Nimh sa euro

Tá rud éigin briste agus ní fheadar an dtig linn é a chur le chéile arís


Cibé deireadh a bheidh ar chás na Gréige, tá dochar nach beag déanta ag an ngéarchéim seo don Aontas Eorpach.

I dtéarmaí sláinte eacnamaíoch an euro, bhí an dá sheachtain seo tubaisteach.

Chonacthas don domhan mór den chéad uair b’fhéidir nach córas buan seasta airgid reatha é an euro ach socrú níos scaoilte a d’fhéadfadh athrú de réir mar a athraíonn cúrsaí inmheánacha na mballstát.

Chonacthas freisin géarchéim áitiúil á láimhseáil go ciotach agus go brúidiúil ag ceannairí na hEorpa, rud a leathnnaigh an trioblóid ar fud an Aontais agus a bhain go mór den mhuinín a bhí ag daoine sa gcomhphobal ar fad.

READ MORE

Ní hé nach raibh locht ar an mbealach ar thug rialtas na Gréige faoin bhfadhb a réiteach. Níorbh aon chabhair uaireanta an stíl stoirmiúil margáintíochta a chleachtaigh an tAire Airgeadais Yanis Varoufakis, a d’éirigh as Dé Luain, chun an caidreamh idir an dá thaobh a fheabhsú.

B’é an locht ba mhó a bhí ag Varoufakis ná gur dhúirt sé an fhírinne mar a chonaic seisean í, á rá glan amach gan srianta nó gan anlann na taidhleoireachta.

Ní nós é seo a thaitin le hardcheannairí na hEorpa go háirithe nuair a luaigh sé “sceimhlitheoireacht” leo.

Ach, más olc an damáiste a rinneadh don euro, tharla rud eile le coicís anuas a mbeidh impleachtaí móra aige amach anseo.

Tugadh léargas drámatúil don bpobal anseo agus i mballstáit eile den modh oibre a úsáideann an Troika chun brú a chur ar thíortha a bhíonn i sáinn agus ba ghránna an radharc í.

Más focal thar fóir é “sceimhlitheoireacht” agus in ainneoin “dea-mhéin” cheannairí an AE, chonacthas dona lán daoine go ndearnadh cinneadh san Eoraip rialtas sóisialach na Gréige a athrú – lámh láidir a chur go díreach i ndaonlathas ballstáit.

B’fhéidir nach bhfuil aon bhunús leis an tuairim sin, ach is í sin an chuma a bhí air.

Ar a bharr sin, chonacthas rialtais bhallstát a bhí báúil le pobal na Gréige ag taobhú lena gcomhleacaithe móra san AE seachas lena bpobail féin – ár rialtas féin ina measc.

Is é sin go raibh a gcéad dílseacht do na páirtithe a bhfuil siad ceangailte leo san Eoraip seachas do dhearcadh a bpobal féin.

Tar éis na géarchéime seo, tá nimh curtha sa gcaidreamh idir an Aontas agus na milliúin daoine san Eoraip.

Tá rud éigin briste agus ní fheadar an dtig linn é a chur le chéile arís.

Ná tabhair ar ais an oíche aréir

Ba thráthúil sa tseachtain inar fógraíodh go mbeadh méadú eile ar phinsin fhlaithiúla ár n-iar-airí, gur chualamar

apologia

ó bheirt acu.

Bhí ‘a lá sa gcúirt’ ag Charlie Mc Creevy, iar-Aire Airgeadais, agus ag Brian Cowen, iar-Aire Airgeadais agus iar-Thaoiseach, agus iad á gceistiú ag an gComhchoiste Fiosrúcháin faoin nGéarchéim Bhaincéireachta.

Léamh éagsúil a bhí ag tráchtairí áirithe ar an gcur i láthair a thug an bheirt acu.

Bhí comhfhreagróirí áirithe le ceangal ag an easpa aithreachais a léirigh siad. Bhí dream níos soiniciúla ann a bhain sult as an aclaíocht ealaíonta lenar sheachain ár laochra gaistí na sealgairí.

Bhí Cowen go háirithe ar a sháimhín só, amhail is nár tharla tubaiste agus amhail is nach raibh aon bhaint aige leisean a bheag nó a mhór.

Thug siad ar ais cuimhní den éirí in airde sin a bhíodh mar thréith d’Fhianna Fáil agus iad i gcumhacht. Ní raibh aon cheann faoi nó náire le feiceáil.

Leoga i gcás Cowen, bhí an chuma air go raibh sé ag sú ocsaigine as an iomaíocht le Teachtaí Dála an choiste.

B’ábhar sásaimh dó bheith i lár an aonaigh agus i mbéal an phobail arís.

Ach freagracht?

Ní raibh sé sin i gceist. Bhí sé ag gníomhú de réir an chomhairle is fearr a fuair sé, a dúirt sé, agus dá mbeadh a fhios aige ansin na rudaí atá ar eolas aige anois, bheadh athrú poirt ann.

Don bheirt acu, ní raibh sna ceisteanna ach míoltóga a chuir as anois agus arís dóibh.

Mar sheanpholaiteoirí tá siad beirt oilte ar cheist a úsáid le dul ar seachrán a mheilfeadh uair nó dhó.

Go fírinneach, níor leagadh miotóg ar cheachtar acu. B’fhánach an cúrsa ag na Teachtaí a shíl iad a mhealladh.

Cé go bhfuil obair mhaith déanta ag an gComhchoiste Airgeadais roimhe seo i bhfiosrúcháin faoi neart ábhair eile, ní fheadar an bhfuil an leagan amach seo éifeachtach nuair a bhíonn polaiteoirí ag ceistiú polaiteoirí eile.

Bíonn cathú ar na Teachtaí úsáid a bhaint as an ócáid chun a leasa féin – go háirithe os comhair na gceamaraí.

B'fhéidir go mbainfí léargas nua as Cowen nuair a thiocfadh sé fá choinne a encore.

Ach is mór idir comhrá cois tine i measc polaiteoirí agus dlíodóirí oilte ag cur ceiste amháin agus á leanúint ar nós coin.

Uaireanta is fearr an oíche aréir a fhágáil mar atá sí.