Fianaise bhocht aoire gabhar

‘Níor thuig mé d’fhocal uaidh ach Irlandesi. Ba dhóigh leat go raibh cosaint ann in aghaidh an bháis. An t-amadán…’


Toisc go mbeidh an hurlamáboc bliantúil timpeall ar fhéasta fola na n-impireachtaí faoi lánseol arís an tseachtain seo chugainn, mheasas an teistiméireacht shimplí shaonta seo a thabhairt chun solais roimh ré.

Thángthas air in aircívleanna Istanbul ach bhí oiread eile scéalta ba thábhachtaí ná é le hinsint gur fágadh i leataoibh na slí é.

Liomsa an t-aistriúchán agus tá an litriú tugtha chun normáltachta agam:

“Is mise Ahmed *****. Aoire gabhar mé. Níl a fhios agam cén aois mé go cruinn, ach deir siad nach bhfuil sé gheimhreadh dhéag fulangtha fos agam.

READ MORE

Is ea, leis. Tá cónaí orm in ******. Fearann beag a bhí ag m’athair nuair ba bheo dó. Is ea, beidh a fhios agaibh go bhfuil seo i ngar do *****.

Ba bheag rud ab fhearr liom ná a bheith ar imeall na faille ag féachaint amach ar an muir. Amuigh ansin bhí an domhan mór. Ach ba lag a shíl mé go dtiocfadh an domhan mór ions orm féin.

“Ní mise an chéad duine a chonaic ag teacht iad, na longa fada liatha agus soc orthu mar a bheadh ar ollphéist locha. Bhí ár gcuid saighdiúirí baile timpeall an bhaill ag faire íor na spéire, cuid acu nach mór chomh hóg liom féin.

Caint thar chogadh bhí ag snámh ar an aer, ach ní mó gur thuig mé féin ná mo mháthair cad ba bhrí leis. Bhain cogadh leis na leabhair a bhí agam ar scoil, nuair a bhínn ar scoil. Bhí oiread tuisceana ag na gabhair agus a bhí agam féin.

Fós féin bhí siad ag teacht, na longa liatha. D’fheicinn thíos uaim iad ag bun na faille. Níor cheapas an t-am sin go raibh adharca bó ar a gcloigne acu, ach ní mearbhall ar fad a bhí orm, mise á rá leat.

Ar feadh tamaill ba mhór an spórt é a bheith ag faire ár saighdiúiríne ag caitheamh urchair síos orthu agus iad ag titim ar thalamh is ar thrá.

Níor shamhail iad ach na seangáin a mbímis ag clachairt faoi chlocha sa tsamhradh nuair nach mbíodh pioc eile againn le déanamh.

Ba dhóigh leat go raibh sméara deargadh á bpléascadh san uisce is a raibh de spotaí rua á dheargadh.

Níor cheapas go dtiocfadh go lic an dorais agam féin é a choíche ná go deo. Níor iarras de shaol ach aire a thabhairt dom mháthair is dom chuid gabhar.

Is ea, b’fhearr liom féachaint amach ar an bhfarraige nuair nach raibh na longa liatha ann.

Níor dheonaigh Allah, áfach, gur mar sin a bheadh.

Sa scioból a fuaireas é an lá sin, leathchos leis nach mór ar sileadh uaidh.

Fuil ina slaoda is é ag éamh chun a mháthar. Mo mháthairse a tháinig i gcabhair air mar bhí seanchleachtadh aici ar aire a thabhairt do na gabhair a thit le fána.

Bhaineamar an éide saighdiúra de agus chuir mé a ghunna i leataoibh.

Ní raibh aon dochar anois ann, cé gur tháinig sé chun sinn a mharú.

B’in rud, gan amhras, nár thuig mé beag ná mór. Eisean ag teacht ón taobh eile den domhan chun mise is mo mháthair a mharú.

Caithfidh mé a rá nach gcuimhneoinnse ar phrás ná ar niocail gunna a thógaint, dul ar bhord loinge agus aoire gabhar ar an taobh eile den domhan a mharú.

Mar sin féin, ní raibh aon olc ina ghnúis. Bhí pian ann agus eagla. Bhí sé tar éis lamhacán chugainne tar éis gur maraíodh a chomrádaithe.

Ní raibh sé ag iarraidh aon dochar a dhéanamh dúinn anois, cé gur dócha go maródh sé sinn cúpla nóiméad roimhe sin.

B’ait liom é. B’ait liom é go léir.

B’ait liom go ndéanfadh sé ionsaí orm. Ná ar mo mháthair is ar ár gcuid gabhar.

Níor dhein mise ná mo chuid gabhar aon ionsaí air siúd. Ní chuimhneoinn a choíche ná go deo ar mo chuid gabhar a chur ar féarach ar a fhearann seisean.

Bhí sé ina luí ansin agus an fhuil ar sileadh leis. Theastaigh uaim labhairt leis is a fhiafraí dhe cén fáth ar theastaigh uaidh mise a mharú, is mo mháthair a éigniú, is mo chuid gabhar a chaitheamh le faill.

Ach níor thuig mé a chuid cainte. Níor dheonaigh Allah dom go dtuigfinn. B’fhéidir go raibh cúis aige. B’fhéidir go bhfuil praghas na ngabhar chomh híseal sin amuigh siar gur gá teacht chugainne chun iad a ghoid.

Níor thuig mé d’fhocal uaidh ach Irlandesi. Ní mó ná thuig mé é, ach bhí á rá chomh fiata sin nach foláir nó bhí brí éigin leis.

Bhí idir sceon agus dhóchas ina shúile agus é á phlobarnáil aige. Ba dhóigh leat ar an bhfocal sin uaidh go raibh cosaint ann, saghas ortha in aghaidh an bháis.

An t-amadán…”