Iomarcacht na hiomarcachta

B’éigean gach rud a iompar laistigh den phlaosc bheag sin.

Más é an briathar a bhí i dtosach, níorbh é an briathar scríte a bhí ann. Agus má thug an briathar dé dúinn is mó sin dé a bhfuilimid ag brath orthu ó shin.

Is minic dearmad á dhéanamh againn gur rud annamh ba ea an scríbhneoireacht riamh. Roimhe sin, ar feadh formhór mór mór mór de bheatha an chine dhaonna, ní raibh againn ach an guth. B’éigean gach rud a iompar laistigh den phlaosc bheag sin. Nuair d’imigh solas na plaoisce sin as bhí a raibh istigh inti bánaithe, mura mbeadh gur aistríodh cuid dá raibh ann leis an teanga bhéil.

B’iontach an cumas cuimhne a bhí ag daoine áirithe, cuid acu nach mór lenár linn féin. Scéalaithe a bhí ábalta ar eachtra a aithris a thógfadh seachtain iomlán de sheanchas istoícheadóireachta. Daoine a raibh Cúirt an Mheán Oíche go hiomlán de ghlanmheabhair acu, agus ní hea amháin na sleachta graosta. D’airíos mar gheall ar theileafónaí i mbaile réasúnta mór, nuair a bhí gátar lena leithéid de dhuine, a raibh uimhreacha fóin gach tí sa dúthaigh ar eolas go cruinn aici.

Go breá, arsa tusa, ach cá bhfuil an ráimhille falaireachta seo ag dul?

READ MORE

Bhí duine ag áiteamh ar Shocraitéas, fear nach raibh léamh aige, go raibh an gléas iontach seo tagtha ar an bhfód a chuideodh leis cuimhneamh ar rud ar bith, gléas gur tugadh ‘scríbhneoireacht’ air.

‘Tá dul amú ort,’ ar seisean. ‘Ní chuideoidh sé le cuimhneamh in aon chor, cothóidh sé an dearmad.’

Cé a chuirfeadh bréag air? Caitear drochmheas ar aon rud a fhoghlaim ‘de ghlanmheabhair’ anois. Mura bhfuil rud éigin ar eolas níl le déanamh ach dul agus é a lorg i leabhair nó níos minicí ná a chéile anois, ón Uasal Google. Ach nuair a thagtar air, nuair a léitear é, nuair a shlogtar ar feadh tamaill é, nuair a fháisctear leas as, an bhfanann aon rian de i bpoll miodamais do chloiginn istigh?

Má bhí léamh agus scríobh thar a bheith eisceachtúil i measc daoine suas go lár na 19ú haoise san Eoraip ar aon nós, dá mba cheird í a bhí teoranta do na manaigh nó do na huaisle amháin, ce mhéid leabhar a bhí ag daoine a maítí go raibh oideachas orthu? An mó leabhar a bhí ag Cicero a scríobh a lán is a labhair go leor? An mó leabhar a bhí ag Montaigne sa leabharlainn sin aige a ndeachaigh sé i bhfolach ann? Cad a léigh Flaithrí Ó Maolchonaire i gcaitheamh a shaoil?

Mo thuairim neamh-mheáite, pé méid a bhí ann, nárbh aon phioc é suas is anuas lena bhfuil ar fáil agatsa agus agamsa agus ag an gcailín béal dorais. Táimid go léir ar snámh ar mhuir mhór eolais agus faisnéise, aigéan leathan feasa beagnach gan chrích, agus ar nós na cruinne féin, is ag méadú ar luas thar tomhas é gach mionmheandar dá dtéann thart.

Nuair b’fhánach an t-earra é an leabhar, thug Síneach ‘gairdín ina phóca’ ar an gceann aonair a bhí aige. Agus tá focal Seapáinise anois ann, tsundoku, arb é atá ann ná na leabhair a cheannaíomar ach nach léifimid a choíche ná go brách. Tá siad againn go léir ina suí lasnairde ar an tseilf ag stánadh anuas orainn le huaigneas, dílleachtaithe tréigthe a chuireann dealg inár gcroí. Is insamhlaithe iad leis an dalta a dhearmadtar ar chúl an ranga toisc an iomad eile a bheith sa tseomra.

An iomad eile, an iliomad, an iomarca, barraíocht éileamh a bheith orainn ó thaobh na dtaobhanna, ó na hilmheáin ticí tocaí instamisemise straois-scáileánda agus a ngárlaigh, ionas gur róbhaol nach iad na tsundoku amháin a ndéanfar dearmad orthu i bhféasta seo na hiomarcachta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar