Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha – ficsean agus saothar taighde san iomaíocht don duais

Sé leabhar san iomaíocht don duais mhór

Sé leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana, duais bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Tá úrscéalta, gearrscéalta agus saothar taighde i measc na leabhar atá san iomaíocht.

Is é I dTír Strainséartha (Leabhar Breac) le Liam Mac Cóil, an dara húrscéal i sraith atá suite in Éirinn agus ar mhór-roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha i ndiaidh Imeacht na nIarlaí.

Úrscéal eile de chuid Leabhar Breac atá in Na Comharthaí le Darach Ó Scolaí, leabhar ina scrúdaíonn an t-údar téama na géillsineachta agus na saoirse.

READ MORE

Idir Neamh is Talamh (Cló Iar-Chonnacht) is ainm do chnuasach gearrscéalta le Joe Steve Ó Neachtain. Tá scéalta anseo faoi iontais na hóige agus faoi uaigneas na seanaoise.

"Scéilíní fánacha" an cur síos a dhéantar ar Ibíotsa (Cois Life) le Labhrás Ó Finneadha, scéilíní a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte oileán Ibíotsa.

Scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina pháiste, atá in Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal (Futa Fata) le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Fidléir agus file a bhí ann a chaith a shaol ag fánaíocht faoi chontae na Gaillimhe.

Leabhar taighde eile atá in Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora (Cló Iar-Chonnacht) le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt.

Tugann na húdair léargas ar scríbhneoirí, ar litríocht Ghaeilge agus ar chúrsaí tráchtála na linne agus lucht an chomhlachta ag iarraidh leabhair a chur i gcló.

Dúirt stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, go raibh “scríbhneoirí den scoth” ag saothrú na teanga.

Fógrófar buaiteoir an ghradaim, chomh maith le buaiteoirí na gComórtas Liteartha ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Citywest, 28ú Deireadh Fómhair.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times