Meon na ndaoine i leith fadhbanna intinne ag athrú

Tá daoine ag tosú a chaint faoi fhéinbhás


Chuir Robin Williams lámh ina bhás féin le linn an tsamhraidh, rud a bhain geit ollmhór asam féin agus as a lán eile.

Laoch a bhí ann agus atá ann i gcónaí – Mrs Doubtfire, Aladdin, Dead Poets' Society, The Birdcage, níl sna scannáin iontacha sin ach sciar beag den mhéid a rinne sé.

Conas a d’fhéadfadh duine de na haisteoirí is cáiliúla agus is rathúla ar domhan deireadh a chur lena shaol féin?

Go fíoréasca.

READ MORE

Mar a dúirt Úna a labhair faoina taithí féin mar chuid den fheachtas Little Things: "D'fhéadfá a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus na mílte duine thart ort ach, fós féin, dar leat gur tú an té is uaigní ar domhan."

An té a chuireann lámh ina bhás féin, ní léir dó go bhfuil aon mhaith ann féin. Galar intinne atá ann, galar a fhaigheann an lámh in uachtar ar a lán daoine.

Fadhb dhomhanda is ea an féinmharú, ach léiríonn figiúirí gur fir is mó atá i mbaol. In 2011, chuir 458 fear lámh ina mbás féin in Éirinn. 96 bean a cailleadh ar an gcaoi chéanna.

Ní gnách le fir a bheith ag caint faoina gcuid mothúchán. Ní thagann sé chucu go nádúrtha.

I sochaí an lae inniu, agus riamh cheana, léirítear fir mar dhaoine atá níos láidre ná mná. Go deimhin, is é a ndualgas na mná a chosaint. Ní dual dóibh bheith ag caoineadh.

Tá a shliocht sin ar na figiúirí maidir le féinmharú. Níl ach figiúirí sealadacha againn go fóill i gcomhair 2012, ach léiríonn siad an nós céanna: 413 fear i gcomparáid le 94 bean.

Tá ualach náire agus rúndachta thart timpeall ar an ngalar dubhach agus ar fhadhbanna intinne eile ach táimid ag fáil réidh leis an ualach sin píosa ar phíosa.

Tá níos mó daoine ag teacht amach anois le labhairt faoi na fadbhanna seo. Brú Thosaigh Cumann Lúthchleas Gael (CLG) an feachtas "We wear more than our county colours" i mbliana.

Bhí siad ag iarraidh aird na ndaoine a tharraingt ar an mbrú a bhíonn ar imreoirí peile agus iománaíochta.

Tá CLG buailte go dona le féinmharú le roinnt bliana anuas.

“Chuir muid roinnt ceardlann ar siúl le fáil amach céard a bhí ag teastáil ó na himreoirí,” a deir urlabhraí CLG, “Bhí muid ag iarraidh dul i ngleic leis an nós seo atá ag fir gan labhairt faoi rudaí go dtí go bhfuil fadhb ollmhór acu.

“Táimid ag iarraidh go labhróidh siad faoi ghnáthchúrsaí an tsaoil agus faoi na rudaí a chuireann isteach orthu”.

Tá lucht CLG iontach sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an bhfeachtas go dtí seo.

“Tá ardú ar líon na mball atá ag tabhairt airde ar a meabhairshláinte anois agus atá ag lorg cabhrach,” a deir urlabhraí na heagraíochta.

“Nuair a smaoiníonn daoine ar an tsláinte intinne, smaoiníonn siad ar an ngalar dubhach, ar scitsifréine nó ar dhúlagar dépholach. Is galair mheabhrach iad sin go léir. Ní smaoiníonn daoine ar an aigne mar rud atá againn go léir, rud a gcaithfimid uilig aire a thabhairt di.”

Is eagraíocht é Mental Health Ireland a théann i measc na ndaoine le labhairt leo faoi mheabhairshláinte. Tá siad ar aon fhocal le hurlabhraí CLG faoin ngá atá le caint oscailte.

“Tá daoine ag labhairt amach faoi níos mó anois,” a deir Jill O’Herlihy, “Tá daoine cáiliúla ag labhairt amach faoi, ar nós Bressie agus na laochra spóirt. Dá bharr sin, tá an teanga ar eolas ag daoine. Tá a fhios acu cad iad na focail is ceart a úsáid chun a gcuid mothúchán a chur in iúl do dhaoine eile.”

Má tá na heagraíochtaí móra, daoine cáiliúla agus na meáin ag labhairt amach faoi mheabhairshláinte, ciallaíonn sé sin go mbeidh gnáthmhuintir na hÉireann – agus gnáthmhuintir an domhain – sásta labhairt amach faoi freisin.

Ní hé an galar meabhrach is measa ar fad, ach drogall a bheith ar dhaoine cabhair a lorg.

Seans go mbeidh a oiread seo sochair le baint as bás Robin Williams: níos mó daoine a bheith ag caint faoi fhéinmharú agus faoi na fáthanna a dtarlaíonn sé.

Ní mór an náire agus an rúndacht a bhaineann le galair mheabhracha a ruaigeadh.

Táimid ag dul sa treo ceart, ach nílimid ann go fóill.