Gradam do Gabriel Rosenstock agus Áine Ní Ghlinn

Bronnadh dhá ghradam ar dhá leabhar Ghaeilge ag gradaim Leabhair Pháistí Éireann i mBaile Átha Cliath inné.

Thug na moltóirí gradam ficsin d'Áine Ní Ghlinn as a leabhar, Daideo. Mhol siad an saothar as a bheith "fíorchliste so-léite".

Scéal atá ann faoin aithne a chuireann seanduine agus buachaill ar a chéile agus iad ar turas traenach.

Gradam speisialta moltóirí a tugadh do Gabriel Rosenstock agus Brian Fitzgerald as a leabhar, Haiku – Más é do thoil é! "Saothar fíorshuimiúil, fileata é seo," a dúradh.

READ MORE

Chreid siad nárbh fhada go mbeadh an léitheoir faoi gheasa ag draíocht an fhile”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times