Oíche mhór filíochta le bheith i nGaillimh

Filí ag léamh sa Taibhdhearc

Beidh ócáid ar leith filíochta sa Taibhdhearc, Gaillimh, Déadaoin ag 7p.m. Triúr filí comhaimseartha Gaeilge – Dairena Ní Chinnéide, Simon Ó Faoláin agus Louis de Paor – a bheas ag léamh agus tá saorchead isteach ann.

De bhunadh Chorca Dhuibhne í Dairena Ní Chinnéide agus is é Fá Gheasa/Spellbound (Arlen House) an cnuasach is nuaí dá cuid.

Is as Baile Átha Cliath do Simon Ó Faoláin agus is é Fé Sholas Luaineach (Coiscéim) an cnuasach is déanaí dá chuid.

Tháinig Louis de Paor ar an tsaol i gCorcaigh agus d'fhoilsigh Bloodaxe mórdhíolaim dhátheangach filíochta Ghaeilge dá chuid, Leabhar na hAthghabhála/Poems of the Repossession anuraidh.