt sin, an roinnt acmhainní sin, dúshláin atá an-deacair a shárú ag máthairscoil lán-Bhéarla nó ag pátrún a fheidhmíonn trí Bhéarla.”

Tá sé beartaithe go ndéanfar comhordú ar na hamchláir sa dá scoil agus tá sé i gceist bealaí nuálacha a fhiosrú chun leas a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil.

Sampla amháin de seo ná mar a chaithfear le deacracht amháin a bhaineann le scoil úrnua a chur ar an bhfód - cumas na scoile sin foirne spóirt a bhunú agus a chothú.

Cé go mbeidh áiseanna gleacaíochta agus spóirt in aice láimhe tá socrú déanta idir Ghaelcholáiste Dhún Dealgan agus Choláiste Ghlór na Mara go ndéanfar comhoibriú ar pháirc an imeartha.

“Ba mhaith linn go mbeadh an deis ag na daltaí dul go Baile Brigín ar an mbus, traenáil leis an bhfoireann spóirt atá acusan agus an taithí sin a bheith acu leo,” a dúirt Héarún.

“Beidh na h-éadaí scoile céanna againn ach beidh suaitheantas difriúil againn. Mothóidh siad nach strainséirí iad i mBaile Brigín – beidh sé cosúil leis an gcoláiste dóibh, beidh dhá champas acu,” a dúirt sí.

Taighde

Is minic é léirithe go mbíonn tóir ar scolaíocht lán-Ghaeilge ach í a bheith ar fáil. Osclaíodh Coláiste Bhaile Brigín in 2014 le 27 dalta, mar shampla, agus tá an scoil sin ag dul ó neart go neart ó shin le 434 dalta ag freastal ar an scoil i mbliana.

Tá go leor taighde déanta a léiríonn na buntáistí cognaíocha, cultúrtha agus sóisialta a bhaineann leis an dátheangachas agus leis an tumoideachas, rud a thug Héarnán faoi deara nuair a bhí sí féin ag múineadh i scoil lán-Bhéarla.

“Bíonn daltaí dátheangacha níos fearr ag mata agus teangacha eile. Uaireanta is iad na daoine ó thíortha eile atá go maith ag caint agus ag foghlaim na Gaeilge mar go dtuigeann siad an luach a bhaineann le teangacha éagsúla a bheith acu.”

“Tá sé an-spéisiúil duine ón Fhrainc a fheiceáil agus Gaeilge níos fearr acu ná roinnt de mhuintir na hÉireann uaireanta!”

Tá súil ag Ó hEaghra “de réir a chéile” go bhfásfaidh an tsatailít ina Ghaelcholáiste neamhspleách.

“Tá muid an-mhuiníneach go n-eireoidh leis agus go bhfásfaidh sé. Séard ar mhaith liom a bheith tarlaithe taobh istigh de cúig bliana ná go bhfeicfear go bhfeidhmíonn an múnla seo, agus gur múnla é a bheidh chomh bisiúil sin go mbeidh Gaelcholáiste Dhún Dealgan in ann stádas neamhspleách a bhaint amach.”

Breis eolais: http://www.gcdd.ie/

Nóta:

Dé Céadaoin, 8 Meitheamh, ag a 6.30pm, sa sa Seomra Seoirseach, Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Parnell Thiar, Baile Átha Cliath 1, seolfaidh Colmcille Ó Monacháin Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht, leabhar le Pádraig Breandán Ó Laighin. Liam Mac Cóil a bheidh sa Chathaoir. Beidh fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais faoin leabhar: clónangael.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.