Leabhrán nua le Gael Linn

Aistí Béarla ar shaíocht na Gaeilge

Seolfaidh Gael Linn leabhrán Béarla – Aspects of a Shared Heritage: essays on linguistic and cultural crossover in Ulster – Dé Máirt 28ú Iúil in Amharclann an Marketplace, Ard Mhacha, ag 5.30pm.

Tá 12 aiste bheag agus píosaí tuairimíochta ar ghnéithe éagsúla de stair na teanga agus ar chúrsaí cultúir san fhoilseachán.

Déanann na húdair cur síos ar logainmneacha, shloinnte, an traidisiún Protastúnach, ar chúrsaí ceoil agus ar cheisteanna féiniúlachta.

Ar na scríbhneoirí, tá an tOllamh Mícheál Ó Mainnín, an Dochtúir Art Hughes, an craoltóir Brian Mullen agus oibrithe teanga ar nós Gordon McCoy, Linda Ervine agus Aodán Mac Poilín. Foilsíodh an leabhar seo cheana ach leagan athchóirithe atá i gceist anseo.

READ MORE

Is é dóchas an eagarthóra, Réamonn Ó Ciaráin, go mbeidh an leabhar “informative, inspirational and help to disperse some of the myths surrounding the Irish language and culture”.

Bíodh is go mbaineann an leabhrán le cúrsaí an Tuaiscirt, déarfainn go mbainfeadh duine ar bith tairbhe as na haistí ar stair na teanga, chúrsaí ainmneacha pearsanta, logainmneacha agus ceoil.

Tá ábhar machnaimh ann ach ní doiligh na píosaí a léamh.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times