Oidhreacht an Phléaráca

Cothrom an ama seo i 1991 a reáchtáladh an Pléaráca den chéad uair

FOCLÓIR: Poirt oireachais - seats of power, tairne sa bheo - thorn in the side, éisteoirí - listeners, scaitheamh - period of time, seanóirí - elders, scáinte - sparse/threadbare, díbheirg - wrath, bisiúlacht - productivity, gnaíúil - generous.

Cé a bhí freagrach? Ceist a chloistear go mion agus go minic sna poirt oireachais. I gcás Phléaráca Chonamara bhí carachtair éagsúla páirteach i mbunú na féile i 1991.

Sa cheann thoir den tír, bhí Mícheál D Ó hUigínn ina thairne sa bheo ag comhrialtas Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh i gcaitheamh an earraigh úd maidir le ceisteanna Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí Cathal Ó hEochaidh ina Thaoiseach agus Aire Gaeltachta agus geallúint ardfheise tugtha aige go mbunófaí seirbhís teilifíse trí Ghaeilge i Márta 1991. Proinsias Mac Aonghusa a bhí mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge chomh maith céanna. Agus Breandán Ó hEithir, a bhí ar shlí na fírinne ó Dheireadh Fómhair 1990, agus a raibh tuarascáil scríofa aige ar staid láithreach na Gaeilge ar choimisiún ó Bhord na Ghaeilge.

Ba é Mícheál D Ó hUigínn a cheistigh Aire Stáit na Gaeltachta, Pat the Cope Ó Gallchóir, ar an 13 Márta 1991 faoin tuarascáil agus an raibh sé i gceist go bhfoilseofaí í. Ní raibh, a dúradh. Tamall seachtainí ina dhiaidh sin, ar Lá Bealtaine, chuir Pól Mac Donncha agus Tomás Mac Con Iomaire príomhéirim na tuarascála i láthair éisteoirí Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta. Bhí an sop séidte. Cé gur foilsíodh sleachta gairide anonn is anall ar leathanaigh an Irish Times de réir láimh Dhéagláin de Bréadún le linn na Bealtaine, b’éigean fanacht scaitheamh seachtainí eile nó gur chuir Tomás Mac Síomóin an tuairisc go léir i gcló ar eagrán an Mheithimh de Chomhar.

READ MORE

Níor dhochar a lua gur tháinig an tuarascáil seo ar shála na conspóide a bhain le The Death of the Irish Language le Reg Hindley a foilsíodh i 1990. Ní dheachaigh Breandán Ó hEithir ar chúl an chlaí lena chuid cainte ach oiread. Cháin sé ‘seafóid dhainséarach’ na teilifíse Gaeltachta, ‘pócaí scáinte’ na Bréag-Ghaeltachta agus seanmhodhanna ‘seanóirí nár scaoil smaoineamh nua isteach ina gcloigne le blianta fada’ go háirithe. Agraíodh díbheirg ar leith ar an bhfigiúr maol lom de 10,000 cainteoir dúchais Gaeilge a bhí fanta sa tír, de réir a thuarascála seisean.

Sa cheann thiar den tír, ní go réidh a glacadh le staidreamh agus tuairimíocht Uí Eithir. Léirigh coistí pobail agus gníomhaithe teanga ar fud Chonamara míshásamh le hanailís agus tátal na tuarascála. Ba é a bhfreagra siadsan ar an scéal féile bhríomhar phobail a bhunú, Pléaráca Chonamara, agus cothrom an ama seo i mí Mheán Fómhair 1991 a reáchtáladh an Pléaráca den chéad uair.

Ros Muc

Tráthúil go leor, ba in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc, Déardaoin seo caite a rinne triúr den lucht bunaithe Donncha Ó hÉallaithe, Peigí Ní Chonghaile agus Meta Uí Mháille cur síos ar chúinsí bunaithe na féile agus an tionchar a bhí ag an bhféile ar an nGaeltacht ó shin i leith.

Rinneadh saothrú nua as an bpíosa ar na healaíona dúchais mar bhunsraith don fhorbairt pobail a dúirt Peigí Ní Chonghaile. Léirigh féile an Phléaráca féin cén chomaoin a chuireann bisiúlacht chultúrtha ar fhorás sóisialta gan trácht ar mhórtas cine. Agus ba dhóigh léi go raibh tionchar leanúnach an Phléaráca le sonrú sna féilte beaga is móra agus sa chothú atá á dhéanamh sa dúchas ag eagraíochtaí atá ar an bhfód ó shin fearacht Ealaín na Gaeltachta.

Mheabhraigh Meta Uí Mháille go raibh fís leathan shóisialta ag roinnt leis an bPléaráca ón tús, ní hamháin mar fhéile chultúrtha ach mar chlár leanúnach gnímh. Féachadh le freastal ar riachtanais an phobail féin seachas clár réamhshocraithe a chur i bhfeidhm.

Bhí tábhacht le gné láidir oiliúna agus oideachais i gceantair a raibh saibhreas cultúrtha as cuimse iontu ach a bhí beo ar an mbeagán i dtéarmaí fostaíochta. As sin a d’eascair tograí éagsúla a thug a nglór agus a gceart do mhná, don aosach, don óige agus dóibh siúd a bhí ar an imeall.

Chuir Donncha Ó hÉallaithe ina luí ar an lucht éisteachta cén tábhacht a bhain le cumhacht an fhocail scríofa agus cén luach a bhain le foilseacháin áitiúla agus Iris an Phléaráca go speisialta. Cuidiú iontach a bhíodh san iris le maoiniú a bhailiú agus urraíocht ghnaíúil a mhealladh ó ghnólachtaí áitiúla sna chéad bhlianta ach ardán aighneasóireachta agus tuairimíochta a bhí ann freisin.

Chuirtí spéis mhór in eagarfhocail na hirise agus díoladh amach an dara heagrán as éadan nuair a tuigeadh go raibh léirmheas géar cáinteach déanta ar chraoladh Raidió na Gaeltachta ann.

Bhí brabach ar leith ag breis is leathchéad mac léinn de chuid OÉ Gaillimh atá ag tosú ar sheimeastar staidéir a chaitheamh sa nGaeltacht ar chuid cainte an phainéil. Nuair a tháinig deireadh leis an bhFéile agus nuair a scoireadh an eagraíocht i 2014, cheal maoinithe reatha, bronnadh Cartlann Phléaráca Chonamara ar OÉ Gaillimh agus tá teacht ar ailt agus eagráin d'Iris an Phléaráca ar an suíomh: cartlann.ie