Oidhreacht bhalbh

Is é el pacto del olvido ‘socrú an dearmaid’ is mó atá i réim


Bhíodh sé de nath coitianta ann go raibh an dá pháirtí mhóra abhus bunaithe ar ar tharla i gcogadh na gcarad fadó.

Is deacra sin a chreidiúint le fada, anois go bhfuil leathcheann amháin díobh ina luí ar leaba a bháis agus an ceann eile ag déanamh Réamonnaigh díobh féin go tiubh.

Ina dhiaidh sin is uile, maireann scáil bheag éigin den chogadh sin ar imeall íor na spéire, ar nós gach cogaidh chathardha riamh anall.

Bíodh sin mar atá, ní hann beag ná mór do luachanna na linne sin, d’Éirinn sin 20í agus 30í na haoise seo caite.

READ MORE

Tá cúraimí na mblianta sin chomh fada ar gcúl uainn le lorgaireacht na hórchloiche alceimiciúla, chomh marbh le Crom, chomh sínte leis an Laoireach sa reilig. Ceann de cheachtanna rialta na staire (más ann dá leithéid) is ea a ghearrmharthanaí is atá idéal ar bith, nó bua ar bith, nó greim aigne ar bith.

Má bhí bua iomlán riamh i gcogadh cathardha ann, b’é bua Franco é ar rialtas daonlathach na Spáinne sa bhliain 1939.

Maraíodh breis agus leathmhilliún duine sa chogadh sin, cuireadh na céadta míle i bpríosún, lámhachadh na deicheanna de mhílte go dleathach agus daingníodh smacht an rialtais go fíochmhar go dtí go bhfuair an Ginearálismó féin bás le hadhairt sa bhliain 1975.

Ní raibh aon chor de shaol na Spáinne nach raibh go slán faoi choimeád agus faoi chumandracht na n-údarás leis an linn sin.

Gabhann 60 milliún turasóirí chun na Spáinne gach bliain, breis agus milliún ón tír seo. Bhueil, ní fíor ar fad go ngabhann siad chun na Spáinne, ach tuirlingíonn siad ar Sitjeez agus Terry Molino’s agus Benny Dorm agus Sancho Panza.

Seans maith nach bhféadfadh siad áit ar bith díobh a thaispeáint ar léarscáil ach an oiread le huachtarán Meiriceánach sula gcuirfeadh sé na trúpaí isteach.

An stráca sin ar feadh an Chosta del Sol ina bhfuil cónaí ar 300,000 éigin Sasanach, 111,111 Gearmánach (figiúr garbh), Sualannaigh nach gceadaíonn áireamh, na céadta ball den mhafia Rúiseach, teifigh gheaingeanna Éireannacha ó gheaingeanna Éireannacha eile, meirligh, bithiúnaigh, síofróirí, amplóirí, santacháin, baothóga, stróinsí, radairí, seanseadairí agus duine macánta amháin, is é an stráca sin an láthair uirbeach megalopaileach is mó sa tír.

Tá níos mó seomraí oíche ar fáil in Benidorm ná in áit ar bith eile san Eoraip seachas Londain nó Páras. Sna háiteanna seo ar fad rian ná pioc ná boladh d’oidhreacht Franco níl le brath.

Go fiú is dá rachadh na cuairteoirí cúpla orlach lasmuigh dá laagar turasóireachta, b'é a ndícheall taibhse an deachtóra a thabhairt faoi ndeara. Go gairid tar éis a bháis athraíodh go mear ainmneacha na sráideanna nó na cearnóga sin a raibh Avenída del Generalísmo nó Plaza del Caudillo nó a n-amhlachas orthu. Ina bhaile dúchais féin, Ferrol, baineadh anuas an dealbh de agus é ar chapall ar an gcuma chaithréimeach sin a bhíodh coitianta, agus cuireadh ar stóras sa mhúsaem é.

Samhail is ea an méid sin féin dá bhfuil tarlaithe do Fhranco – tá curtha as radharc. Is fíor go bhfuil an rí ar ar bhronn sé an choróin fós ar a chathaoir, ach tá an teaghlach aige siúd á iompar féin mar is dual do theaghlaigh ríogúla, agus an tseachtain cheana dhein lucht leanúna Barcelona faíreach go drochmheastúil faoi ag cluiche peile.

Cé go bhfuil cuid de na scannail a bhaineann lena réimeas á nochtadh diaidh ar ndiaidh – an tslí ar caitheadh le máithreacha agus a gcuid leanaí nach raibh an dath ceart polaitiúil orthu – is é el pacto del olvido "socrú an dearmaid" is mó atá i réim.

Is é sin le rá, bhí blianta an chogaidh agus blianta na deachtóireachta chomh huafásach sin gur aontaigh an dá thaobh a mbéal a choimeád go binn ina dtost.

Go deimhin, cuireadh deireadh leis na focail d’amhrán náisiúnta na Spáinne ionas gurb é an t-aon amhrán dá shórt san Eoraip é gan focail ar bith! Ní hiadna Fianna Fáil, is léir.

Ní hiad na Spáinnigh amháin, áfach, ar mhaith leo dearmad a dhéanamh ar Franco. Nuair a thosnaíonn an Bhreatain ag píopaireacht maidir lena cogadh in aghaidh an Fhaisisteachais, is fiú a fhiafraí cén fáth ar aithin siad Franco míonna fada roimh dheireadh a choncais; agus cad chuige go raibh na Stáit Aontaithe breá sásta dul i bpáirtíocht le Faisisteach aitheanta neamhleithscéalach mar é i dtús na 1950í?

Fuist, fuist!

Thar aon rud eile, áfach, machnaigh go maith air má éiríonn leat an saol a bheith agat ar do thoil féin, tá plean eile ag an saol sin nach é do cheannsa é.