Moltar an mórshiúl

Moltar an mórshiúl. Moltar na mílte. Moltar Lá Mór na Gaeilge.

Is go réidh a thagann na focail "ardú meanman" agus "tógáil croí" chun béil agus tú ag amharc ar na mílte – suas go 10,000 duine, de réir lucht eagraithe – a shiúil i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus iad "dearg le fearg" ar son na teanga.

Cur i gcuimhne
Ní miste cur i gcuimhne do pholaiteoirí, do na meáin chumarsáide agus leoga, do na Gaeilgeoirí gairmiúla féin, go bhfuil fíordhaoine ar son na Gaeilge.

Beidh mórán daoine ar cás leo an teanga ar son na n-éileamh atá lucht eagraithe na hócáide, Conradh na Gaeilge: seirbhís Stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta faoi dheireadh 2016; seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla; Acht Gaeilge a achtú ó thuaidh; Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach.

Sásta
Is ait an mac é saol na Gaeilge, gan amhras. Dá rachfá siar 100 bliain agus a rá le lucht na Gaeilge an t-am sin go mbeadh críochdheighilt in Éirinn ach go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar chéad teanga oifigiúil de chuid an Stáit seo, go mbeadh an teanga á teagasc in áiteanna iargúlta ar fud na hÉireann, go mbeadh aicme ollscoile le Gaeilge agat, chan amháin in Éirinn ach thar lear, go mbeadh an teanga á labhairt go fóill – más ar éigean é – i mórán ceantar Gaeltachta, go mbeadh nasc idirnáisiúnta idirlín ar fáil do lucht labhartha na teanga, agus go mbeadh feidhmeannaigh ag plé leis an teanga go laethúil, nach orthu a bheadh gliondar?

An mbeadh siad den bharúil go raibh toradh mar ba cheart ar a gcuid iarrachtaí?

READ MORE

Déarfainn go mbeadh mórán acu sásta; déarfainn nach gcreidfeadh mórán acu an cruth atá anois ar chúrsaí, gur ar éigean a chreidfeadh siad a raibh déanta – rud nach ionann agus a rá nach mbeadh siad ag máirseáil arís.

Nach é sin an donas a bhainean leis an teanga? Tá an oiread sin bainte amach ach, ina ainneoin sin, braitheann mórán de lucht na Gaeilge nach leor é, nach fada uainn uilig bá an Bhéarla.

Tá sin intuigthe agus ní gan chúis atá an imní.

Mar sin féin, is é an dara donas a bhaineann leis an Ghaeilge nach cumhacht a bhíonn i gceist léi ach cúram, cúram leanúnach trom nach n-imíonn in am ar bith, nach n-éiríonn níos éadroime in am ar bith.

Fadhb
Ní luaithe fadhb amháin sáraithe go dtagann an dara fadhb; ní luaithe freagra tugtha ar cheist amháin go gcuirtear an dara ceist.

Streachailt gan stad gan staonadh agus ní fearg a choinníonn an dé ionat ach stuaim dháigh.

Agus na daoine nach bhfuil Gaeilge acu, amharcann siad ar lucht na teanga mar a bheadh scata Trekkies iontu, iad ag éirí tógtha le fantaisíocht Ghaelach éigin nach ann di i ndáiríre.

Bíonn cuid acu múinte, cuid eile drochmhúinte. Bíonn cuid acu fiosrach agus mórán eile aineolach. Ach ní bréag a rá gur ar éigean a roinneann lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla an pláinéad céanna, gan a bheith ag caint ar an tír chéanna.

Moltar an mórshiúl. Moltar na mílte. Moltar Lá Mór na Gaeilge. Níl le déanamh anois ach an cheist, an chúis, an crá croí, a chur os comhair an phobail agus na bpolaiteoirí, bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh, go ceann 364 lá eile.

Agus is maith go bhfuil daoine lán misnigh ann le tabhairt faoin fhéilire sin a líonadh.

PÓL Ó MUIRÍ