Traein na teanga ag sciorradh de na ráillí

Tá sé i bhfad róluath le bheith ag fáil réidh le nuachtáin Ghaeilge chlóite, le hirisí Gaeilge clóite, le heagraíochtaí ...

Bítear den tuairim go minic gur ón dtaobh istigh a athraítear córas agus ní ón dtaobh amuigh. Táimse den tuairim go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa choincheap sin.

Creidim féin go bhféadfaí a rá chomh maith gur ón dtaobh istigh a scriostar córas freisin.

Táim ag tagairt do chás na Gaeilge nuair a deirim an méid sin. Agus tá sé de dhánaíocht ionam an focal “teanga” a chur in áit an fhocail “córas”.

Faoi láthair mairimid i ré idir-ríochta chomh fada agus a bhaineann sé le teangacha sa chóras oideachais go príomha. Amhail Iolar Impiriúil tá an Nuatheicneolaíocht Oideachais thuas san aer agus a sciatháin ollmhóra leata aici agus í ag faire ar a bhfuil ar siúl maidir le múineadh teangacha sa seomra ranga thíos fúithi.

READ MORE

Tá a creach ar a míle dícheall ag iarraidh í a sheachaint cé go dtuigtear don chreach bhocht gur obair in aisce atá ann, go fadtéarmach ar aon chaoi.

Tá meon an Iolair Impiriúil tar éis seilbh a ghlacadh ar mheon agus ar dhearcadh lucht ceannasaíochta na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Tá siad ar bís ag iarraidh coinneáil suas le luas na nuatheicneolaíochta i saol an duine óig agus na hathruithe, dar leo, is gá a chur i bhfeidhm i gcúrsaí teanga dá bharr.

Creidim féin go bhfuil siad ag dul i bhfad róthapa ag an bpointe seo. Samhlaítear dóibh go gcaitheann daoine óga a saol ar fad ar na gréasáin shóisialta, ag téacsáil agus ag léamh ábhair ar líne.

Ar ndóigh, tá an ceart ar fad acu sa mhéid sin. Is fíor go gcaitheann an t-aos óg an t-uafás ama ar líne ach ní chun taighde a dhéanamh ar thograí eolaíochta ná chun staidéar a dhéanamh ar théama an oileáin i bhfilíocht an Direánaigh a bhíonn siad.

Is cinnte nach bhfuil siad ag iarraidh parsáil agus poncaíocht a gcuid Béarla scríofa a fheabhsú ná briathra neamhrialta agus aidiachtaí sealbhacha na Gaeilge a chur de ghlanmheabhair ach an oiread.

Faoi láthair is le pinn a dhéantar scrúduithe stáit sa tír seo. Díreach mar a bhí sé 100 bliain ó shin. Caithfidh daltaí gach ceist a fhreagairt ina gcuid freagarleabhar i bhfoirm scríofa.

Chuige sin, ní mór dóibh a bheith in ann iad féin a chur in iúl go cruinn is go beacht is an teanga a bheith ar a dtoil acu. Ba cheart go mbeadh na bunrialacha gramadaí ar eolas acu. Ba cheart go mbeadh foclóir agus stór focal fairsing saibhir acu.

Ba cheart go mbeadh stíl scríbhneoireachta atá slachtmhar agus taitneamhach acu. Chun na rúibricí seo a bheith acu ní mór dóibh (i) taithí a bheith acu ar an teanga a scríobh, (ii) taithí a bheith acu ar an teanga a léamh, (iii) taithí a bheith acu ar conas struchtúir scríofa na teanga a láimhseáil.

Ní dóigh liom go bhfaighidh siad na rúibricí seo ón idirlíon ná ní dóigh liom go mbeadh fonn orthu iad a lorg ach an oiread.

Leanfaidh an córas seanbhunaithe seo ar aghaidh go ceann i bhfad eile. Go dtí 2022? Go dtí 2029?

Tógfaidh sé infheistíocht mhór ón Stát an droichead idir an córas seanbhunaithe agus an córas nuatheicneolaíochta a thrasnú.

Mairimid i ré idir-ríochta.Tá sé i bhfad róluath le bheith ag fáil réidh le nuachtáin Ghaeilge chlóite, le hirisí Gaeilge clóite, le heagraíochtaí ar nós Comhar na Múinteoirí Gaeilge, le leabhair, le modhanna múinteoireachta a chuireann béim ar cheartúsáid agus ar chruinnscríobh na teanga, le háiseanna teagaisc a chuireann béim ar bhunriachtanais teanga i gcoitinne.

Gan ábhar tráthúil iriseoireachta clóite agus gan smaointeoireacht chriticiúil á fhorbairt, cad as a thiocfaidh an chéad ghlúin eile d’iriseoirí na Gaeilge?

Freagraí, i scríbhinn amháin, go dtí Bosca 999 a luaithe agus is féidir nó níos luaithe fiú.

San idirlinn tá Iolar Impiriúil na Nuatheicneolaíochta ag fanacht is ag faire i dtólamh.

MÍCHEÁL Ó RUAIRC