“Ní neart go cur le chéile”

D’fhéadfaí cruachás teangacha an domhain atá á ndíothú a tharraingt anuas sna Náisiúin Aontaithe

FOCLÓIR: Comhpháirtíocht - copartnership; meitheal - working party; dlúthpháirtíocht - solidarity; comhar - combined work/mutual assistance; feachtas - campaign; sprioc - goal; bagairtí - threats; cruachás - predicament; fimínteacht- hypocrisy.

‘Ní neart go cur le chéile.’

Sin abairt a chloistear agus a scríobhtar go minic.

Cuireann sé comhpháirtíocht, meitheal agus dlúthpháirtíocht in aigne. Tréithe agus nósanna iontaofa agus inmholta iad sin a bhíodh fréamhaithe in aigne agus i ngnáth shaol na ndaoine tráth dá raibh. Ach, ar an dea uair, níl deireadh ar fad leis na suáilcí sin.

READ MORE

Fiú sna ceantair ba thúisce ina bhfuair an Béarla an lámh in uachtar breis is dhá chéad bliain ó shin, ina measc Contae Laoise, go dtí le gairid chloisfeá caint ag feilméirí ar ‘koorin’. Comhar na gcomharsan a bhí i gceist acu ar ndóigh. Thagadh na daoine i gcomhar lena chéile chun obair a chéile a dhéanamh.

Luaim an nath a dhéanann cur síos ar an gcomhpháirtíocht sin, “ní neart go cur le chéile” mar gur baineadh úsáid as i leabhrán a bhí faoi chaibidil againn anseo cheana.

Foilsíodh ‘Tús Eolais d’Iarratas na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe’ anuraidh mar chuid de fheachtas an rialtais chun ionad sealadach a bhaint amach ar an gComhairle Slándála.

D’éirigh leis an bhfeachtas sin agus tá guth, go ceann tamaill ar aon nós, ag an stát ar an gcomhairle is tábhachtaí sa pholaitíocht idirnáisiúnta.

Agus sprioc an fheachtais (ar caitheadh €900,000 air) bainte amach, b’fhiú cuimhniú ar na gealltanais a tugadh:

“Ní leor cuir chuige aontaobhacha. Creideann Éire go bhfuil iltaobhachas ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá amach romhainn. Ní neart go cur le chéile,” a deirtear arís sa leabhrán.

“Mar thír, tuigimid an coilíniú, an choimhlint, an gorta agus ollimirce agus tá macallaí de stair na hÉireann le sonrú in aidhmeanna agus i gcuspóir Chairt na Náisiúin Aontaithe.”

“Léiríonn muintir na hÉireann flaithiúlacht agus dlúthpháirtíocht tríd an bhfreagra a thugann siad ar thubaistí daonnúla, idir thubaistí arb é an duine féin is siocair leo agus tubaistí nádúrtha, ar fud an domhain,” a deirtear.

Tá gnóthaí móra le déanamh ag na Náisiúin Aontaithe. Tá athrú aeráide, cás na dteifeach, an phaindéim, cogaí, anró, diúltú an chomhionannais agus géarchéimeanna eile nach iad ag bagairt orainn uile.

Gealltar san leabhrán go seasfaidh Éire leo sin a bhfuil cabhair uathu agus go dtabharfaidh sí guth dóibh siúd nach mbíonn i láthair ag an gComhairle Slándála. “Ní neart go cur le chéile,” mar a deirtear arís eile.

Ciúnas
Tá sin go breá ar fad! Ach, cé gur éirigh le feachtas Rialtas na hÉireann an suíochán a bhaint amach sna NáisiúinAontaithe, tá rud in easnamh ar na gealltanais.

Cuirtear béim mhór ar stair na hÉireann. Is fíor sin. Déantar tagairt don tionchar a bhí ag an nGorta Mór ar fhéiniúlacht na tíre seo agus ar an dearcadh a bhíonn againn ar thubaistí thar learr dhá bharr.

Go maith, ach níl tada ráite sa leabhrán faoi imeallú, malartú, nó faoi mharú teanga - ceann de na builí ba bhuaine a d’fhulaing an tír seo de bharr an chóilíneachais.

I leabhrán fheachtas an rialtais, agus stair na hÉireann á lua mar cháilíocht don suíochán ar an gComhairle Slándála, níor luadh sin. Ní rud nua é sin ar ndóigh. Nach minic polasaithe náisiúnta agus tionscnaimh mhóra rialtais a bheith go hiomlán dall ar an nGaeilge?

Ní gá ach tuairiscí an Choimisinéir Teanga a léamh le léargas cuimsitheach a fháil ar dhearcadh an stáit maidir leis sin agus le tuiscint a fháil ar na bealaí ina seachnaítear dualgaisí a bhaineann le hathbhunú na teanga. Deineadh cur síos sa cholún seo go minic cheana ar an teip léanmhar seo agus ní dhéarfar níos mó faoi an babhta seo, ach baineann sé le hábhar.

Deis
I gceapachán conspóideach Katherine Zappone, "chun saoirse cainte a chur chun cinn tríd na Náisiúin Aontaithe," níor luadh an tsaoirse cainte is bunúsaí - saoirse teangacha agus a bpobal chun maireachtáil.

Ó tharla go bhfuil fréamhacha an stáit Éireannaigh i ngluaiseacht athbheochan teanga, nach trua agus cuspóirí an phoist á gceapadh, nár chuimhnigh an rialtas gur deis iontach é don stát a bheith ina cheannródaí idirnáisiúnta ar ghluaiseacht idirnáisiúnta chun oidhreacht teangacha an chine daonna a chosaint.

Ach níl sé ró-dheireanach don rialtas leas fiúntach a dhéanamh roimh dheireadh a dtréimhse mar chomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe.

Beidh deiseanna iontacha acu anois labhairt amach thar cheann na 6,900 teangacha ar fud an domhain atá i mbaol báis

Tá fíor dheis acu, más mian leo é a thapú, polasaithe a mholadh ar an gComhairle Slándála a thabharfadh cosaint, fiú más cosaint mhórálta féin é, do na teangacha agus a bpobail atá i mbaol.

D’fhéadfaí cruachás teangacha an domhain atá á ndíothú a tharraingt anuas sna Náisiúin Aontaithe. D’fhéadfaí luach ollmhór daonna gach teanga acu a chur in iúl ar an árdán iomráiteach agus feiceálach atá ar fáil anois. D’fhéadfaí brú a chur ar na stáit sin atá ag marú na dteangacha trí pholasaithe díothaithe nó tríd an neamhspéis. D’fhéadfaí forálacha idirnáisiúnta cosanta a éileamh.

B’fhéidir, agus stair a dtíre féin á thabhairt chun cuimhne go ndéarfaí gur fimínteacht é, ach is féidir le gach duine agus gach stát aithrí a dhéanamh!

Agus anuas ar leas na dteangacha atá i mbaol a chur chun cinn ar an gComhairle Slándála, b’fhéidir go dteastódh ceapachán sealadach chun an polasaí seo a áitiú go díreach agus go pearsanta ar na ballstáit.

Léiríonn imeachtaí na míosa seo gur féidir leis an rialtas, nuair a fheileann sé dóibh, toscaire ar leith do na Náisiúin Aontaithe a cheapadh chun cuspóirí ar leith a áitiú go díreach ar na stáit agus ar eagrais mhórmheáin .

Nach bhféadfaí “Toscaire Speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe ag plé le Teangacha atá i mBaol, Saoirse Tuairimíochta agus Cainte” a thabhairt ar phost nua a mbeadh réiteach ar chruachás fhormhór teangacha an domhain mar chuspóir aige?

D’aithneodh sin gur saoirse cainte é an tsaoirse chun do theanga féin a bheith agat. Thabharfadh sin bunús fírinneach, macánta do “Ní neart go cur le chéile”.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.