Spreagadh atá de dhíth ar lucht na Gaeilge

Beidh obair mhór roimh fhear nua an fhorais


Fuair mé post beag lá den tsaol ocrach a raibh neart oibre, mórán dúshlán agus beagán airgid ag baint leis. Ní fada gur tháinig nóta ó chara: “ar cheart dom chomhbhrón nó comhghairdeas a dhéanamh leat?”

Rith an rud céanna liom nuair a chuala mé go raibh leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, molta ag bord an fhorais don chúram mar phríomhfheidhmeannach nua. Aithníonn do chroí go mbeidh sé sásta leis an ardú céime ach cuireann an cloigeann ceisteanna crua ort faoina mbeidh roimhe.

Beidh cúraimí móra troma air agus is é a bheas ag feidhmiú in earnáil pholaitiúil agus chultúrtha nach mbíonn i gcónaí báúil leis an Ghaeilge. Níl rún ag an cholún seo dul siar ar na hiaróga uilig a chiap an foras ó bunaíodh é. Ní bréag a rá go bhfuil cneácha ann agus beidh le feiceáil cad é mar a thabharfas fear dheisceart Ard Mhacha faoin chóir leighis.

An mbeidh an t-eagras in ann dul i bhfeidhm ar na páirtithe polaitíochta, thuaidh agus theas, le cás na teanga a chur chun cinn go héifeachtach don chéad ghlúin eile?

READ MORE

Obair mhór í nó ní bréag a rá go mbíonn go leor de na páirtithe sin fuar sa teanga. Cinnte, bíonn go leor polaiteoirí ar son an chúpla focal ach níl cumhacht ar bith ag baint leis an Ghaeilge. Ní bhíonn i gceist léi ach cúram laethúil leanúnach leadránach. Cá bhfuil an polaiteoir ar domhan a chuirfeadh fáilte roimh a leithéid?

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag an fhoras de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta ach tá deis acu, go fóill féin agus más ar éigean é, cás na teanga a mhúnlú sa chomhthéacs nua polaitíochta agus tionchar áirithe a imirt ar lucht polaitíochta, thuaidh agus theas.

Agus bí ag caint ar an réimse mhór tuairimí atá ag na páirtithe sin den teanga agus an damhsa a bheidh ar siúl ag an fhoras. Cor seisir déag a bheas ann. An dtig leis an eagras, go ciúin ceanndána stuama, cur i gcuimhne do pháirtithe móra na Poblachta – Fine Gael agus Fianna Fáil – go bhfuil níos mó de dhíth orthu agus ar na heagraíochtaí eile ná ‘an cúpla focal’?

Beidh ar an fhoras dul chun cainte leis an DUP agus Sinn Féin, an dá pháirtí is mó san fheidhmeannas sa Tuaisceart, lena gcás a chur. Ní bhíonn na páirtithe sin ar aon fhocal faoi mórán rudaí – ach amháin gur mhaith leo cibé cén chumhacht atá acu a choinneáil acu féin.

An dtig leis an fhoras dul i gcion ar an phobal? Ní áibhéil a rá nach mbíonn a fhios ag an tsaol mhór go minic gurb ann don fhoras ar chor bith. Níl tionchar mór ag an eagras ar an dioscúrsa phoiblí, thuaidh nó theas. Tá an t-uafás riaracháin agus páipéarachais ar an eagras – agus ar na heagraíochtaí a bhíonn ag plé leis – agus níl airgead ag an eagras mar a bhí. (Ceist eile, ar ndóigh, cad é an éifeacht a bhí le caitheamh an airgid go dtí seo.)

Is dócha, má bhíonn baint ag daoine leis an teanga ar chor ar bith, gur de bharr na n-eagraíochtaí deonacha traidisiúnta – Gael-Linn, Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, srl – a bhíonn an bhaint sin acu.

Mar sin féin, is eagras thuaidh-theas é an foras agus oifigí acu sa dá chathair is mó in Éirinn – Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Tá siad i lár an aonaigh chomh fada agus a bhaineann sé le bheith i dteagmháil le lucht cathrach na teanga de agus níor chóir go mbeadh deighilt ar bith idir iad agus an pobal a bhfuil siad in ainm is a bheith ag freastal orthu. “Raghaidh mé síos i measc na ndaoine,” mar a dúirt an té a dúirt!

B’fhéidir nár mhiste don phríomhfheidhmeannach úr ráiteas polasaí dá eagras féin agus don teanga a eisiúint, ráiteas a thabharfadh treoir, eolas agus fís don phobal, lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla?

B’fhéidir nár mhiste don fhoras a rá fosta go bhfuil siad ag tabhairt faoi obair na Gaeilge mar chomhghníomhaí leis na heagraíochtaí eile, go n-aithníonn siad iad féin mar pháirtnéirí san obair mhór seo, go bhfuil lucht na teanga, in ainneoin na n-iaróg uilig, ag saothrú sa ghort chéanna?

Spreagadh atá de dhíth ar lucht na Gaeilge anois – agus is é an rud is iontaí faoin spreagadh nach bhfuil costas ar bith ag baint leis! Leoga, seans gurb é an spreagadh an t-aon rud saor in aisce atá fágtha againn.